Llch Baile! An G-Fórsa


"Seo an Tús"

An Druma Mór 4/9/2009

Na rúin a moladh ag cruinniú na mban tí

  • Go dtabharfadh an rialtas aitheantas agus tacaíocht do Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge atá i gcroílár caomhnú na Gaeltachta agus cur chun cinn na Gaeilge.

  • Go gcoinneoidh an rialtas Roinn na Gaeltachta mar roinn iomlán inti féin ar maithe le caomhnú agus forbairt na Gaeltachta

  • Go gcoinneofar stádas cánach an lucht lóistín a choinníonn scoláirí Gaeilge mar atá sé faoi láthair

  • Go dtabharfaí freagracht iomlán na gcoláistí Gaeilge ó thaobh oideachais, teanga agus lóistín do Roinn na Gaeltachta.
  • 'An G-Fórsa', f/ch Trevor Ó Clochartaigh, An Caorán Beag, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe. (087)2476624.