Polaiteoir de bhunaidh Chonamara i dtithe Comhdhála Washington

Tá an polaiteoir de bhunadh Chonamara, Martin Walsh ag iarraidh a thabhairt faoi shuíochán i dtithe na Comhdhála i Washington sa mbliain 2008. Tá roinnt blianta caite ah=g Walsh ina fheisire so bParlaimint Stát Mhassachussets.

Creideann sé go bhféadfadh deis a bheith aige a sheolta a chrochadh go Washington faoi cheann dhá bhliain. "Tá caint ann nach mbeidh an Seanadóir John Kerry ag dul sa tóir ar shuíochán Seanad aríst. Dá mbeadh sin amhlaidh, d'fhéadfadh sé gurb é an Feisire Comhdhála, Stevie Lynch as an gceantair sin agam féin a thriáileadh an Seanad.

"Dá n-imeodh Lynch, bheinn féin sásta iarraidh a thabhairt faoin suíochán sin." a dúirt Martin Walsh le Foinse. Téann leathscóir Feisire Comgdhála as stát Mhassachussets go Washington. Glacann Martin Lynch leis go bhfuil roinnt coranna sa scéal; caithfear fanacht píosa eile, a deir sé. Ach tá rud amháin a theastødh uaidh ar dtús - ciste $!m. "Teastaíonn an méid sin uait le dhul san iomaíocht.

"Tá an ceathrú chuid dó agam cheanna. Creidim go mbeadh dóthan daoine agus eagraíochtaí ar mu thaobh leis an gcuid eile den chiste a chur le chéile." a deir sé.

Agus é ar chuairt ar Chonamara an tseachtain seo caite seo caite, d'fhreastail Mairtín Walsh ar chruinniú i Ros Muc áit ar pléadh éileamh go gcuirfí bóthar nua as Gaillimh amach chomh fada leis an bpobal sin agus le Charna. Phléigh sé an t-ábhar le Cathaoirleach Choise Bhoithre Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Seosamh Ó Cuaig, sular fhág sé Éirinn. Dúirt sé go mbeadh dlús dá chur anois leis an bhfeachtas i measc imirceoirí i mBoston.

Máirtín Ó Catháin Foinse 26/2/2006


A top political voice from US supports new Connemara road

MASSACHUSSETS State Representative Martin Walsh will be in Connemara later this montb where he hopes to promote the campaign for a new road from west Connemara to Galway City.

Representative Walsh's mother is from Ros Muc and his father is a native of Carna and he is a leading member of a group of emigrants in Boston whose roots are in west Connemara and who are assisting the campaign for the new road.

The group have now made contact with emigrants in other cities in the United States.

A spokesman for the American support group said that it was plainly obvious that a new road to Galway was very badly needed. The group are also stressing that the road must be come directly to the Ros Muc and Carna area - which are the places furthest removed from Galway.

State Representative Walsh intends discussing the new road proposai with committees and politicians when he cornes to Ireland.

Councillor Seosamh Ó Cuaig, the Chairman of Galway County Council's Roads Committee, said he looked forward to meeting State Representative Walsh when he visits Connemara in a few weeks tirne.

Cúradh Chonnachtach 10/2/2005



Baile
Bóthar Mór Chonamara
An Comhairleoir Seosamh Ó Cuaig

Cén uair a mbeidh an bóthar nua againn i gConamara? Ceist í a chuirtear orm chuile dhara lá le gairid. Freagra amháin atá agam: beidh bóthar nua i gConamara chomh luath agus a bheas pobal Chonamara sásta cur go láidir agus go héifeachtach ar a shon - nuair a bheas siad in ann a chur ina luí ar pholaiteoirí áitiúla agus náisiúnta nach nglacfar le leithscéalta, le moilleadóireacht mi le cleasanna beaga fánacha agus go bhféadfadh duine eicfnt a bheith siar leis mura bhfaighidh siad aird.

Tarlaionn sé go bhfuil mé i mo chathaoirleach ar Choiste Bóithre agus lompair na Comhairle Contae faoi láthair. Deis ar bith a fhaighim cuirim cás bhóthar Chonamara i gcluasa mo chomhghleacaithe.

Imirceoiri ag tacú le bóthar go hlarthar Chonamara
- An Feisire Martin Walsh ina measc

Martin Walsh agus Pat Walsh Scéala againn i ndeireadh na bliana as Boston - sin go bhfuil imirceoirí as Conamara ...Ros Muc, Cill Chiaráin agus Carna go háiritheŠ ag tabhairt tacaíochta don mholadh go mbeadh bóthar nua tógtha as iarthar Chonamara isteach go Gaillimh.

Tá na himirceoiri seo iarraidh go mbeadh ceann an bhóthair in ait éicint i gceantar Scríb - an Tigh Dhóite. tá innealtóiri áirithe i gComhairle Chontae na Gaillime ag rá gur cheart go stopfadh an bóthar seo i Ros a-Mhíl Šagus tacaiocht acu ó pholaiteoiri áirithe freisin.

Tá na himiceoirí as iarthar Chonamara don tuairim - mar atá muid féin - gur cheart go mbeadh an bóthar ag tosnú abhus anseo. Tuigeann siad an scéal nios fearr. ná muid féin má tá siad le theacht abhaile go deo, teastóidh obair agus tá a fhios acu gur I nGaillimh, gar do Ghaillimh atá formhór na bpostanna. Tá a fhios acu freisin go dteastaionn bóthar ceart le éascaíocht a dhéanamh do dhaoine - agus teastaionn sin i 2005.

Tá an Feisire Páirlimintei I Massachussetts, Martin Walsh ag tacú leis an iarrachtŠmar atá léithide Pat Walsh, an ceannaire ceardchumainn as Camna agus go leor eile.

Máirtín Ó Catháin - Iris Iorrais Aithneach 2005

Nuair a chuala muid go mbeadh cruinniú le fear ceannais Údarás na mBóithre Náisiúnta, Fred Barry, i mBleá Cliath shil muid gur mhaith an t-ardán é leis an soiscéal a chraobhscaoileadh. Éamon Ó Cuív a bhi ag eagr ú an chruinnithe. Bheadh Teachtai Dála, Comhairleoiri Contae agus Comhaltai Údaráis ann. An chéad rud eile, dúradh Iinn nach mbeadh Comhairleoirí Contae Chonamara ann chor ar bith. Mhinigh Éamon Ó Cuív gurbh é Fred Barry a bhi ag iarraidh an toscaireacht a choinneáil chomh beag agus ab fhéidir!

Chuaigh an cruinniú i mBleá Cliath chun cinn agus muide sa mbaile i gConamara agus bois faoinár leiceann againn.

Ach nior fhág muid an scéal i bhfad mar sin. Tarlaíonn sé go bhfuil mé i mo chomhaita i gComhthionól na Teorann, Lár Tire agus an iarthair freisin - an BMW mar a thugtar air. Bhí cruinniú le bheith i mBealach an Doirín agus cé a bhi le bheith ina aoí speisialta ann ach fear na mBóithre Náisiúnta, Fred Barry.

Seo é mo dheis, a deirimse. Ba é agus niorbh é. Bhi cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i dTir Chonaill an lá céanna agus chaithfinn a bheith ansin.

Sin é an uair a dtáinig Dermot Connolly as Sinn Féin i gcabhair orainn. Seo é an fear nach raubh Fianna Fáil sista labhairt leis féin ná liom féin nuair a bhi an Comhaontas le cur le chéile sa gComhairie Contae!

Cheistigh Dermot Connolly Fred Barry go géar ar mo shon ag cruinniú Bhealach an Doirín. D'fhiafraigh sé de an mbeadh sé sásta a ghabhail go Conamara anois agus cás na mbóithre a phié. Dúirt Barry go mbeadh.

D'fhógair mise go mbeadh an cruinniú ann agus go gearr ina dhiaidh sin d'fhógair Éamon Ó Cuív go raibh sé féin ag eagrú an chruinnithe!

In oifig Roinn na Gaeltachta sna Forbacha a tháinig an cruinniú le chéile. Bhí muid ar fad ann an iarraidh seo - polaiteoirí, innealtéoirí agus oifigigh. Pléadh go leor faoi bhóithre Chonamara. Nuair a dúirt Fred Barry go mba leis an Roinn Comhshaoil beart a dhéanamh faoin mbóthar nua ó dheas meabhraíodh dhó nárbh amhlaidh an cás i dtaobh an bhéthair ó thuaidh, as Gaillimh don Chlochán agus siar amach - go bhfuil sé de dhualgas ar an NRA na milliúin euro breise a chaitheamh le bóthar ceart a dhéanamh de sin.

Cuireadh béthar nua Chonamara go láidir agus go soiléir ar an gclár oibre. Cá mbeidh sé? "Tá an-ómós agam dhuit, a Sheosaimh," a dúirt Frank Fahey, "ach maidir leis an rud seo atá sibh a iarraidh faoin mbóthar nua a chur go Carna nil ann ach madness." "Ní shílim gur go Carna a d'iarr muid é,"a deirimse, "ach go Scríb," "Más mar sin é," a dúirt John Morgan, atá, i gceannas ar bhóithre an chontae, "nach bhféadfadh muid bóthar nua a dhéanamh den bhóthar as an Teach Dóite go Scríb agus freastal ar na ceantair siar ar an gcaoi sin?"

Bhi chuile dhuine an-dearfach faoin tráth seo. Bhí Éamon Ó Cuív chomh dearfach is go raibh sé ag gabhail ag cur bóthair den scoth as tairseach chuile theach i gConamara ar fud na tire, nó sin a thuigfeá éna chuid cainte.

Mhinigh an tAire Ó Cuív aríst don chruinniú gur chuir sé féin €100,000 ar fáil le tús a chur le pleanáil bhóthar nua Chonamara.

An lá faoi dheireadh bhí cruinniú eile againn de Choiste Bóithre agus iompair na Comhairle Contae. Chuir mise an €100,000 seo i gcuimhne dhóibh agus d'inis mé dhóibh gur dhúirt an tAire féin gur chuir oifigigh na Comhairle Contae in iúl dhó gurb shin é an luach oibre a bheidis in ann a dhéanamh ar an gcás i mbliana.

An ndéanfar an méid sin féin? Tugadh gealltanas sollúnta dhom go réiteofai roimh Noilaig na priomhphointí a chaithfear a chur san áireamh nuair a bheas na pleananna don bhóthar nua á gcur i dtoll a chéile. Cuireadh ar mo shúile freisin gur gearr le ghabhail €100,000 sna cúrsaí seo ach go bhfuil iarratas curtha chuig an Roinn Comhshaoil ag iarraidh ciste láidir airgid i gcomhair na hoibre agus go bhfuil súil le deá-thoradh air.

Feachtas pobail a bhain amach Raidió na Gaeltachta. B'éigean an rud céanna a dhéanamh i gcás TG4. Grúpai pobail a throid ar son an Údaráis a bhunú. is féidir é a dhéanamh aríst. Agus cuimhníodh muid i gcónaf go bhfuil nios mó vótóirf i gConamara ná atá i gCo. Liatroma.

Ní mór dóibh labhairt agus labhairt go tréan.

Iorras Aithneach 2005


Tuilleadh as Iorras Aithneach 2005