Lá - NUACHTÁN LAETHÚIL NA GAEILGE
Lucht Oibre le cinneadh a thógáil ar an nGaeilge
Le Colm Ó Broin

Tá sé ráite ag Páirtí an Lucht Oibre go bhfuil siad i lár próiseas inmheánach comhairliúcháin faoi deireadh a chur leis an nGaeilge mar ábhar éigeantach don Ardteist, macasamhail an mholta atá déanta ag Fine Gael.

Tá sé ráite ag Pairtí an Lucht Oibre go bhfuil siad i lár próiséis comhairliúcháin inmhéanaigh faoi deireadh a chur leis an nGaeilge mar ábhar éiginteach don Ardteist
The Labour Party has said that they are in the middle of an internal consultation process about ending the required status of Irish for the Leaving Certificate
Cuireadh rún ós comhair comhdháil bhliantúil an Pháirtí i dTrá Lí anuraidh chun an aidhm seo a bhaint amach agus, de réir urlabhraí, beidh cinneadh oifigiúil acu ar ball.

Tá an chomhairliúchán faoin Ardteist faoi stiúir Urlabhraí Oideachais an Pháirtí, Jan O'Sullivan TD, agus tá Urlabhraí Gaeltachta an Pháirtí, Brian O'Shea TD, i mbun comhairliúcháin faoi pholasaí cuimsitheach ar stádas na teanga sa sochaí i gcoitianta.

"Is ceist thábhachtach í agus ní féidir cinneadh a dhéanamh thar oíche; tá dhá thaobh den argóint ann agus caithfear dul tríd na próisis agus na gnásanna cuí atá ag an bpáirtí sula dtógtar cinneadh.

"Tógann na rudaí seo go leor ama ach ní chiallaíonn an méid ama go bhfuil muid ag caitheamh ar an gceist go bhfuil a lán tacaíochta i measc na baill don rún."

Bhuail Conradh na Gaeilge leis an bPairtí inné chun a bhfearg faoi mholadh Fhine Gael a chur in iúl don Lucht Oibre, a bheidh i mbun feachtas toghchánaíochta le Fine Gael an bhliain seo chugainn.

"Bhíomar an-sásta leis an gcruinniú," arsa Juliann de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, "bhí plé breá againn agus chuireamar ár dtuairimí ós a gcomhair.

"Níor dhúirt siad aon rud linn seachas go mbeadh cinneadh acu roimh dheireadh an tseisiúin seo den Dáil (ag deireadh mí Meithimh).

"Beidh muid ag bualadh le páirtithe eile, na PDs, Sinn Féin, an Comhaontas Glas agus an Pairtí Soisialach, chun na ceiste a phléigh freisin."

Dúirt de Spáinn nach mbeadh an Conradh ag caint le Fianna Fáil faoin Ardteist de bharr an tseasaimh láidir atá tógtha ag an Aire Oideachais, Mary Hanifan, i gcoinne moladh Fhine Gael.