Bóthar nua go Conamara riachtanach a deir Méara nuathofa Chomhairle Chontae na Gaillimhe Peter Feeney

Toghadh an Combairleoir Contae Peter Feeney (FG) as Baile Atha an Rí ina Mhéara ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe an tseachtain seo caite. Ni túisce an Comhairleoir Feeney sa gcathaoir mhór sa gComhairle Contae né go raibh sé ar an mbóthar go Conamara.

Tá an cuarbhóthar timpeali ar imeall thiar chathair na Gaillimhe agus an bóthar nua go Conamara riachtanach, adeir sé. Lena chois sin, bheadh sé ag tacú le forbairt Chalafort Ros an Míl. Comhairleoir stuama é Peter Feeney a bhfuil fios a labhartha aige freisin. Chaithfeadh sé gur thug sé aird ar an mbeirt Chomhairleoiri as Conamara atá sa gcomhaontas atá i gceannas ar an gComhairle Contae - Seán Kyne (FG) as Maigh Cuilinn agus Seosamh Ó Cuaig (Neamhspleách) as Cill Chiaráin.

Beidh bliain chruógach amach roimh an Méara nua mar go bhfuil Plean Forbartha Contae le réiteach idir seo agus mí na Bealtaine seo chugainn.

Cén bhri ach beidh toghchán Comhairle Contae ann faoi cheann bliana agus gan dabht beidh Comhairleoirí ag iarraidh aird a tharraingt orthu féin freisin sna míonna amach romhain. Teastaíonn duine staidarach sa gcathaoir.

Mairtín Ó Cathain Foinse 22/6/2008


Baile