Ó Cuaig 'ag tacú le toghchán don Áras'

 

Tá cinneadh le déanamh an dtabharfaí tacaíocht nó nach dtabhrafaí tacaocht d'iarratas Dana Rosemary Scallon ainmniúcháin uachtarántachta a fháil ó ¸homhairle Contae na Gaillimhe agus déanfar an cinneadh ag cruinniú na Comhairle Dé Luain seo chugann.

Tá gach dealramh ar an scéal, áfach, nach bhfaighidh Dana Rosemary Scallonainmniúchán ó Chomhairle Contae na Gaillimhe lena hiarracht seasamh mar iarrthóir I dtoghachán na huachtarántachta.

Oíche dé Luain a d'imigh tharainn tionóladh cruinnú idir baill an chomhaontais teicniúil, ina measc Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre, Sinn Féin agus neamhspleáigh.

Dana caillteach i measc na bpáirtithe beaga.

Rinne na Comhairleoirí neamhspleácha, Seosamh Ó Cuaig agus Pat Hynes, achainí láidir go tabharfadh na páirtithe móra deis do Dana dul san iomaíocht i dtoghchán na hUachtarántachta ag cruinniú de chuid Chomhairle Chontae na Gaillimhe an tseachtain seo.

Ach, ní go maith a bhí Dana ag fáil tacaíchta i measc na gComhairleoirí neamhspleácha agus páirtithe "aon fhear" atá ina suí gar do na Comhairleoirí Contae Ó Cuaig agus Ó hEidhin ag bord na Comhairle Contae. Bhótáil Colm Keaveney (Luch (sic) Oibre) agus Dermot Connolly (Sinn Féin) in aghaidh Dana. Bhótáil Séamus Breathnach (Neamhspleách>, Micheál Ó Fathaigh (Neamhspleách le gairid) ina haghaidh freisin. Níor thacaigh Seán Canney (Neamhspleách) leí ach oiread.

Sé Méara an Chontae, Willie Burke (Neamhspleách) an t-aon duine a thacaigh le Ó Cuaig agus Ó hEidhin. Dá réir sin, fiú agus dá ndéanfaí comhaireamh ar na bhótaí i measc na bpáirtithe "aon-fhear" den eite chlé agus na na neamhspleáigh de chuile chineál - gan bacadh leis na páirtithe móra - ní éireoidh le Dana ainmniúchán a fháil ó chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Máirtín Ó Catháin, Foinse 3/10/2004

Mhair an cruinniú céanna trí uair an chloig go leith agus I measc na gceisteanna a pléadh bhí iarratas Dana Rosemary Scallon ar ainmniúchán uachtrántachta.

Ag an gcruinniú sin chuir an comhleoir neamhspleach do cheantair Chonamara agus na hOileáin Seosamh Ó Cuaig ainm Dana chun tosaigh, agus chuidigh Pat Hynes, neamhspleach ó Bhaile Loch Riach le moladh Uí Cuaig.

Dúirt Méara na Gaillimhe agus an comhleoir neamhspleách, Willie Burke, gur chreid sé nach bhfaigheadh an iar-MEP aimniúchán nuair a gcruinneodh an Chomhairle ina iomlán, 31 comhairleoir, Dé Luain seo chugainn.

"Ní ag tacú le Dana atáim go díreach, ach ag tacú le toghchán a bheith ann, agus go mbeadh ar Mháire Nic Ghiolla Íosa a fhreagairt" a dúirt an comhairleoir Ó Cuaig in agallamh le Lá inné.

"Ó tharla go bhfuil sé de mhisneach aici í féin a chur chun tosaigh agus an feachtas a mhaoiniú í féin, ba choir seans a thabhairt di.

"Faoi láthair ní bhreathnaíonn sé ró-mhaith di, go háirithe os rud é go bhfuil an chuma air an scéal go bhfuil an dá pháirtí mór ina coinne."

Cheana féin tá naoi de chomhairlí contae tar éis ainmniúcháin do Dana a dhiúltú.

Ní mór do Dana tacaíocht a fháil ó cheithre comhaairle nó ó 20 ball den Oireachtas lena hainm a fháil ar an mballóid.

Tá ráite ag Séamas 'Chosaí' Mac Gearailt (FG) gur thacaigh sé le Dana d'fhonn daolnlathas a chur chun cinn.

"Níor tugadh aon treoir domsa gan vótáil ar a son, tá an daonlathas I bhfeidhm sa tír seo agus ba ceart go mbeadh an deis aici reachtáil sa toghchán."

Inné thug an comhaileoir Fianna Fáil as Cill Dara, Liam Doyle, le fios go bhfuil I gceist aige Dana a mholadh d'ainmniúchán uachtaránachta ag céad chruinniú eile na comhairle dé Luain seo chugainn.

Is ag moladh Dana atá sé chun féachaint chuige go reachtáilfear toghchán uachtarántachta ar an 22 Deireadh Fómhair agus nach bhfillfidh Máire Mac Giolla Íosa ar Áras an Uachtráin.

Le hAna Ní Shuilleabháin, Lá 22/9/2004


  • Tuairisc san Galway Advertiser 30/9/2004



  • Baile