Toghadh Seosamh Ó Cuaig ina Chomhairleoir Contae neamhsleach ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe i dtús an tSamhraidh seo caite. San alt seo, cuireann sé sios ar cheann de na pointí polasaí atá aige mar chomhairleoir - sin Comhairle riarachain da cuid fain do Chonamara

Comhairle Chonamara

"Nuair a fuair mise cead cainte mhol mé go hard an dearcadh seo a bhí aige ach chuir mé i gcuimhne dhó freisin go dteastódh a dhul nios faide leis an scéal i gConamara -go bhfuil éileamh curtha chun cinn againn anois go mbeadh Comhairle dár gcuid féin againn sa taobh seo"

Tá Bainisteoir nua ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Pat Gallagher, fear a bhi tráth ina Theachta Dála de chuid an Lucht Oibre. Ní raibh sé i bhfad tagtha nuair a thug sé cuireadh do na Comhairleoiri Contae a theacht chun cainte leis.

An lá a raibh an chuid againn atá sa gComhaontas Teicniúil istigh mheabhraigh an Bainisteoir dhúinn go raibh sé ag súil go bhféadfai nios mé d'obair na Comhairle a dhéanamh feasta de réir ceantair, i.e na hoifigi áitiúla a neartú agus tuilleadh freagrachta a thabhairt do na cruinnithe ceantair a bhíonn ag na comhairleoiri go rialta.

Nuair a fuair mise cead cainte mhol mé go hard an dearcadh seo a bhí aige ach chuir mé i gcuimhne dhó freisin go dteastódh a dhul nios faide leis an scéal i gConamara - go bhfuil éileamh curtha chun cinn againn anois go mbeadh Comhairle dár gcuid féin againn sa taobh seo den chontae.

P Ó Gallchóir "Cá bhfios," a deirimse, "nach gcuirfeá féin isteach ar an bpost mar Bhainisteoir ar Chomhairle nua Chonamara nuair a bheas an post fógartha; fear mar thú a bhfuil ardcháiliochtai agat agus Gaeilge liofa." "Cén chaoi a mbeadh an tuarastal?" ar seisean agus aoibh an gháire air.

I nGaeilge a rinneadh an cómhra seo ach, ar ndóigh, nior dhearmad mé an chaint a rá arist i mBéarla le go dtuigfeadh na comhairleoiri ar fad a bhi i láthair céard a bhi ar bun againn. Mheabhraigh mé go maith dóibh freisin nach mise aniháin atá ag cur an éilimh faoi Chomhairle Chonamara chun cinn gurb é polasaí oifigiúil an Chomhaontais Teicniúil ar fad anois é.

Ag an gComhaontas Teicniúil seo atá móramh ar an gComhairle Contae faoi láthair. Is againn atá urlámhas ar na Coistí Pleanála dá réir. Tá na Comhairleoirí Neamhspleácha ann, fear Shinn Féin, fear an Lucht Oibre, agus lucht Fhine Gael.

Nuair a bhí na comhráiti ar bun leis an gComhaontas Teicniúil a chur le chéile bhi deis againn ar fad ár gcuid pointí polasaí a chur chun cinn. Chúig phointe dhéag a bhi agamsa agus bhí an Chomhairle do Chonamara ar cheann acu. bhí suim mór agam a fháil amach cén glacadh a bheadh ag comhhairleoirí as oirthear an chontae leis an éileamh sin.

Nuair is géire a bhí na comhráiti ar bun le ceannas na Comhairle a shocrú tháinig beirt acu chomh fada liom anseo in Aill na Brún fear as Fine Gael, Tiernan Walsh agus fear an Lucht Oibre, Colm Keaveney. Chuir mé mo chuid pointi polasai ós a gcomhair agus muid suite cois na tine.

Céard a déarfadh sibh le Comhairle faoi leith do Chonamara?" a d'fhiafraigh mé díobh. Ba é Tiernan Walsh ba túisce a d'fhreagair. "Duine ar bith a thiocfadh anseo as an áit a bhfuil mise i mo chónaí thoir," a dúirt sé, d'fheicfeadh sé lena shúile féin na difríochtaí móra atá idir oirthear agus iarthar an chontae ""two different countries altogether." Má thuigeann Tieran Walsh é nil baol ar bith nach dtuigeann léitheoiri na hirise seo é!

Ná glacadh muid ach oiread leis an gcaint a bhíonn ag daoine aithrid (a) gur nid neamhghnách a bheadh sa gComhairle nua ná (b) go mbeadh Conamara ró-bheag. Tá dhá Chomhairle i dTiobraid Árann le fada agus ni heol dom gur chuir sé aon bhac ar chúrsai riaracháin ann. Ní lú ná sin a laghdaigh sé tacaiocht an phobail d'fhoireann iománaíochta Thoibrad Árann

(Tá roinnt daoine saonta ann fós a déarfadh nach bhfuil ann ach aon Chontae na Gaillimhe amháin agus go gcaithfear dilseacht dó sin a chosaint!)

Nil sé i bhfad blianta ó roinneadh Contae Bhleá Cliath ina chomhairlí éagsúla áitiúla. Ni dhearna sé aon dochar dóibh siúd ach oiread.
"Nil sé i bhfad blianta ó roinneadh Contae Bhleá Cliath ina chomhairli éagsúla áitiúla. Ni dhearna sé aon dochar dóibh siúd ach oiread."

Maidir le méid an cheantair is é an freagra is éifeachtai air sin go bhfuil nios mó daoine ar liosta na vótáirí i gConamara ná mar atá (a) i gCo. Liatroma agus (b) i gceantar Chomhairle Contae Longfort!

Céard a cheapfadh lucht Rialtais faoi Chomhairle nua do Chonamara. Fear amháin acu a thug a thuairim go dtí seo an tAire Éamon Ó Cúiv. Thug seisean freagra mion sa gConnacht Tribune ar na chúig phointe dhéag a chuir mé chun cinn leis an gComhaontas Teicniúil a bhunú. Is fiú an méid a dúirt sé faoi Chomhairle Chonamara a riomh arist.

"I am absolutely delighted that Seosamh Ó Cuaig has adopted my approach in relation to this matter, particularly in relation to an examination of the arrangements of Cork County Council. In relation to Údarás na Gaeltachta, I have received proposals in relation to the amendment of the Údarás na Gaeltachta Act from Údarás na Gaeltachta. I intend in the near future to initiate a public consultation process in relation to possible changes in the Act. I am firmly of the opinion that one cannot review the structures of Galway County Council and examine the issue of a possible separate Council for Conamara without also considering the future role of Údarás na Gaeltachta in the Gaeltacht

Iris Phléarácha Fomhair 2004


SOC