Ceist faoi chaidreamh Fhine Gael agus Ó Cuaig

Tuigtear gur lú ná ceanúil atá cuid de Chomhairleoirí Fhine Gael ar an gComhairleoir Contae

Seosamh Ó Cuaig tar éis an ceangal cúig bliana a bhí acu leis i gComhairle Chontae na Gaillimhe idir 2004-2009. Bhi Fine Gael ag brath ar Ó Cuaig sa tréimhse srn. Cé gur fhan an Comhairleoir Ó Cuaig dílis don socrú a rinneadh idir Fine Gael, an Luchit Oibre, Sinn Féin agus grúpa Neamhspleách in 2004 bhi faisean aige corr-sclamh a bhaint as Fine Gael.

Rud é seo a bhain an ghaoth as seolta Fhine Gael scaití nuair a bhídís ag fiach ar Fhianna Fáil ag cruinnithe.

Ni maith a thaitnigh ceann a chaith sé chucu ag cruinniú i mBaile Atha an Rí le gairid le lucht Fhine Gael. Reáchtáileadh an cruinniú sin i mBaile çtha an Rí mar go raibh an Méara Peter Feeney (FG), arbh as Baile çtha an Rí dó féin, ag críochnú a théarma. Tarraingíodh anuas an bhail atá ar eacnamaiocht na tíre agus bhí lucht Fhine Gael ag baint deataigh as Fianna Fáil.

Ach mhill an Combairleoir Ó Cuaig an spraoi nuair a dúirt sé gur beag muinín a bheadh aigesean i bhFine Gael ach an oiread. Níor thaitnigh spallaí mar sin beag ná mór le cuid de Chomhairleoirí Fhine Gael - agus 5 bliana caite acu istigh leis an gComhairleoir Ó Cuaig sa gcomhaontas sa gComhairle Contae. Nil a fhios anois cén chaoi a mbeidh an caidreamh idir Ó Cuaig agus na Méarai (nó Cathaoirligh) de chuid Fhine Gael i gceannas ar imeachtaí sa gComhairle Contae... agus gan aon bheann polaitiúil-acu ar Ó Cuaig feasta.

Mairtín Ó Catháin Foinse 28/6/2009


Baile