Ní raibh urlabhraí Gaeltachta
Fhine Gael, Dinny McGinley,
sásta a rá inné cén fáth nach
raibh siad ag moladh leasuithe a
dhéanamh ar an mbealach a
múintear an Ghaeilge sula
ndéanfaí ábhar roghnach di san
Ardteist, de réir mholadh
conspóideach an pháirtí.
Thug an Teachta McGinley
tacaíocht láidir do phlean
conspóideach an pháirtí
deireadh a chur leis an nGaeilge
mar ábhar riachtanach Ardteiste.
"Aontaím le gach polasaí de
chuid an pháirtí," arsa sé le Lá.
"Tá daoine ag díriú ar mhír
amháin den phacáiste atá againn
don Ghaeilge sa chóras
oideachais agus ba cheart
amharc air ina iomlán.
"Tá cúig rannóg ann, ina
measc, curaclam na
mbunscoileanna a athrú ó bhun
go barr agus 50% de na
marcanna don Teastas
Sóisearach a thabhairt don
scrúdú labhartha."
Níor dhúirt an Teachta
McGinley, áfach, cén fáth nach
bhféadfaí na leasuithe seo a chur
i bhfeidhm i dtosach báire chun a
n-éifeacht a mheas roimh aon
athrú a dhéanamh ar stádas
riachtanach na Gaeilge ag
leibhéal na hArdteiste.
"Nuair a thosaigh mise
amach ag múineadh, ba é an
Roinn Oideachais a bhí ag brú na
Gaeilge chun cinn ach anois níl
Gaeilge ach ag 3% den
fhoireann.
"Caithfear an córas a athrú nó
ní bheidh aon Ghaeilge fágtha sa
chóras oideachais i gceann 20
bliain."
Tá achainí ar-líne tosaithe ag
Glór na nGael chun chur i
gcoinne an phlean agus tá ráiteas
eisithe ag Conradh na Gaeilge a
thugann comhairle don phobal
gan vótáil san olltoghcháin i
2007 ar son aon pháirtí a
thacaíonn le deireadh a chur leis
an nGaeilge mar chroí-ábhar
Ardteiste.
Inné, cháin Julian de Spáinn
ón gConradh an míniú a bhí ag
Fine Gael ar an bhfáth nach raibh
an preasráiteas a d'fhoilsigh siad
Dé Luain (mar fhreagra ar
mholadh an Chonartha) i
nGaeilge.
Dúirt urlabhraí an pháirtí go
raibh go leor daoine sa pháirtí ar
fáil chun labhairt i nGaeilge ach
gurbh é "fírinne an scéil, áfach,
nach raibh Gaeilge ag go leor de
lucht na meán náisiúnta i mBaile
Átha Cliath agus "nach mór
dúinn ár ráitis a chur in oiriúint
don bhfíorshaol."
De réir de Spáinn, is "masla
amach is amach é seo do na
meáin Ghaeilge - do Lá, Foinse,
Raidió na Gaeltachta, TG4,
beo.ie agus eile agus tá muid thar
a bheith míshásta faoi.
"Tá siad ag rá go bhfuil siad
ar son an dátheangachais, ach
léiríonn sé sin nach dtuigeann
siad an rud ar chor ar bith.
"Glacaim leis go bhfuil siad
dáiríre faoin teanga sa chóras
oideachais ach tá siad ag gabháil
don cheist sa bhealach mícheart.
Tá siad ag iarraidh cur in iúl don
phobal go bhfuil réiteach simplí
ar na fadhbanna atá ann faoi
láthair."
In ainneoin an tionchair
mhóir a d'fhéadfadh a bheith ag
moladh an Chonartha ar
olltoghchán na bliana seo
chugainn, ba é Daily Ireland,
siúr-nuachtán Lá, an t-aon
nuachtán Béarla náisiúnta a
thuairiscigh ráiteas an
Chonartha, inné.
"Sheol muid an preasráiteas
chuig na meáin ar fad ach níor
chlúdaigh siad é. Fuair muid
roinnt tagairtí sna nuachtán
áitiúla agus ar an raidió. Tá os
cionn 20 agallamh déanta ag
Uachtarán an Chonartha, Daithí
Mac Cárthaigh, agus ar a laghad,
deich gcinn eile le teacht. Mar
sin, tá an scéal á scaipeadh, de
réir a chéile."