Conamara níos fearr 'faoi Rialtas na Banríona'

Is mo aird a bhí ar Chonamara ag Rialtas Shasana ná atá ag an Stát seo ar anois. Sin é a bhí le rá ag an gComhairleoir Contae, Seosamh Ó Cuaig agus é ag labhairt ag cruinniú poiblí ar an Teach Dóite an tseachtain seo.

Nuair a tháinig Pádraig Mac Piarais go Ros Muc 100 bliain ó shin is ar an traein a tháinig sé - agus bhí sé in ann a theacht as Baile Átha Cliath go dti doras an tí seo, a deir Ó Cuaig.

Sa Teach Dólte a tháinig an Piarsach den traein agus é ar a bhealach go Ros Muc. Bhain cruinniú na seachtaine seo ar an Teach Dóite leis an mbail atá ar an bpriomhbhóthar as Gaillimh siar chun an Chlocháin agus as sin amach don Lionán, sin é an N59. Dúirt Ó Cuaig gur cosúil nach bhfuil aird dá laghad ar Chonamara i dTeach Laighean agus go bhfuil an áit fágtha ar an bhfaraor géar ar bhealaí go leor.

"Théis a bhfuil de chaint ann faoi thimpeallacht Chonamara, níl againn ach scéim cheart séarachais amháin taobh thiar den Choirib," adeir Ó Cuaig "agus sin i scéim Mhaigh Cuilinn. Tá an N59 fágtha mar atá sé - d'fhéadfainn a bheith ag caint liom ar feadh uair an chloig. Ach, cén mhaith. Tá an ceantar buailte.

Bhi Rialtas na Banriona sásta líne traenach agus seirbhís traenach a chur ann - beart mór a bhi ann. Cá bhfuil ceannródaiocht agus beartais an Stáit seo i gConamara anois?" a d'fhiafraigh O Cuaig.

Máirtin Ó Catháin Foinse 27/4/2008


Baile