Droim láimhe d'airgead an Údaráis sa gcóras dochtúireachta

Tuigtear go bhfuil drogall ar Fheidhmeannacht Sláinte an Iarthair an dara dochtúir a chur ag obair ar an deireadh seachtaine sa taobh ó dheas de Chonamara - fiú agus dá n-íocfadh dream eicint eile as.

Tháinig an scéala seo amach théis do thoscaireacht as Conamara casadh le Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte san Iarthair, Pria Prendergast an tseachtain seo caite.

Dúirt sise nach mbeadh cead ag Westdoc iarratas a dhéanamh chuig Údarás na Gaeltachta ag iarraidh €20,000. Bhi an t-ábhar pléite ag Cruinniú sna Forbacha an tseachtain roimhe sin agus tuigeadh go dtriáilfi le €2O,00O a fháil ó Údarás na Gaeltachta agus ón eagraiocht Stáit phobail, Cumas, leis an dara dochtúir a fhostú.

Tá córas le tosú i lár na miosa seo chugainn a fhágfaidh go mbeidh an ceantar as Leitir Mealláin siar go Carna agus amach don Chaiseal taobh le dochtúir amháin ar feadh 10 ndeireadh seachtaine sa mbliain.

Idir an dá linn, rinneadh plé ar an ábhar seo ag cruinniú idir an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar, Noel Grealaish agus an tAire Sláinte, Mary Harney i nDáil Éireann tráthnóna Dé Céadaoin agus arís Déardaoin. "Bhí feidhmeannaigh as an Roinn Sláinte ag an gcruinniú sa Dáil ar maidin Déardaoin agus rinneadh cioradh maith ar an scéal.

D'iarr an tAire Harney ar na feidhmeannaigh an scéal a phié le hoifigigh na Feidhmeannachta Sláinte i nGaillimh. Tá muid ag coínneáil leis," adeir an Teachta Grealish.

Tuigtear go raibh cúrsaí corraithe go maith ag an gcruinniú idir an toscaireacht phobail agus Feidhmeannacht na Seirbhisi Sláinte i nGaillimh. Roghnaíodh an toscaireacht seo ag cruinnithe poiblí i gConamara le gairid.

Bhi na Combairleoiri Contae Seosamh Ó Cuaig agus Seán Ó Tuairisg in éineacht leo. Sí an Comhairleoir Cathrach Catherine Connolly - bail de Fhóram Sláinte an Iarthair - a bhi sa gcathaoir.

"Bhi an bhean ceannais, Pria Prendergast ag labhairt ar an bpointe," a dúirt duine amháin a bhi ann "agus i ag meabhrú go láidir do chuile dhuine nach bhféadfadh Westdoc iarratas a chur chuig an Údarás ar airgead breise. Bhi an córas ceaptha amach agus b'in sin. Ni maith a thaitnigh an dearcadh a bhi aice le go leor againn." Tuigtear gur shiúil roinnt daoine amach sular chríochnaigh an cruinniú i bPáirc Mheirlinne.

Ceapadh roimhe sin go raibh seans ann go bhféadfadh Údarás na Gaeltachta airgead a chur ar fáji le haghaidh an dara dochtúir - go ceann bliana, pé ar bith scéal é. Ach, tá sé ina amhras mór anois go mbeadh Feidhmeannacht na Seirbhise Sláinte sásta baint ar bith a bheith acu le socrú mar sin "fiú agus dá leagfai an seic ar an mbord acu", a deir duine amháin a bhi ag an gcruinmú.

Mar atá cúrsai anois, tiocfaidh an córas nua - agus dochtúir amháin idir Carna agus Leitir Mealláin - i bhfeidm ar an 11ú Iúil. Ach, tá iarrachtai ar bun ag an gcoiste i gConamara i gcónai chomh maith leis na cainteanna idir oifig an Aire Harney agus Feidhmeannacht na Seirbhise Sláinte san Iarthar.

Mairtín Ó Cathain Foinse 22/6/2008


Baile