Deontas tréidliachta tarringthe siar ag an Údarás tar éis 25 bliain
Údar mór imní é, dar le bail tofa an bhoird Ó Cuaig

D'fhéadfadh sé go mbeadh laghdú mór ar sheirbhísí tréidliachta i gConamara de bharr gearradh siar atá déanta ag Údarás na Gaeltachta. Bhiodh an tÚdarás ag cur fóirdheontas de bheagnach €70,000 ar fáil do sheirbhísí tréidliachta sa gceantar ach tá sin caite in aer anois de bharr ciorruithe. Bhi an fóirdheontas seo ann le 25 bliain. Ach, tháinig litir chuig an Údarás ón Roinn Gnóthai Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta scaitheamh ó shin inar moladh go n-éireofaí as an tacaíocht seo don chóras tréidliachita i gConamara. Tuigtear gui dúradh gur fearr a d'fheilfeadh sé do Mheitheal Forbartha na Gaeltachta a bheith ag plé leis an ábhar seo.

Shocraigh Údarás na Gaeltachta i 1980 go n-íocfaí an t-airgead seo go bliantúil sa gcaoi agus go gcoinneofai córas láidir tréidliachta i gceantar Chonamara. Bhi tréidlianna ag rá nárbh fhiú dóibh a bheith ag obair i gConamara ar na gnáth-tháillí de bharr chomh fada fairsing agus atá an áit agus de bharr nádúr na talmhaíochta sa gceantar. Ba ansin a tugadh Údarás na Gaeltachta isteach sa scéal agus shocraigh siadsan gur mhaith an beart a bheadh ann tacú leis na tréidlianna. Mhair an socrú ó shin i leith go dti anois.

Tuigtear go ndeama tréidlianna sa gceantar teagmháil leis an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív faoin scéal ach ní cosúli gur tugadh aon ghealltanas dóibh go gcuirfí an ciste ar ais.

Idir an dá linn, dúirt an Comhairleoir Contae, Seosamh Ó Cuaig - bail tofa ar Bhord Údarás na Gaeltachta - gur údar mór imní é an cinneadh seo go gcuirfí deireadh le fóirdheontas na tréidliachta i gConamara. Dúirt Ó Cuaig go bhféadfadh an tAire Ó Cuív lámh nios láidre a bheith aige sa gcás seo. "D'fhéadfadh an tAire treoir a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta faoi," arsa Ó Cuaig. "Is cuimhneach liom gur dhúirt sé amach go poiblí nuair a bhi caint ann faoi fhorbairt naionraí go bhféadfadh sé treoir a thabhairt don Údarás coinneáll leis na naionraí. Nach bhféadfadh sé an rud céanna a dhéanamh anois i gcás na dtréidlianna?"

Dúirt an Comhairleoir Ó Cuaig go mba é an peaca é dá ndéanfaí lagan eile ar an talmhaíocht i gConamara. "Cuimhnigh, mar shampla, ar chapaillini Conamara," adeir Ó Cuaig. "B'fliéidir nach bhfuil na beithigh chomh fairsing agus a bhíodh ach tá na capaillini ann go tréan anois. Cuireann siad cáil ar Chonamara i bhfad agus i ngearr agus is tionscal maith dúchais iad. Teastaíonn seirbhís mhaith tréidliachta uait sa gcaoi agus go mbeidh cóir ceart ar na capaillíní agus ar an tionscal sin."

Máirtin Ó Catháin Foinse 11/1/2009


Baile