Welby neamhspleach - súil ag FF i gcónai ar Ó Cuaig

Ceaptar anois nach ngabhfaidh an Comhairleoir Contae Thomas Welby as Uachtar Ard isteach le Fianna Fáil pé ar bith caoi a séidfidh an ghaoth idir seo agus an toghchán Comhairle Contae sa samhraidh seo chugainn.

Ball den Pháirti Daoniathach á an Comhairleoir Welby ach bhi a athair, Tom Weiby, nach maireann, ina Chomhairleoir Contae de chuid Fhianna Fáil i gConamara san aimsir a caitheadh. Ceaptar gur ar éigean a bheidh an Páirti Daonlathach in ann coinneáll orthu má imionn an Teachta Dála Noel Grealish uathu.

Tá chuile chosúlacht ar an scáal nach fada go nglacfaidh an Teachta Grealish ballraíocht i bhFianna Fáil. De ráir na dtuairiscí imeoidh an Comhairleoir Jim Cuddy as toghcheantar an Oráin Mhóir in éindí leis agus imeoidh Declan McDonneli, bail de chuid an Pháirti Dhaonlathaigh ar Chomhairle Cathrach na Gaiilimhe freisin. Ceaptar gur dóigh go dtriáiifeadh an Comhairleoir Welby an toghchán i dtoghcheantar Chonamara mar iarrthóir neamhspieách dá dtitfeadh an Páirti Daonlathach as a chéile.

Idir an dá linn, tuigtear go bhfuil Fianna Fáil ag triáil i gcónai leis an gComhairleoir Seosamh Ó Cuaig a thabhairt isteach leo. Ach, nil lucht Fhianna Fáil ná Seosamh Ó Cuaig ag rá aon bhlas go poibli faoi seo.

Mairtin Ó Cathain Foinse 7/9/2008


Baile