Clár Uí Chuaig

 

Seosamh Ó Cuaig, a toghadh ar  Chomhairle Contae  na Gaillimhe an mhí seo caite, tár éis clár oibre do Chonamara agus do na hOileáin a aontú leis an gComhaontas  Teichniúil I gComhairle Contae na Gaillimhe. Deir Ó Cuaig go mbeidh athbhreithniú ar bun aige I gceann bliana agus nach mbeadh aon drogall air tarraingt siar ón gcomhaontas muna mbeifí ag déanamh gach aon iarracht an méid atá socraithe a chomhlíonadh.

 

Cúig éileamh déag ar fad atá déanta ag Ó Cuaig ina measc go dtosófaí láthreach ar phleanáil bhóthar nua as Iarthar Chonamara agus ar phleanáil linn snámha phoiblí agus ionad aclíochta I gConamara.

 

Tá Ó Cuaig ar iarraidh chomh maith go ndéanfadh an Chomhairle Contae gach aon iarracht iachall a chur ar an rialtos seasamh leis na gealltanais a thug said faoi ionad na bPiarsach I Ros Muc agus go gcuirfí tús le próiseas I dtreo Comhairle Chonamara agus d'Árainn.

 

I measc na n-ábhar eile ar chlár oibre Uí Chuaig tá scannall an uisce agus an tséarachais ar an gCeathrú Rua agus na fadhbanna tráchta ar Bhóthar Chois Fhairraige.

Sorcha Ní Chéilleachair - Foinse 4-7-2004

Baile