Sceitimíní toghcháin

Tá Éamon fós i réim! In ainneoin na ráflaí ar fad nach raibh an oiread sin geana ag 'Biffo' air, cruthaíodh gur treise an pholaitíocht ná an cairdeas agus athceapadh an tAire Ó Cuív i mbun Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, rud a fhágann daoine áirithe sásta agus daoine eile nach bhfuil baileach chomh sásta - b'fhéidir é féin, fiú!

Ach, is cuma cén dearcadh atá agat faoi, caithfear creidiúint mhór a thabhairt d'Éamon Ó Cuív as a bheith coinnithe ag bord an Rialtais geábh amháin eile.

Is léiriú é sin ar an ngreim daingean atá aige ar a shuíochán dála agus an tacaíocht atá aige i measc chosmhuintir Fhianna Fáil in iarthar na tíre.

Caithfidh go bhfuil díomá áirithe air mar sin féin nach ardú céime a fuair sé, a thabharfadh deis dó dul chun cinn breise a dhéanamh sa bpáirtí amach anseo.

Ar léiriú é ceapachán na nAirí Sóisearacha, áfach, go bhfuil ré Frank Fahey thart?

Bhí na tuairisceoirí ar fad ag ceapadh go bhfaigheadh fear na Gaillimhe ardú céime óna shean-mhéit ach, ní amhlaidh a fuair.

Agus baicle nua de shaighdiúirí na cinniúna ag teacht aniar ó na cúlbhinsí le ceannasaíocht a thógáil, beidh sé níos deacra arís ar an bhFathach aiséirí rialtais a dhéanamh.

Bhí sé ráite aige cheana nach seasfadh sé ag an gcéad olltoghchán eile.

Measadh go háitiúil gur baothchaint a bhí ansin, ach b'fhéidir go bhfuil tairne eile curtha ina chónra ionadaíochta poiblí anois agus go dtabharfaidh sé aghaidh ar a chuid gnóthaí pearsanta tar éis an chéad olltoghchán eile.

Is léir freisin nach i measc lucht na Dála atá na sceitimíní toghcháin ach an oiread.

Tá stocaireacht chiúin ar siúl cheana féin i dtreo na dtoghchán áitiúil.

Tá preasráitis rialta ag teacht amach ó na hionadaithe pobail, an taobh seo tíre.

Tá siad i mbun cruinnithe poiblí, ag sodar chuig sochraidí agus cuid acu fiú i mbun canbhasála cúlráidí, lá i ndiaidh lae.

Deacair feiceáil an mbeidh mórán d'athrú i gConamara.

Tá an tóin titithe as an bPáirtí Daonlathach agus níl Mary Harney ach ag tarraingt drochphoiblíochta orthu feasta.

Beidh rogha spéisiúil le déanamh mar sin ag Tom Welby.

Muna n-athróidh sé capall, is beag seans atá aige ar shuíochán a choinneáil.

Ach, bheadh sé teoranta maidir leis leis na roghanna marcaíochta.

Tá Séamus Walsh (Fianna Fáil) ar an mbaile céanna leis agus tá Seán Kyne (Fine Gael) cupla míle soir an bóthar uaidh, i Maigh Cuilinn.

Cé go bhfuil bís ar Fhine Gael breis suíochán a thabhairt leo, b'fhéidir go mbeadh jab acu an suíochán aonair atá acu a choinneáil.

Níl próifíl an-ard ag Kyne ó toghadh é, cé go n-oibríonn sé an-chrua. Is laincis mhór dó chomh maith an easpa Gaeilge i measc mhuintir na Gaeltachta.

Rinne Eileen Mannion-Mullins réasúnta maith do lucht na léinte gorma cheana, ach níor éirigh léi.

Má bhíonn iarrthóir láidir arís as ceantar an Chocháin, d'fhéadfaidís an beart a dhéanamh.

Níl aon iarrthóir feiceálach ag Fine Gael ag an bpointe seo i gConamara Theas ach an oiread, rud a thabharfaidh sásamh intinne áirithe, sílim, doibh siúd atá i gcumhacht cheana féin.

Níl baol ar bith ar Josie Conneely, ar Sheán Ó Tuairisc, ar Connie Ní Fhátharta ná ar Sheosamh Ó Cuaig Ní léir go bhfuil míshásamh mór go leor ar an bpobal leis an rialtas, ná le cúrsaí Comhairle Contae, le iad a chur as na bonnachaí.

Ní cosúil ach an oiread go bhfuil aon fhorbairt shuntasach ar an bPáirtí Glas ná ar Shinn Féin in Iarchonnacht ó chuaigh daoine chuig na botháin vótála cheana ach an oiread.

Sin ráite, is léir go raibh Brian Cowen ag iarraidh íomhá nua a thabhairt d'Fhianna Fáil ag leibhéal náisiúnta.

An mbeidh sé ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh ag leibhéal áitiúil?

Agus céard faoi na páirtithe eile?

Má imíonn Frank Fahey i nGaillimh Thiar, ní bheidh sé as féin. Is cinnte gur deacair a shamhlú go seasfaidh Pádraic McCormack ná Micheál D. Ó hUiginn arís ach an oiread. Beidh Fidelma Healy-Eames ag súil le teacht i gcomharbacht ar fhear Fhine Gael, ach ní cosúil go bhfuil aon duine faoi leith réidh ag Páirtí an Lucht Oibre fós.

Mórsheans go mbeidh Noel Grealish ag drannadh le Fianna Fáil faoi am sin - go háirithe má tá Fahey as an gcomhaireamh - agus is beagnach go bhféadfá do chuid airgid a chur ar 'Éamo' le teacht isteach chun tosaigh ar iarrthóir ar bith eile a bheadh ann.

B'fhéidir gurb shin an anailís chéanna a rinne an Taoiseach nua agus é ag athcheapadh fhear Chorr na Móna ina sheanoifig! a bhi ann. Cá bhfuil ceannródaiocht agus beartais an Stáit seo i gConamara anois?" a d'fhiafraigh O Cuaig.

Trevor Ó Clochartaigh Lá Nua 15/05/2008


Baile