Bearna i mbaol ag brú uirbeach

Tá muintir Bhearna chun móragóid a dhéanamh i gcoinne forbairt thrí chéad teach atá le tógáil ansin.

An fhadhb is mó atá ag muintir na háite go bhfuil stádas uirbeach ag Bearna cé nach bhfuil ann ach sráidbhaile i ndáiríre.

Ag labhairt dó le Lá, inné, dúirt Cathal Mac Gabhann, iarbhainisteoir Údarás na Gaeltachta, go raibh muintir na háite an-mhíshásta leis an rialú go mbeadh stádas uirbeach ag sráidbhaile Bearna.
Pobal Bhearna.com (Suíomh i mBéarla amháin)

"Leis an stádas sin a thabhairt do Bhearna, bhí ar an Chomhairle Contae na rialacha pleanála ar fad a athrú.
"Níl aon bhunstruchtúr ann, tá i gceist acu cúig chéad foirgneamh, idir thithe agus árasáin, a thógaint.
"Tá cead pleanála faighte ag an gcuid is mó acu."

Nuair a d'fhiafraigh mé de Chathal faoi choinníoll teanga a bheith ceangailte leis an bhforbairt, dúirt sé:
"Ba chóir go gcuirfí coinníoll teanga i bhfeidhm. Ní dóigh liom go gcuirfear, áfach, nó tá sé amhrasach an mbeadh sé réadúil. Rud amháin is ea scrúdú a phasáil, rud eile ar fad is ea Gaeilge a labhairt go laethúil.
"Níl bóthar Chois Fharraige maith a dhóthain leis an trácht ar fad a thógaint mar atá sé.
"Cuirfidh an fhorbairt seo brú millteanach ar an mbóthar.
"Tá go leor daoine an-chorraithe mar gheall air.
"Rud eile nach ndeachaigh an Chomhairle Contae i gcomhairle leis an bpobal agus mar chuid den bpróiseas, ba chóir go nglacfaí comhairle ó na daoine áitiúla."

Nuair a labhair Lá le Seán Ó Coistealbha, Muintearas, duine de phobal an Spidéil atá ag cur i gcoinne na forbartha tithíochta ansin, Bruach na hAbhann, dúirt sé:
"Tá muidne sa Spidéal ag tógaint chás an tséarachais go dtí an leibhéal is airde sna cúirteanna. Táimid ag iarraidh nach dtógfaí rud ar bith eile ar an sráidbhaile go dtí go bhfuil córas séarachais cuí i bhfeidhm."

Eoghan Ó Néill 25/8/04.


Baile