Scéim Shóisialta na Tuaithe

Is lad na feirmeoirí cnámh droma na Gaeilge agus na Gaeltachta ó thús ama. Sheas siad an fód i gcoinne gach cineál brú - ó ionsaithe ag eachtrannaigh, an Gorta Mór suas go dtí díchuipláil an lae inniu. Tai caomhnú teanga, cultúir agus timpeallachta ar siúl acu sa tír seo ó chuir na chéad lonnaitheoirí fúthu i dtuaisceart na hÉireann 10,000 bliain ó shin. Is í an cheird is sine ar domhan í. Tá saibhreas teanga agus scileanna ag feirmeoirí nach bhfuil ag aon aicme eile sa bpobal. Táim lánchinnte gur ag eascairt as na tréithe sin a thug an tAire Ó Cuív aitheantas dóibh le bunú Scéim Shóisialta na Tuaithe an 17 Bealtaine. Cuirfidh an Scéim obair phobalbhunaithe ar fául, ar bhonn paiirtaimseartha, do 2,500 feirmeoir/lascaire (nó dá gcéilí) nach bhfuil in ann slí bheatha inmharthana a bhalnt amach dóibh féin ón bhfeirmeoireacht ná ón iascaireacht go lánaimseartha. Tá 250 áit ar fáil i gContae na Gaillimhe agus tá ochtui acu sin sa nGaeltacht. Tá 24 ar an scéim atá á reachtáil ag Comharchumann Sailearna.
Tá breis faoin Scéim seo ar shuíomh na Roinne

Biseach 2004 (Iris Chumann Forbartha Chois Fharraige)


Glór Chonamara - 30/9/2004
Scéim ShóisialtaTuaithe Ros a'MhíI, Bearna, agus, Maigh Cuilinn

I Seanscoil Shailearna in Indreabhán, seoladh Scéim Shóisialta Tuaithe don cheantar o Ras a'MhíI, Bearna agus Maigh Cuilinn.

Scéim thábhachtach í an scéim sea do phobal na Gaeltachta mar cuirfidh an scéim sea seirbhísí áirithe ar fáil don phobal agus tabharfaidh si sea breis ioncaim do fheirmeoirí agus d'iascairí atá ar iomcaim iseal.

Ta sé mar aidhm ag Údarás na Gaeltachta agus ag Meitheal Forbariha na Gaeltachta go mbeadh suas le 400 fostaithe ar an scéim seo sa Ghaeltacht roimh deireadh na bliana. Beidh scór duine fostaithe ar an Scéim ag Comharchumann Shailearna agus tá mórán gach áit ar an scéim tógtha cheana féin.

Tá an scéim ag freastal ar an gceantar ó Ros a' MhíI go Bearna agus Maigh Cuilinn agus i measc na n-oibreacha atá beartaithe a dhéanamh faoin scéim tá:

  • Forbairt ar pháirc spóirt Ros a' Mhíl.
  • Cothabháil ar Reiligí sa gceantar.
  • Cothabháil agus smacht a choinneail ar na bailte.
  • Cothabháil a dhéanamh ar chéibheanna an cheantair
  • Cothabháil ar bhóthair portaigh
  • Seirbhís freastail a chur ar fáil do ranganna ceirde.
  • Airíocht a dhéanamh ar oifig Chonradh na Gaeilge I nGaillimh
Tá obair nach beag déanta ag Comharchumann Shailearna Teo agus na Coisti Pobail i gceantar Chois Fharraige agus Mhaigh Cuilinn chun an scéim a chur ar an bhfód.

Bhí comhairle agus comh-oibri9d ar fáil ó Chomhar Leader na hÉireann foireann Údarás na Gaeltachta agus Meitheal Forbartha na Gaeltachta chun an scéim a chuir ar a chosa. Rinne an comharchumann faoi an obair eagrúchain áitiúil. tá an Scéim Shóisialta Tuaithe ar an bhfód i nGaeltacht dheisceart na Gaillimhe don ;héad uair anois agus nil aon amhras faoi ach go mbeidh tairbhe ann cheantar agus do ia daoine a bhéas páirteach inti.

Glór Chonamara - 4/11/2004



Baile