Conspóid ÚnaG maidir le dúnadh gnó taighde

Tuigtear gur iarr Údarás na Gaeltachta cead ar an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív le triúr a fhostú leis an obair a bhi ar bun ag comhlacht Thaighde Mara Teo a choinneáll ag imeacht istigh sa Rannóg Mara in Údarás na Gaeltachta ach nár ceadaíodh sin. Tá an cheist seo ina hábhar conspóide anois agus an Comhalta Boird Seosamh Ó Cuaig agus Priomh Fheidhmeannach an Udaráis Pádraig Ó hAoláin ar mhalairt tuairime faoin chás Thaighde Mara Teo.

Fógraiodh an tseachtain sco caite go raibh deireadh le cur le Taighde Mara Teo - fochomhlacht de chuid Udarás na Gaeltachta a bhí ag déanamh staidéir agus taighde ar chúrsaí iascaireachta, cladaigh agus mara. Thug Foinse eolas beagnach bliain ó shin go raibh an beart seo ar intinn ag Odarás na Gacitaclita ach níor dhúirt an tUdarás aon bhlas faoin tuairisc sin go poiblí san am sin. Ach, chuir an bhainistíocht moladh faoi bhráid an chruinnithe Boird is deireanaí a bhí san Údarás agus beidh Taighde Mara ag dúnadh go gairid.

Is cosúil anois go gcaillfidh an cúigear foirne a bhí ann a bpostanna agus dúnfar an oifig a bhí acu i gCarna in iarthar Chonamara. Drochbheart é seo ó thaobh an Údaráis de, a deir an Comhalta Seosamh Ó Cuaig. "Bhi ag an Udarás a bheith ina gceannródaithe agus ina dtreoraithe ar obair na mara sa nGaeltacht," a deir se. Ach labhair Priomh Fheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Pádraig Ó hAoláin amach go láidir in agallarnh ar Raidió na Gaeltachta. "Ba cheart go bhfeicfeadh an duine dail féin go raibh athrú mór ar chúrsai taighde agus saineolais ó bunaiodh Taighde Mara i 1983." arsa Pádraig Ó hAoláin. Mhinigh sé go raibh Foras na Mara tagtha go hÓrán Mór agus riar saineolaithe ag obair dhóibh. Chomh maith leis sin tá Institiúid Mháirtín Uí Riain i nGaillimh, a deir an Priomh Fheidhmeannach agus ionad acusan i gCarna freisin - agus caint ann go ndéanfar tuilleadh forbariha air. Ni raibh na seirbhisí sin ann 25 bliain ó shin, a deir Ó hAoláin nuair a thosaigh Taighde Mara Teo.

Lena chois sin, dúirt Pádraig O hAoláin freisin nach raibh aon fhirinne sa gcuid de ráiteas Sheosaimh Uí Chuaig a bhain leis na pleananna a bhi ag an Údarás tráth faoi obair Thaighde Mara a thabhairt isteach faoi scáth an Údaráis féin. Tarraingíodh anuas cuid de ráiteas Sheosaimh Uí Chuaig le Pádraig Ó hAoláin ar Raidió na Gaeltachta. Bhi sé ráite ag an gComhalta Ó Cuaig go raibh iarracht ar bun le hobair Thaighde Mara a choinneáil ag imeacht agus triúr a fhostú sa rannóg mara san Udarás ag plé leis an obair sin.

Dúirt O hAoláin nach raibh sin fíor. Obair thaighde a bhí ar bun ag Taighde Mara, adeir sé. Tugann Údarás na Gaeltachta tacaíocht do thionscal na mara, a dúirt Pádraig Ó hAoláin agus leanfaidh an tacaiocht sin ar aghaidh.

Ach, mhinigh sé ina dhiaidh sin go rabhthas ag iarraidh daoine breise a fliostú ach go gcaithfí a thuiscint go bhfuil cuóta leagtha sios leis an méid oibrithe atá ceadaithe san Údarás. "Is ait liom an ráiteas faoi fhirinne mo chuid cainte," a deir Seosamh Ó Cuaig. "Nach bhfuil a fhios againn go maith go raibh trácht ann ar an obair a thabhairt isteach sa rannóg mara san Údarás. Is léir anois gur chuir Údarás na Gaeltachta ceist ar an Roinn agus ar an Aire faoi sin - agus tá a fhios cén freagra a tugadi orthu."

Chuir Foinse an cheist seo leanas ar Údarás na Gaeltachta freisin: ar iarradh cead ar an Aire Gacitaclita, ná ar aon rannóg eile Stáit, le cuid ar bith d'obair Thaigide Mara Teo... nó oibrithe de chuid Thaighde Mara Teo. ...a thabhairt isteach faoi scáth Údarás na Gaeltachta". Tugadh freagra giortach ar an gceist. "Nior iarradh cead," a dúradh.

Is cosúil anois, de réir an eolais bhreise atá faighte againn, gur iarradh cead le triúr daoine a fhostú sa rannég mara in Údarás na Gaeltachta ach nár ceadaiodh é sin. "Sé an peaca é go bhfuil an tÚdarás ag tabhairt cúl don obair seo," a dúirt Seosamh ÓCuaig. "Bheadh tuiscint agus cleachtadh ag Údarás na Gaeltachta ar cheisteanna mara na Gaeltachta nios fearr ná dream ar bith. Bheadh sin ag luí le réasún. Bhi an taithí sin ag Taighde Mara. Ta dul amú ar an Udarás sa gcás seo. "

Mairtin Ó Cathéin Foinse 3/8/2008


Baile