Cá bhfuil an fhianaise?
Níl aon fhianaise ann gur 'éigeantacht' na Gaeilge is cúis le droch chaighdeán labhartha: tacadóir mholta Fhine Gael Le Colm Ó Broin
Ag labhairt do le Lá dúirt an Dr.
Kevin Williams, léachtóir sinsireach in
Institiúid Mater Dei, agus tacaí an
mholta chun stádas na Gaeilge don
Ardteist a athrú, nach bhfuil aon
fhianaise aige gurbh í éigeantacht na
teanga is cúis le droch-chaighdeáin
labhartha na ndaltaí scoile sna 26
Contae.
Labhair an Dr. Williams, ar cainteoir
Gaeilge é, ag an gcomhdháil a
d'eagraigh Fine Gael i mí Márta chun
an cheist a phlé agus tá comhairle
tugtha aige freisin d'údaráis oideachais
na Breataine i leith éigeantacht na
dteangacha eachtranacha sa chóras
scoile.
"Níl fianaise agam, ach ceapaim
gurb í an éigeantacht is cúis leis na
deacrachtaí atá ann faoi láthair," arsa sé
le Lá.
"Tá sé an-deacair teanga a
fhoghlaim sa chomhthéacs scoile nuair
nach bhfuil baint aige le saol an dalta ó
lá go lá agus nuair nach bhfuil suim ag
an dalta ann."
"Tá ard-nósachas ag baint leis an
dearcadh atá ag roinnt daltaí ar an
teanga; feicim é seo nuair a dhéanaim
cigireacht sna scoileanna i gceantair
atá an-saibhir agus i gceantair atá anbhocht.
"Ní rud sláintiúl é ach sin é mar atá
sé."
Ní raibh tuairim ag an Dr. Williams
ar cén fáth a mbeadh dearcadh 'ardnósach'
ag Éireannaigh i dtaobh a
dteanga náisiúnta.
Dúirt sé freisin nár ghéilleadh don
dearcadh seo a bheadh ann stádas na
teanga a athrú ach gur luigh sé le ciall.
"Ní cheapaim gur leis an gcuracalam
atá an fhadhb, tá múinteoirí an-seiftiúil
agus tá bua na samhlaíochta acu agus
iad ag múineadh na Gaeilge ach níl ag
éirí leo; má leasaítear an curacalam
beidh an fhadhb céanna ann."
De bharr seo, dar leis, ní bheadh aon
tairbhe ag baint leis an gcuraclam a
leasú sula ndéantar aon athrú don
stádas éigeantach.
"Má chuirtear deireadh leis an
stádas sin, ní bheidh na himpleachtaí
chomh dona agus a cheaptar, faoi
láthair níl daltaí ag foghlaim na
Gaeilge."
Mhol an Dr Williams do na húdarás
sa Bhreatain deireadh a chur leis an
éigeantacht a bhí ar daltaí teanga
eachtranach a fhoghlaim tar éis
Eochair-Chéim 4,(mar an gcéanna le
leibhéal an Teastais Shóisearaigh sa
Phoblacht), rud a tharla i 2001.
Ó shin i leith tháinig titim 25% ar
líon na ndaltaí a déanann staidéar ar
theanga eachtranacha.
Dúirt an Dr. Williams nach raibh
tacaíocht faighte aige ó shaineolaithe
oideachais eile ach gurb é an fáth leis
seo go raibh eagla ar a lán acu dul i
gcoinne an "an dearcaidh sábháilte".
Tá moladh Fhine Gael cáinte ag an
Ollamh David Little, Ceannaire na
Scoile um Staidéar Teangeolaíochta,
Labhartha agus Cumardsáide i
gColáiste na Tríonóide.
"Is botún mór a bheadh ann," arsa
Little le Lá, "níl mórán dabht ann ach
go mbeadh an Ghaeilge ina ábhar
mionlach don Ardteist láithreach bonn
agus sara bhfad chloisfimis argóintí
chun na Gaeilge a dhéanamh roghnach
don Teastas Soisireach agus mar sin de
thíos an córas ar fad.
"Má tá ár bpolaiteoirí dáiríre faoin
nGaeilge a chaomhnú, caithfidh siad a
bheith dáiríre freisin faoin nGaeilge a
choiméad mar ábhar éigeantach ó tús
go deireadh na scolaíochta."
Lá - 31/5/2006 |
Is mó atá scríofa ar mholadh conspóideach
Fhine Gael thar thréimhse gairid ama ná ar
go leor ábhair eile sa nuachtán seo.
Cé go bhfuil go leor rudaí ag tarlú sa tír agus ar
domhan atá tábhachtach - b'fhéidir níos tábhachtaí - ná
moladh a bheith déanta ag páirtí polaitiúil atá, de réir
na pobalbhreitheanna, i mbéal na cumhachta, is ceist
tábhachtach í seo ní hamháin do phobal na Gaeilge ach
don phobal i gcoitinne.
Sa chaoi is a bhfuil polasaí Fine Gael faoi láthair, ní
fhéadfadh nuachtán Ghaeilge nó eagras Gaeilge
moladh dá leitheoirí nó dá mbaill vótáil ar son an
pháirtí sin. B'ionann é agus moladh do thurcaithe
vótáil ar son na Nollag.
Ní hionann sin agus a rá go bhfuil Fine Gael ina
pháirtí gallda nó gur páirtí é nach bhfuil daoine ann atá
ar son na teanga. Go deimhin, gach seans go bhfuil go
leor sa pháirtí nach n-aontaíonn le moladh an
cheannaire.
Tá sé ráite agus athráite go bhfuil deacrachtaí
maidir le caighdeán na Gaeilge sa chóras oideachais.
Níl sé sásúil go mbeadh mic léinn ag fágáil na scoile
gan greim acu ar an dteanga sa chaoi is gur féidir leo í
a labhairt agus a scríobh go réasúnta líofa.
Cloch chinniúnach ar charn an pholasaithe seo an
admháil sa nuachtán seo inniu, ó shaineolaí a
thacaíonn le polasaí Fhine Gael, nach bhfuil aon
fhianaise ann gurb é an 'éigeantacht' is cúis leis an
meath chaighdeáin seo.
Tacóidh gach cainteoir Gaeilge sa tír agus go
hidirnáisiúnta le Fine Gael mas amhlaidh gur i
bhfírinne go bhfuil an páirtí sin ag iarraidh an drochstaid
ina bhfuil an teanga sa chóras oideachais a
réiteach.
Ach ní luíonn sé le ciall, le saineolas, le loighic nó le
réasún d'aon sórt deireadh a chur le sta§das na Gaeilge
mar theanga riachtanach ag am go bhfuil níos mó
deiseanna ná riamh ann í a úsáid sa saol mhór agus,
lena chois sin, slí bheatha a saothrú inti.
Mura n-éisteann Enda Kenny agus Fine Gael le pobal
na Gaeilge ar an gceist tábhachtach seo, an fáidir iad a
thrust maidir le héisteacht le pobal na tíre ar cheisteanna
tromchúiseacha eile? Sin ceist d'Fhine Gael.
GLUAIS: eagras - oraganisation; éigeantacht - compulsion; saineolaí - expert
|