Llch Baile! An G-Fórsa


MOLTAÍ AN BORD SNIP NUA I DTACA LEIS AN GHAEILGE & AN GHAELTACHT "....schemes aimed at Gaeltacht areas are not justifiable." (An Tuairisc Iml1: lc 41)
Tuarascáil an Ghrúpa Speisialta ar Uimhreacha na Seirbhíse Poiblí agus Cláir Chaiteachais - "An Bord Snip Nua"

Imleabhair 1

Imleabhair 2
i bhfoirm pdf

Níl leagan Gaeilge den tuairisc seo le fáil!

Preas Ráiteas ón Roinn Airgeadais i dtaobh na tuairisce (16/7/2009)

1. An Roinn Talmhaíochta, Iascaireachta & Bia (lth.1)

  • Aistriú cúraimí BIM chuig Fiontar Éireann & An Roinn Talmhaíochta
  • Deireadh a chur le Scéim na mBó Diúil
  • Ardú ar dhleachtanna galair
  • Athbhreithniú ar na Scéimeanna Eitinne & Brúsalóise
  • Deireadh a chur le REPS
  • Laghdú ar thacaíocht do na Ceantair faoi Mí-bhuntáiste
2. An Roinn Ealaíon Spóirt & Turasóireachta (lth. 13)
  • Laghdú ar mhaoiniú don Chomhairle Ealaíon
  • Aistriú cúraimí margaíochta Bord Scannán na hÉireann chuig Fiontar Éireann & deire le ciste infheistíochta
3. An Roinn Cumarsáide, Fuinneamh & Acmhainní Nádúrtha (lth. 23)
  • Páirt maoiniú TG4 díreach ón gceadúnas teilifíse
  • Deire le cláracha coigilt fuinnimh SEI (Te Teolaí)

Colm McCarthy
4. An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta (lth. 34)
  • Deire a chur leis an Roinn ar fad
  • Cúrsaí Gaeilge & Gaeltachta chuig An Roinn Oideachais
  • Deire le Scéim Deontais Tithíochta sa Ghaeltacht
  • Deire le Scéimeanna Gaeltachta
    • Scéim Labhairt na Gaeilge
    • Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (Mná Tí)
    • Deontaisí Pobail & Áineasa (Hallaí Pobail)
    • Deontais Feabhsúcháin Gaeltachta (Bóithre, céibheanna srl)
  • Laghdú €1m ar Chiste na Gaeilge
  • Laghdú ar allúntas infrastructúr na nOileáin
  • Aistriú cúraimí fiontair Údarás na Gaeltachta chuig Fiontar Éireann (laghdú 40 post)
  • Laghdú 196 post ina iomláine faoin Roinn
  • Athrú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla molta
  • Deire leis an scéim CLÁR
  • Deire le Cistí na gCuntas Díomhaoine
  • Laghdú ar thacaíochtaí Pobail & Deonach
  • Laghdú ar an gClár Seirbhísí Pobail
  • Laghdú ar an LDSIP & CDP (MFG/Cumas, Comhar na nOileán & Pléaráca)
  • Lárnú cistí faoin gComhairle Chontae - Coiste Cúram Leanaí, Páirtíochtaí, Tascfórsaí, Ionaid Deonachais, MABS srl
5. An Roinn Oideachais & Eolaíochta (lth. 54)
  • Deire leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta
  • Laghdú ar an Deontas Caipitíochta do Scoileanna
  • Comhnascadh Scoileanna Beaga
  • Laghdú ar líon na gCúntóirí Riachtanaisí Speisialta (SNA's)
  • Bac ar earcaíocht faoin National Education Psychological Service (NEPS)
  • Ardú ar an gcoibhneas múinteoir/dalta
  • Comhnascadh & Ciorruithe sna Coistí Gairmoideachais
  • Sábháiltí sa réimsi bun & meánoideachais
  • Athrú ar shocraithe saoire tinnis
  • Athruithe ar shocraithe In-seirbhíse
  • Díriú ar uaireanta teagaisc
  • Athrú ar 'Liúntaisí bainistíochta'
  • Cúrsaí Samhradh
  • Laghdú i Scéim Tacaíochta na Macléinn (3ú Leibhéal)
  • Athbhunú taillí Oideachais 3ú Leibhéal
  • Ciorruithe don Scéim Iompar Scoile (Táille €500 an dalta molta)
  • Laghdú tacaíochta do na hIonaid Oideachais
  • Athlonnú National Education Welfare Board (NEWB) & National Council for Special Education sa Roinn.
6. An Roinn Fiontair & Fostaíochta(lth. 76)
  • Athlonnú cúraimí fiontar & margaíochta Údarás na Gaeltachta, na comhluchtaí LEADER, Páirtíochta, Bord Scannán, Bord Bia, BIM Teagasc agus Coimisiún Forbartha an Iarthar faoi Fiontar Éireann.
  • Athlonnú seirbhísí fostaíochta ar fad (LES, LDSIP) faoi FÁS
  • Deire leis an 'Dual Entitlement' Leasa Shóisialaigh & Fostaíochta Pobail
  • Deire le Skillnets (Gréasán na Meán)
  • Deire leis an Liúntas & Bónais Oiliúna
7. An Roinn Comhshaoil, Oidhreacht & Rialtas Áitiúil (lth. 90)
  • Gearradh siar ar thógáil Tithíocht Comhairle Chontae & Deonach
  • Deire leis an Scéim Tithíochta ar Phraghas Réasúnach
  • Táillí uisce ar thithe príobháideacha
  • Laghdú ar thacaíocht airgeadais don Chomhairle Chontae
  • Comhnascadh Comhairlí Chontae
8. An Roinn Airgeadais (lth. 105)
  • Díolachán maoine Oifig na nOibreacha Poiblí & Ranna Stáit
9. An Roinn Gnóthaí Eachtracha (lth. 120)
  • Deire le Pas in aisce do dhaoine os cionn 65
10. An Roinn Sláinte & Leanaí (lth. 126)
  • Deire le comhaoiniú eagrais dheonacha leis an gCrannchur Náisiúnta
  • Deire le socraithe eatramhach faoin NCIP (National Childcare Investment Programme)
  • Deire le 'Banda C' faoin NCIP
  • Comhnascadh Coistí Cúram Leanaí leis an gComhairle Chontae
  • Athrú ar threoirlínte do Chártaí Leighis
  • Athrú ar an Scéim Íocaíochtaí Drugaí (Drugs Payment Scheme)
  • Táille othair €5 ar gach oidis leighis faoin GMS & Scéim Tinnis Fadtéarmach
  • Ardú ar tháillí Ospidéil
  • Gearradh siar ar sheirbhísí iompair othair
  • Gearradh siar €50m ar sheirbhísí míchumais & meabharghalair
  • Ardú ar chostaisí cúram aosaigh faoin 'Fair Deal'
  • Tástáil maoine do Chúramóirí Baile
11. Tithe an Oireachtais (lth. 146)
  • Laghdú i líon na dTeachtaí Dála
  • Athbhreithniú ar riachtanas an dá theach - Seanad & Dáil - molta
12. An Roinn Dlí & Cirt (lth. 155)
  • Gearradh siar 50% ar líon Bheairicí na nGardaí
  • Athbhreithniú ar na liúntais Gaeltachta & Oileánda do na Gárdaí
  • Gearradh siar ar líon na gCúirteanna Dúiche
  • Aistriú cúraimí míchumais ón Roinn chuig an HSE
  • Gearradh siar ar thionscnaimh Chomhionannais
13. An Roinn Sóisialach & Teaghlaigh (lth. 184)
  • Laghdú 5% ar na rátaí leasa shóisialaigh
  • Grádú ar an 'Jobseekers Allowance' de réir aoise
  • Deire leis na h-íocaíochtaí cóir leighis faoin SIF
  • Deire leis na dé-íocaíochtaí (dual payments) Leasa Shóisialaigh agus CE
  • Cáin ar an bPacáiste Sochar Teaghlaigh (Household Benefits Package)
  • Ardú ar aois an phinsean
  • Laghdú ar an Íocaíocht Breise Cíose
  • Athraithe don chóras ASPC (PRSI) molta
14. Roinn an Taoisigh (lth. 202)
  • Deire leis an Oifig um Shaoránacht Ghníomhach
15. An Roinn Iompair (lth. 212)
  • Deire leis an gClár Taisteal Tuaithe
  • Díolachán bealaigh brabasúil 'Expressway'
  • Laghdú 10% ar chistí cothabháil bóithre
  • Seirbhísí seachtracha molta chun tástáil tiomána & eisiúnt ceadúnais a sholáthar
  • Deire le forbairt Bhealach Iarnróid an Iarthar
  • Deire le tacaíocht stáit do na haerbhealaí réigiúnacha
  • Deire le deontais reachtála do na h-aerfoirt réigiúnda
Achoimre curtha le chéile ag 'An G-Fórsa', f/ch Trevor Ó Clochartaigh, An Caorán Beag, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe. (087)2476624.