18 POiNTE POLASAí

 

Tá dhá théarma caite ag Seosamh Ó Cuaig ar an Údarás anois.

Ba é an dara duine as Conamara é a toghadh ar an gComhairle Contae anuraidh.

Tá sé sa gComhaontas Teicniúil a bhfuil ceannas acu ar an gComhairle Contae.

É ceaptha freisin ar Údarás Forbartha an iarthair agus ar choistí eile.

Má éiríonn leis an iarraidh seo bainfidh sé úsáid as an Údarás, as an gComhairle Contae agus as Údarás Forbartha an iarthair ar son:

 

 

01.  An t-airgead a baineadh den Údarás a fháil ar ais.

02.  Córas banda leathan i chuile áit.

03.  ionaid spraoi do ghasúir agus áiseanna siamsaíochta do dhéagóirí.

04.  Naíolaonna agus naíonraí.

05.  Polasaí Gaeilge a mbeidh tacaíocht an phobail aige.

06.  Tuilleadh forbartha ar Arramara Teo. i gCill Chiaráin agus ar thionscal na feamainne tríd is tríd.

07.  Neartú na feilméireacht éisc in iorras Aithneach agus i gCeantar na nOileán.

08.  Cearta na n-iascairí beaga a chosaint.

09.  Bóthar nua as iarthar Chonamara go Gaillimh.

10.  ionad eolais ag Teach an Phiarsaigh, Ros Muc.

11.  Linn phoiblí snámha i gConamara.

12.  Polasaí níos láidre do na hoiléain trí cheangal dlúth idir na coistí oileán atá ag an Údarás agus ag an gComhairle Contae.

13.  Réiteach ar shéarachas an Spidéil.

14.  ionad siamsaíochta ar an gCeathrú Rua.

15.  Calafort breá i Ros a'Mhíl agus tionscail ar thalamh an Údaráis in aice láimhe.

16.  Oideachas tríú léibheal a chuir chun cinn sa nGaeltacht.

17.  Polasaí ceart tithíochta i mBearna.

18.  Cuidiú le Gaeilgeoirí sna ceantair nach í an Ghaeilge an ghnáth-theanga iontu.

 

 

Baile