Cumhacht do na hoileáin - Ó Cuaig

 

Is ag iarraidh ionadaíocht  níos fearr a shólathar do phoball na nOileán a bhí an comhleoir neamhspleách 

 


Ceist na nOileán

Tá na socraithe faoi Choiste na nOileán le plé arís ag cruinniú de Choiste Chomhairle Chontae Chonamara. Tarraingíodh anuas an t-árbhar seo ag cruinniú iomlán na Comhairle Contae coicís ó shin, ach mhol Cathaoirleach na Comhairle, Willie Burke, go bhfágfaí ag Comhairle Chonamara é le réiteach a fháil ar an scéal.

Tá sé molta ag an gComhairleoir Seosamh Ó Cuaig go gcuirfear naonúr as na hoileáin - trí Oileán Árann agis Inis Bó Finne - ar an gcoiste.  Tá sé ag iarraidh freisin go mbeadh toghchán ar na hOileáin leis na hionadaithe a roghnú. Ceaptar gur ochtar as na hOileáin a bhí ar intinn ag grúpa Chomhairleoirí Chonamara nuair a mhol said níos túisce i mbliana - b'in í an tsean Chomhairle - go mbunófaí Coiste na nOileán arís.

 

Máirtín Ó Catháin - Foinse 15-08-2004


Foinse 12-9-2004.

Creideann sé nach dtugann an Chomhairle Chontae aird mar is coir ar an bpobal sin.

 

Ag labhairt dó le Lá inné dúirt an comhairleoir Ó Cuaig go rasibh sé sásta leis an bhfáilte a cuireadh roimh an moladh ach go raibh a thuilleadh plé ler déanamh ar an gceist.

 

"Nuair a bhí na comhráití leis an gComhairle ar bun leag mé síos cúig phointe dhéag, ar cheann acu go mbeadh ionadaíocht níos mó ná mar a bhí luaite cheana do cheantar na nOileán.

"Is é atá I gceist ná go mbeadh naonúr tofa as ceantair na nOileán, agus go dtoghfadh na hOileánaigh na hionadaithe.

 "Bhí a leithéid ann cúpla bliain ó shin, Comhairle Cheantar na n-Oileán, agus d'oibrigh sé go maith.

 "Tháinig roinnt mhaith daoine amach le h-aghaidh na dtoghchán.

 "Cuireadh fáilte réasúnta maith roimh an moladh, agus tá an Chomhairle sásta é a phlé arís ag an gcoiste ceantair.

"Tá sé ráite ah Bainisteoir an Chontae go bhfuil sé ag lorg cúnamh chun na toghcháin a reachtáil."

 

De réir Uí Chuaig is í an chéad bheart eile a chaithfear a dhéanamh anois ná féachaint ar conas a roinnfear na ceantair. Caithfear cinneadh  a dhéanamh faoi  cé mhéid ionadaí a bheidh igceannas ar gach oileán.

 

Creideann Seosamh Ó Cuaig gur riachtanas é an coiste seo do cheantair na nOileán.

 

"Caithfear a cur ar a súile do Chomhairle Contae na Gaillimhe gur poball meabhrach, muiníneach, nua-aimseartha atá I gConamara agus in Árainn agus nach nglacfar níos faide le sieirbhíse de dara grad"

 

Le hAnna Ní Shúilleabháin ­ Lá 28/7/2004

Baile