An bhfuil an iomarca siúil faoin 'nGrúpa Teicniúil'?

 

An "Grúpa Teicniúil" a tugtar ar an gcomhghuaillíocht atá gaibhte I gceannas ar Chomhairle Chontae ne Gaillimhe anois. Siad Fine Gael (10 gComhlairleoir) I gcomhar le roinnt Comhlaireoirí Neamgspleácha, comh maith le duine as an Lucht Oibre agus duine as Sinn Féin atá páirteach ann. Is cosúil  go bhfuil said ag imeacht sna cosa in aired chean féin, agus iad ag iarraidh a n-údarás a chur I bhfeidhm go láidir sa gComhairle. Ach tá an chosúlacht ar an scéal go bhféadfaí cor coise mór a chur iontu, go gairid.

 

Tá sé leagtha síos ag an gComhairleoir Colm Keaveney as an Lucht Oibre go bhfuil an cuar-bhóthar I dTuaim le stopadh ó dhul third tailte an Pháláis ansin. Má chuirtear an rún sin faoi bhráid Chomhairle Chontae na Gaillimhe (bheadh athrú ar phleananna I gceist) chuile seans go dteastódh tacaíocht ó dhá thrian de bhaill na Comhairle leis an mbeart sin a dhéanamh.

 

Ach, tá chuile chosúlacht ar a scéal anois nach dtabharadh Fianna Fáil agus an Páirtí Daonlathach an tacaíocht sin  dó. D'fágfadh sin go mbeadh an cath sinn caillte ag an "nGrúpa Teicniúil" An tseachtain seo freisin, thug Seosamh Ó Cuaig le fios go mbeadh seiseann sásta neamhshuim a dhéanamh de chinneadh a thógfadh Coiste Chomhairle Chonamara  i gcásanna áirithe, muna mbeadh said ag teacht leis an leagan amach a bheadh aige féin.

 

I gcás mar sin, rachadh sé chomh fada leis an "nGrúpa Teicniúil" sa gComhairle Contae (as noirthear na Gaillimhe a bhformhór siúd) agus d'iarrfadh sé a gcabhair le cinneadh Chomhairleoir Chonamara a athrú, nó a chur ar ceal. Is cinnte nach gcothóidh an dearcadh sin mórán suáilcis ag cruinnithe Choiste Chonamara - go háirithe agus é fógartha ag an gComhairle Ó Cuaig go bhfuil polasaí aige go mbeadh forlámhas ag struchtúr nua Rialtais Áitiúil ar Chonamara. Siad muintir Chonamara a thogh an 7 atá ar Choiste Chonamara anois, agus bhí traidisiún ann go seasfadh Comhairleoirí Chonamara leis an gcinneadh a bheadh tógtha acu féin ag cruinniú iomlán na Comhairle; cinneadh sách conspóideach a bhíodh acu tas éis bhótála a dhéanfaí an socrú.

 

Máirtín Ó Catháin - Foinse 11-7-2004

 

Baile