Lá - NUACHTÁN LAETHÚIL NA GAEILGE
Briatharchath
Le Colm Ó Broin

Ghéaraigh an t-aighneas faoi stádas na Gaeilge ag leibhéal na hArdteiste arís eile inné nuair a nocht grúpaí ionadaíochta mac léinn a ndearcadh faoi mholadh Fhine Gael go gcuirfí deireadh le riachtanas na Gaeilge san Ardteist.

Ghéaraigh an ta-ighneas faoi stádas na Gaeilge ag leibhéal na hArdteiste inné nuair a nocht grúpaí ionadaíochta mac léinn a mbarúil faoi mholadh Fhine Gael.
The dispute over the status of Irish for the Leaving Certificate continued yesterday when student representative groups outlined their views on Fine Gael's proposal.
Tá Aontas na Mac Léinn Iarbhunscoile, Na Gaeil Óga agus Aontas na Mac Léinn ar aon intinn go bhfuil gá le hathrú mór ar churaclam na Gaeilge sa chóras oideachais ach tá an grúpa Iarbhunscoile ag rá gur cheart go mbeadh an rogha ag daltaí gan an tábhar a dhéanamh don Ardteist.

"An rud is tábhachtaí atá á rá againn go bhfuil an rialtas ag tabhairt neamhairde ar an nGaeilge agus go bhfuil géarghá le hathstruchtúrú iomlán ar an gcuraclam," arsa Nik Trigoub- Rotnem, Uachtarán na heagraíochta.

"Ach rinne muid cinneadh gur cheart go mbeadh an méid ionchuir agus is féidir ag daltaí ina n-oideachas féin agus dá bharr sin go mbeadh an méid roghanna is féidir acu maidir le hábhair, an Ghaeilge san áireamh.

"Is léir go dtitfidh líon na ndaltaí a dhéanann Gaeilge má thagann deireadh leis an stádas riachtanach, ach ar an taobh eile de, beidh níos mó acmhainní le haghaidh na ndaoine a bhfuil suim acu sa teanga."

Dar leis, is é an réiteach is fearr ar na fadhbanna sa chóras oideachais ná an curacalam a leasú i dtosach báire, féach conas a mhothaíonn na daltaí faoi tar éis bliana nó dhó agus ansin rogha faoin teanga a thabhairt do na daltaí.

"Creideann Aontas na Mac Léinn Iarbhunscoile gur acmhainn luachmhar í an Ghaeilge do dhaltaí in é;irinn agus is cinnte gur cuid de chultúr na tíre í an Ghaeilge.

"Ní léir, áfach, dá lán daltaí an gá atá léi. Ní bhíonn an deis acu í a úsáid, fiú má tá siad go maith aici agus is ceist í sin don tsochaí i gcoitinne. Níor cheart brú a chur ar dhaltaí an teanga a dhéanamh muna dteastaíonn sí uathu." Seán Ó hAdhmaill, Cathaoirleach Na Gaeil Óga, níl sé ag teacht leis an tuairim seo nó dar leis gur cheart go mbeadh an teanga ina croí-ábhar mar is í teanga na tíre í.

"Tá sé tábhachtach go mbeadh an Ghaeilge agat chun nasc a bheith agat le stair agus cultúr na tíre, agus leat féin. "Gan teanga na tíre, tá tú ag cur baic ort féin idirghníomhú leis an sochaí.

"Ní hé an riachtanas atá ag cruthú na bhfadhbanna, is é an siollabas agus an tslí a muintear an teanga.

"Tá muidne ag iarraidh an deis a thabhairt do dhaoine óga an Ghaeilge a úsáid."

Dúirt an tUas Ó hAdhmaill go mbeadh Na Gaeil Óga ag lorg cruinniú le Aontas na Mac Léinn Iarbhunscoile chun an dearcadh a bhí ag an eagras sin a phlé. Dúirt sé go raibh súil ag Na Gaeil Óga gur míthuiscint a bhí ann agus go bhféadfaidís tabhairt ar an eagras a gcuid tuairimí a athrú. Tá ráiteas láidir eisithe ag Aontas na Mac Léinn in é;irinn freisin a éilíonn ar Fhine Gael a moladh conspóideach a tharraingt siar.

"I ndiaidh na n-agóidí a rinne iad siúd a bhí feargach faoi na hiarrachtaí ísliú céime a thabhairt do phríomhtheanga na hé;ireann, tá tacaíocht léirithe ag mic léinn do na heagraíochtaí atá obair go dian chun go mbeadh meas agus cosaint ag an nGaeilge agus chun go mbeadh sí curtha chun cinn i ngach réimse den saol poiblí."

'Chomh holc is atá an giolla, níos measa gan é!'

Dónall Mac Giolla Chóill

Níl i moltaí Uí Chionnaith faoin Ghaeilge san Ardteist ach gairm chun an teanga a loit, ar mhaithe le vótaí a bhaint.

Tá a fhios agam go bhfuil daoine amuigh ansin bréan de scéal Fhine Gael, agus an t-ionsaí leanúnach ar an Ghaeilge, agus go bhfuil pinn, níos ábalta agus níos eolaí ná mo pheann féin, gníomhach le tamall anuas ag tabnhairt faoin ionsaí is déanaí seo, ach ní mhothaím ceart agus bheadh codladh na hoíche ceilte orm muna gcuirfinn mo ladhar féin sa scéal. Seo linn, agus ina dhiaidh seo, tost faoin ábhar uaimse.

Tá sé molta ag Dáithí Mac Cárthaigh go dtabharfaimis ár vóta ag an chéad olltoghchán eile d'aon pháirtí a sheasann leis an Ghaeilge, agus a bhfuil polasaithe poiblí acu i leith leas na teanga (.i. aon pháirtí nach Fine Gael é). Ní bheidh sin deacair domsa.

Leanfaidh mé comhairle ár nUachtaráin chóir, gan stró, mar nár vótáil mé riamh, agus le cuidiú Dé, ní vótálfaidh mé choíche do Fhine Gael. Ceart go leor, baineann an scéal sin leis an ábhar gur Blueshirts iad agus gur de bhunadh Fhianna Fáil muidne i dtigh s'againne.

Is cuimhin liom an chéad uair a sheas mé i mbothóg vótála agus an liosta os mo chomhair. Chuaigh mé síos an liosta, ag tosú le huimhir 1 agus ar aghaidh liom go dtí gur chaith mé an vóta deireanach, 9 nó 10, measaim. Bhí ainm amháin fágtha agus gan uimhir os a chomhair, ionadaí Fhine Gael. Bhog mo pheann luaidhe. I m'intinn, bhí comhrá idir mo choinsias is mo chroí: "Thug tú vóta don Lucht Oibre, nó cibé ainm atá orthu na laethanta seo (seans gur Daonlatheas Clé nó Páirtí na nOibrithe a bhí orthu ag an am), cad chuige nach dtabharfá vóta do Fhine Gael? Nach fear deas é Dinny?"

Bhog mo pheann luaidhe arís i dtreoó an bhosca agus ansin, chuala mé guth a rá liom, "Tá tú réidh, tá do vóta caite agat, siúil leat 'na bhaile." Anois, áit rúnda í an bhothóg vótála agus ní raibh ansin ar chúl an chuirtín ach mé, ach bhí an guth glan soiléir le cloisteáil agam, agus guth m'athara a bhí ann.

Ní raibh sé sa tseomra. Bhí sé an uair sin i gCut Sheoirse, ag bun an chnoic, ní ar an phortach, ach sa phortach. Bhí sé san uaigh le cúig bliana faoin am seo. Ach go fóill, ní thiocfadh liom dul i gcoinne an dúchais. Níor vótáil Cóilleach riamh do Fhine Gael, agus ní raibh mise chun nós trí ghlúine a bhriseadh.

Mhair mise go fóill i ré Chogadh na gCarad. Rugadh m'athair i 1922, agus bhí an teannas go fóill le mothú. Fianna Fáil i Mín an Chladaigh, Fine Gael i nGlais Dobhar Chú. Muintir na gCos Dubh, sin ainm mhuintir Ghlais Dobhar Chú orainne. Blueshirts, sin ainm s'againne orthu.

Anois dá mbeadh aon chlaonadh agam vóta a chaitheamh do Fhine Gael, tá an Gaeilgeoir Mór ó Chontae Mhaigh Eo, é;anna (sic) Ó (sic) Cionnaith (sic), tar éis an dúil sin a bhaint díom. Ní bheadh an goile agam marc a chur os comhair ionadaí de chuid an fhir chéanna, chan anois agus é ag iarraidh na daoine ar fud na tíre, lucht "Roish" na Carraige Duibhe, agus na "Yah's" in Áth Cliath 4 nár tháitin an "Oirish" riamh leo ar scoil agus a leanann rugbaí agus a chanann Ireland's Song a mhealladh chun a bhrait.

Tá moltaí ciallmhara maidir le teagasc na teanga déanta ag daoine, rudaí a chóireodh an córas ón bhonn aníos. Níl i moltaí Uí Chionnaith (sic) ach gairm chatha chun na mbodhar agus na mbómán chun an teanga a loit, ar mhaithe le vótaí a bhaint. Irish above politics a bhí ar phaimfléad de chuid an Chadhnaigh, cá bhfuil sé inniu, comóradh céad blian a bhreithe? An bhfuil an chré os cionn a choirp corraithe?

Tá moladh agamsa anois, chun deireadh a chur leis an mhéid seo:

    1. Go gcuirfí ionadaithe pobail, gníomhaithe ar son na ndaoine sna Gaeltachtaí ina seasamh sa chéad olltoghchán eile, agus go ndíreodh na daoine seo iar shuíocháin Fhine Gael a bhaint.
    2. Go mbeadh polasaithe pobalbhunaithe, logánta ag na daoine seo a sheasfadh, go mbeadh siad neamhspleách, ach faoi scáth eagraíochta náisiúnta, scáthpháirtí ar a dtabharfaí Clanna Gael, abair (muna bhfuil ainm níos fearr ann.)
    3. Go ndíreodh siad ar leas an phobail, cúrsaí pleanála agus teanga, liúntais chánach do cheantair Ghaeltachta faoi mhíbhuntáiste (tuigim gur athluaiteachas é 'ceantair Ghaeltachta faoi mhíbhuntaiste'.)
    4. Go mbeadh díospóireacht chéillí ann san fheachtas toghchánaíochta.
    5. Dá n-éireodh leis na daoine seo vótaí a bhaint de Fhine Gael, nár mhaith an rud é? Bá bhreá dá dtarlódh sin, ach is é an príomchuspóir ba chóir a bheith againn chun a bheith réadúil nó vótaí agus, dá réir sin, suíocháin a choinneáil ó Fhine Gael, iad a choinneáil as rialtas.
Cá bhfios? Agus na daoine cearta roghnaithe, b'fhéidir go dtiocfadh daoine a thoghadh go Dáil é;ireann ar thicéad an phobail (seachas ticéad na Gaeilge, mar is ionnan sa Ghaeltacht an Ghaeilge agus an Pobal le 'p' mór). Caithfidh go bhfuil go leor ceantar againn sa tírín seo ina bhfuil ionadaithe Fhine Gael faoi bhrú, agus go bhfuil daoine ann a oibríonn go deonach ar son an phobail agus ar son na Gaeilge. Tá an dea-mhéin agus an tacaíocht pholaitiúil ansin. Tá vótaí á gcaitheamh do bhaill de Údarás na Gaeltachta, agus an rud is tábhachtaí go mbeadh fáilte roimh dhuine ar bith san fheachtas togchánaíochta seo ach iad a bheith i gcoinne pholasaí Fhine Gael.

A Dhia, tá sé agam! Bheadh siad mar a bheadh na PDs ann ach in ionad a bheith i gcoinne Charlie Haughey, bheadh siad i gcoinne Enda Kenny, agus níos tábhachtaí arís, bheadh croí agus coinsias acu (le hidirdhealú a dhéanamh idir iad féin agus na PDs), gan iomrá ar anam agus cuspóir cóir.

Níl ann ach smaoineamh, agus tá sé anois amuigh ansin. Páirtí nua de dhaoine nach bhfuil aon cheangal eatarthu ach leas na ndaoine, fíor-leas na ndaoine, muintir an imill, muintir na Gaeltachta, Clann na nGael. Troid é seo, troid fhíochmhar ar son na teanga, ar son ár bpobail, ar son na nglúnta a thiocfaidh, nach bhfuil saolaithe fós. Caithfear beart éigin a dhéanamh chun stop a chur le Foine Gwael (sic), agus más rud é gurb é an rialtas seo againn i láthair a thiocfaidh ar ais, bhuel, bíodh sin.

Mar a déarfadh mo sheanmháthair, "Chomh holc is atá an Giolla, níos measa gan é!"

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an chólúnaí ag donall@nuacht.com