Tús mo thréimhse 5 bhliana sa gComhairle Contae

Seosamh Ó Cuaig - Comhairleoir Contae

 

Ní raibh mé ach tagtha isteach an doras nuair a bhuail an fón. Comhairleoir Contae a bhí ann. "Tá muid ag iarraidh comhaontas a chur le chéile," a dúirt sé, "le ceannas a thógáil ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Ba mhaith linn labhairt leat." "Cén uair?" a deirimse. "Tá beirt ar a mbealach siar cheana féin,"a dúirt sé, "má bhíonn tú sásta a ghabháil chun cainte leo."

Seosamh Ó Cuaig agus Treasa Uí Chuaig ag canbhasáil in Inis Mór roimh thoghchán na Comhairle Contae.

Bhi Bean Roisín na Maithníoch i nGaillimh agus ní mé is fearr i gcásanna den tsórt seo. Ní hí ar pholaitíocht atá i gceist anois agam ach réiteach beag a dhéanamh don bheirt a bhí ag teacht.

 

Chuir mé glaoch práinneach go Gaillimh. "Tá an bheirt seo ag teacht," a dúirt mé Iéi. "Cé le haghaidh?" a d'fhiafraigh si. "Le haghaidh ceannas Chomhairle Chontae na Gaillimhe a shocrú,"a deirimse. "Cáide go mbeidh tú amach?"

 

"Céard tá tú fhéin a dhéanamh?" a dúirt sí. Bhí fhios agam mar sin féin ón gcaoi ar labhair si go ndéanfadh sí chuile dheifir go hÁill na Brún   

 

Tá dhá rud le déanamh anois agam, a deirimse - tine bhreá chroíúl a chur síos agus liosta pointí polasaí a bheith scríofa agam nuair a thiocfas an bheirt seo. Anonn liom go dtf bosca an ábhair tine go bhíaighmnn firelighter. Diabhal ceann a bhí ann. B'fhéidir go mbeadh aon cheann Tí Mhícheál, a deirimse. (Sin é mo  dheartháir atá ina chánaí in aice liom) M'anam go raibh agus neart firelighters.

 

Las mé an tine agus chuaigh mé ag scríobh na bpointí polasaí -  cheithre cinn déag. Anois a chomhair an díospóireacht uilig a bhí againn ag cruinnithe d'Fhóram lorras Aithneach le blianta anuas - bóthar nua go Gaillimh ... airgead ceart don bhóthar sin a'ainne, an 340 ... tuilleadh soilse ... linn snámha ... Leabharlann agus oifig i gCarna... Gan dearmad a dhéanamh Comhairle Contae faoi leith do Chonamara a iarraidh ... Coiste láidir ar na hoileáin ... réiteach eicint ar an trácht ar bhóthar Chois Fharraige ... Ionad an Phiarsaigh i Ros Muc .... céard eile?      

 

Bhí mé ag críochnú an ceathrú pointe déag go díreach nuair a buaileadh an doras. Bhí an bheirt ann - CoIm Keaveney as an Lucht Qibre agus Tiernan Walsh as Fine Gael......

 

Bhi a chuid oibre déanta ag an firelighter faoi seo agus lasracha ag gabháil suas an simléar. Shuigh muid le hais na tine agus thosaigh an mhargáil. Ar a laghad, a deirimse liom féin, tá siad seo sásta margáil a dhéanarnh: ba é an polasaí a bhi ag Fianna Fáil agus ag na PDs gan labhairt chor ar bith liom féin ná le Comhairleojr Shinn Féin, Dermot Connolly! Nior mhinigh siad ó shin cén fáth?

 

Fear cineál ardnósach é Colm Keaveney, beagáinín canúna air agus fonn air léachtanna beaga a thabhairt dhuit dá dtabharfá iomarca scóid dhó. Ní shin le rá nach bhíuil sé cumasach agus díreach. Maidir le Tiernan Walsh, fear tuaithe amach is amach é agus tá sé i bhfad ar an mbóthar. Eisean a rinne an chuid ba mhó den chaint.

 

"Sula ngabhíaidh muid nios faide," a deirimse, "tá cheithre phointe dhéag polasai réitithe anseo agam agus mura bhfaighidh mé toradh orthu ní  dhúinn a ghabháil nios faide." Bhreathnaigh Tiernan Walsh go foighdeach orm agus shin sé amach na cosa fada siúd atá faoi "Tá súil agam anois," a deir sé, "nach bhíuil tada iontu nach féidir a chur i bhíeidhm. Ach léigh amach iad go bhfeicfidh muid." Léigh. "By dad," a deir Tiernan, "tá siad sin sách réasúnach." "Tá," a dúirt Colm Keaveney.

 

Faoin am seo bhí Bean Roisín na Maithníoch tagtha abhaile agus níorbh fhada go raibh an tae agus an t-arán donn, na buns agus an cáca úllai ar bhoirdíní beaga amach ar aghaidh na beirte. "You can't beat the drop of tay," a dtúirt Tiernan. "It's delicious," a dtúirt Colm. Chaith muid píosa eile ag comhrá, chraith muid láimh le chéile agus d'imigh siad. Ni raibh ansin ach an chéad bhabhta margála.

 

Ba é an lá a dtáinig an Chomhairle nua le chéile an lá mór, ar ndóigh. In Óstán i nGaillimh a bhí muid anois -  ceathrar neamhspleách, fear as an Lucht Qibre, fear as Sinn Féin, agus deichniúir as Fine Gael. Bhí Colm sin againne in éineacht liomsa -  in aois a cheithre bliana déag, an té is óige ariamh a bhí lánpháirteach I sochrú na cumhachta I gComhairle Chontae na Gaillimhe, ná I gComhairle bar bith eile ach oiread déarfainn. "Ceithre phointe dhéag atá agat ansin, a Dhaide," a dúirt sé, ar an mbealach isteach. "Ba cheart dhuit ceann eile a chur leo." Mhínigh sé céard a bhí I gceist aige. B'fhíor dhó é. Chuir mé an biro ag obair láithreach.

 

Ba é bun agus barr an scéil gur glacadh le mo chúig phointe déag. Thosaigh roinnt na gcoistí ansin agus ceapadh na ndaoine a bheadh ina Méara ar an gComhairle. "Cén bhliain atá uaitse, a Joe?" a fiafríodh díomsa - "tá mé sásta mo chuid cearta ar an bpost sin a thabhairt d'fhear Shinn Féin anseo?" "Ní dóigh liom go bhfuil muid á iarraidh faoi láthair," a dúirt fear Shinn Féin.

 

Faoin am seo bhí an Comhairleoir "neamhspleach" Séamus Breathnach tagtha isteach. Bhí fhios aigesean cén bhhliain a bhí sé ag iarraidh a bheith ina Mhéara ach ní bhfuair sé é. D'imigh sé aríst - ar ais chuig Campa Fhianna Fáil.

 

Ni bheidh mé I  mo Mhéara ar an gComhairle Contae sna chúig bhliana atá romhainn ach cuireadh ar roinnt coistí tabhachta mé agus tá mé sásta. Is mé a bhéas i mo Chathaoirleach ar Choiste na mBóithre. Tá mé ar Údarás Réigiúnach an Iarthair agus ar Eagras na Teorann, Lár Tire, agus an Iarthair (BMW). Tá mé ar Bhord Forbartha an Chontae, ar choiste an lucht siúil,  ar choiste na scéimeanna uisce agus ar bhord na heagraíochta "Cumas". Tairgíodh cheithre bliana dhom ar an an V.E.C. ach theastaigh uaim fear as an bpobal seo a chur isteach agus d'éirigh liom trí bliana a fháil dhó.  Foilseofar a ainm nuair a thiocfas an t-am.

 

An mbeidh toradh ó thaobh Chonamara agus Árann ar obair na gCoistí seo ar fad? An gcuirfear mo chúig phointe dhéag polasaí i bhfeidhm? An aimsir a inseos é sin.

 

Rud arnháin atá ag rith thrí m'intinn fós: meastú cén leagan a bheadh ar an scéal seo dá mb'iad Connie Ní Fhátharta agus Tomás Mannion as Fianna Fáil a mbeadh na cosa sinte amach acu cois tine an oiche stairiúil úd in Áill na Brún?

 

(Toghadh Seosamh Ó Cuaig as Áill na Brún, Cill Chiaráin, ina Chomhairleoir Contae ar an 8ú lá Meitheamh, 2004).

 

Iorras Aithneach:Nollaig 2004

 

 

Pat Connolly
Seampín Pheadí Phaitseach

Baile