Coinníoll teanga in Iorras Aithneach

Tá an-mhí-thuiscint ar chén fáth a thóg Comhleoirí Chontae Chonamara an cinneadh a thógadar ar an Maidin dé Máirt seo caite (25/7/2006).

Ar an gcéad dul síos tá muid ag déanamh ar ndíchill an pobal a shabháil agus an Ghaeilge a shabháil. Níl se éasca.

Tá sé (6) bhunscoil i bparóiste Charna. An fomhar seo chugainn ní thiocfaidh de naoínáin isteach sna scoileanna sin ar fad go hiomlán ach aon nduine dhéag. Go hiomlan - ní aon nduine dhéag i ngach aon scoil ach aon nduine dheag sa pháróiste ar fad..

Ni sheard ata i gceist chuile Tom, Dick agus Harry a ligean isteach go hIorras Aithneach: tá na cineálacha daoine a cheadofaí i scéimeanna tithíochta ann rianaithe go soiléir againn;

    (a) Daoine áitiúla
    (b) Gaeilgeoirí as áit ar bith ar fud an domhain
    (c) Daoine as an áit a chuaigh ar imirce agus a gclann siúd
    (d) Daoine as an áit atá in reigiúin eile ar fúd na tíre agus a gclann siúd.
    (e) Daoine a bheadh fostaithe san áit, féinfhostaithe nó in ann tionscail eicint a chur chun cinn.
Tá muid ag iarraidh rud casta go maith a dhéanamh, sin an pobal a choinneáil beo agus an Ghaeilge a choinneáil láidir. Silim go bhfuil iara mhaith tugtha againn faoi.

Baile