'An Chéad Laoch'
James Brendan Connolly

Bhí teacht le chéile deas in Inis Mór le gairid nuair a bhronn fear as Marblehead i Massachussetts céipeanna de leabhra a scríobh James Brendan Connolly ar phobal an Oileáin. Ba é James Connolly an chéad duine a bhuaigh bonn óir sna Cluichí Oilimpeacha nuair a hathbhunaiodh iad i gCathair na hAithne sa nGréig in lá. Ba as Arainn a athair agus a mháthair.

Fear a bhí ann a rinne go leor eile i gcaitheamh a shaoil freisin. Scríobh sé úrscéalta agus gearrscéalta. Bhí sé ina chomhfhreagróir cogaidh ar fud an domhain. Gara pearsanta a bhí ann don Uachtarán Rooseveit. Le linn Chogadh na Saoirse tháinig sé go hEirinn agus scriobh sé piosai cumasacha faoin slad a bhí na Black and Tans a dhéanamh.

Bhí dearmad beagnach déanta ar a chuid éachtai nuair a thaispeáin Máirtín Jamesie alt beag faoi a scriobh sé úrscéalta agus gearrscéalta. Bhí sé ina chomhfhreagróir cogaidh ar fud an domhain. Cara pearsanta a bhí ann don Uachtarán Rooseveit. Le linn Chogadh na Saoirse tháinig sé go h-Éirinn agus scríobh sé píosai cumasacha faoin slad a bhí na Black and Tans a dhéanamh.

Bhí san "Ireland's Own" do Sheosamh Ó Cuaig. Chuaigh seisean i mbun taighde as éadan, chuaigh sé i gcomhairle le Bob Quinn ina dhiaidh sin agus ba é an toradh a bhí air sa deireadh go ndearna siad clar fáisnéise do TG4 dar teideal "An Chéad Laoch".

Le linn a chuid taighde tháinig Seosamh Ó Cuaig ar fhear i Marblehead, Mass. darb ainm Gary Kissal. Nil deoir d'fhuil na hEireann ann (de shliocht Gréagach é) ach bhí beagnach chuile rud dár scriobh James Connolly riamh bailithe aige agus omós an domhain aige dó. D'fhiafraigh Seosamh Ó Cuaig de an mbeadh baol ar bith go dtiocfadh sé go hlnis Mór. Dúirt sé go dtiocfadh agus go mbronnfadh sé na leabhra ar mhuintir an oileám.

Ar fhothrach an ti a bhí ag a thuismitheoiri trasna ó Tigh Fitz i gCill Éinne a rinneadh an bronnadh - le linn do Chluichi Oílimpeacha a bheith ar bun i gCathair na hAithne, 108 bliain tar éis do James Brendan Connolly clú domhanda a tharraingt ar South Boston agus ar Árainn.

Iris Phléarácha Fomhair 2004


Writings of the first Olympic Champion presented to island home of his parents.

The complete collection of the writings of the first Olympic champion, James Brendan Connolly, were presented to the island of Inis Mór on Tuesday.

Connolly, who won the first ever medal of the modern games in 1896 in Athens, had Aran Island parentage, maternal and paternal, and was a prolific writer in his native Boston.

Connolly, who won the triple jump event, represented his country, the United States, at the Games and years later in their army in Spain and in Cuba. In fact, he died at the age of 88 in a veterans' hospital.

An American of Greek ancestry, Gary Kissal took an interest in the first Olympian and started collecting his writings - 200 books in all, some novels, some short stories and collections of his memoirs and columns in Boston newspapers.

Mr. Kissal arrived in Ireland this week to present the people of Aran with the documents of Connolly's writing career.

The documents have been in Mr. Kissal's possession for a number of years but he decided to visit Ireland for the first time and hand them over to the public archives on the island.

A function was held in Killeaney (sic) on Inis Mór on Tuesday which was attended by about 30 people including, Udarás na Gaeltachta member, Seosamh Ó Cuaig and a number of local people as well as Mr. Kissal.

The documents will be on public display locally once they have been sorted and archived.

The gesture by Mr. Kissal was greatly appreciated as Connolly's triumphs had been a source of pride for the islanders.

It had been Mr. Kissald's first time to Ireland and to the Aran Islands and he spent two days touring the islands and another two  days touring Connemara, an experience he has vowed to repeat in the near future.

Bernie Ní Fhlatharta - Connacht Tribune 20-8-2004

James Brendan Connolly
(28 D/fomhair 1865 i mBoston - 20. Eanáir 1957 in Nua Eabhrach)



Éireannach a bhain cáil amach sna céad chluichí Oilimpeacha

Séamus Breandan Ó Conghaile nó James Brendan Connolly, an fear as Inis Mór ó dhúchas a bhuaig an chéad bhonn óir sna chéad chluichí Oilimeacha nua aimseartha san Aithin I 1896.

Ní amháin go raibh sé ina laoch Oilimpeach, ach ba scríobheoir dúthrachtach é chomh maith, scríobh sé saothar iomadúla, é ar dhuine de na scríobheoirí scéalta mara is mó clú I Meiriceá.

Scríobh sé breis agus 22 úrscéal, agus breis agus 200 alt do nuachtáin agus d'irisí.

Ag ócáid chuimhneacháin Ia tionadh i dTí Fitz, ina bhaile dhúchais, Cill éinne in Inis Mór Dé Máirt seo a d'imigh tharainn bronnadh scríbhinní Uí Chonghaile ar mhuintir Inis Mór.

Chuaigh muintir Shéamuis Uí Chonghaile thar tír amach ó Inis Mór go Bostún Theas, áit ar rugadh é ar an 28 Deireadh Fomhair 1868.

Is é Gerry Kissal ó Mhúsaem Dory I Massachusetts a bhailigh saothar Uí Chonghaile agus a bhron ar mhuintir an oileán é.

D'éirigh sé as Ollscoil Harvard sa bhlian 1896 agus caith sé a raibh aige d'airgead ar thicéad ar bhord long Gearamánach go dtí an Aithin, áit a ndeachaigh sé san iomaíocht san chéad chluichí Oilimpeacha a reachtáladh le 1500 bliain.

Bhuaigh sé an bonn sa léim thiarach, ainneoin gurbh é a bhí sa léim thiarach san Aithin ná dhá thruslóg agus léim amháin, seachas an truslóg, foléim agus léim, a raibh an Conghaileach cleachtaithe agus é ina sheaimpín Meiriceánach.

De réir tuairiscí, chaith sé a shlat tomhais thar an phointe a bhain an iomatheor is mó, agus gur éirigh leis léim níos faide anal ná an pointe díreach faoi bhun 13.5 m, marc a bhí díreach faojin bhun an barrmharirc phearsanta, agus díreach faoi bhun bharrmharc an domhain a sharódh sé anon sa bhliain.

Bhain sé an dara háit san árdléim agus an triú háit sa léim fhada.

I ndiaidh dó páirt a ghlacadh sna Cluiche Oilimpeacha bhí saol suntasach aige ag taisteal timpeall na cruinne agus ag obair ar dhuganna agus bhí sé ina phaisnéir ar an RMS Republic nuair a bhuail an long an SS Florida í go luath maidin an 2 eanair, 1909.

Throid sé le Naoú Cos-Slua Massachusetts ag Cnoc San Juan le linn an chogadh idir an Spáinn agus Meiriceá, fuair sé coinne priobháideach leis an Phápa Pius X sa Róimh sa bhliain 1911., chuaigh sé san iomaíocht d'áit I gComhdháil Mheiriceá sa bhliain 1912 agus arís sa bhliain 1914.

Chaith sé tréimhse ina choimisinéir, in éirinn, ar choiste Mheiriceá um Fhóirithint in éirinn.

Tógadh dealbh in ómos dó sa bhliain I bpáirc Phoiblí Columbus mar a bhí ar ag an am, agus Péairc Phoiblí Columbas Joe Moakley atá anois ann, I  mBostún Theas.

D'éag Séamus Breandán Ó Conghaile in aois a 88 Bliain ar an 21 Eanair 1957.

Le hAna Ní Shúilleabháin, - 23-8-2004


Gary Kissal, Seosamh Ó Cuaig, Bob Quinn agus Michael Gill ag an teacht le chéle ar Árainn in omós do James Brendan Connelly. Bhronn Gary leabhair James ar mhuintir an oileáin.

Iris Phléarácha Fomhair 2004



'Here's one for the honor of County Galway'
44 Troigh 11.75 nórlach


The Connolly Collection (Colby College - Maine USA)

Mion eolas faoi Chonnelly (Béarla)

An céad buathóir sna Cluiche Oileampacha san Nua Aois (Gearmánais)

James Connolly - Le premier champion des Jeux modernes
James Connolly - The First Champion of the Modern Olympics

"Southie's Connolly - American Original" (Béarla)


"...if I were to pick one man for my sons to pattern their lives after, I would choose Jim Connolly."
Uachtarán Teddy Roosvelt

Pic: C.I.O.


Baile