An féidir polaiteoir Éireannach a thrust? Sin an cheist a
bheidh go leor ag cur ar maidin agus an nuachtán seo
ag foilsiú litreach ina dtugann ceannaire an Lucht
Oibre, Pat Rabbitte, le fios go bhfuil an páirtí sin in
éadan mholadh Fhine Gael fáil réidh leis an Ghaeilge
mar ábhar riachtanach don Ardteist.
Tuigtear go bhfuil polasaí Gaeilge á dhréachtú ag an
Lucht Oibre faoi láthair ach más ráiteas ar
bhunpholasaí an pháirtí i leith na Gaeilge an méid a
deir Pat Rabbitte sa litir atá i seilbh Lá, ba cheart go
mbeadh togáil croí ag pobal na Gaeilge ar maidin.
Ach tá feachtas fada os ár gcomhair go fóill nó is
cinnte go bhfuil Enda Kenny tar éis a ainm a cheangal
leis na moltaí conspóideacha ar bhealach a chothóidh
deacrachtaí dó má dhéanann sé iarracht anois fáil
amach as an bpoll atá tochailte aige dó féin agus don
Ghaeilge.
Agus ní féidir talamh slán a dhéanamh de nach
ngéillfidh an Lucht Oibre ar an gceist seo i gcainteanna
le Fine Gael más amhlaidh go bhfuil an rialtas
malartach ag brath ar a leithéid de chinneadh.
An dúshlán atá romhainn mar phobal go gcaithfimid
an oiread deacrachtaí agus is féidir a léiriú do na
polaiteoirí maidir leis an bpolasaí seo.
Ná bíodh sé le tuiscint acu go gcuirfimid suas le
comhghéilleadh ar bith.
Tá sé aontaithe go bhfuil gá le leasú ar an gcóras
faoina múintear Gaeilge do pháistí na tíre.
Más fíor do thuairiscí ag an deireadh seachtaine go
bhfuil staidéar déanta ag an Roinn Oideachais a
thugann le fios go bhfuil deacrachtaí le múineadh na
Gaeilge, fiú i scoileanna Gaeltachta, caithfimid a
thabhairt le fios go bhfuil gá le breis acmhainní agus
tacaíochta do mhúinteoirí is do dhaltaí atá ag
treabhadh an iomaire seo gan chúnamh, le blianta
fada.
Bíodh sé ar eolas ag an Lucht Oibre agus cibé páirtí
eile go mbraitheann do vóta mar Ghaeilgeoir ar
sheasamh an pháirtí i leith na teanga san olltoghchán
atá le teacht. Agus cuir i gcuimhne dóibh fosta go
mbraithfidh sé ar chomhlíonadh na geallúna sin sa
toghchán dár gcionn!
|
Litir an dóchais Le Concubhar Ó Liatháin agus Deasún Breatnach
Tá sé admhaithe ag ceannaire an Lucht Oibre, Pat Rabbitte, go ndéanfadh moladh Fhine Gael fáil réidh le riachtanas na Gaeilge ag leibhéal na hArdteiste "an-dochar don Ghaeilge".
I litir a sheol sé chuig an iriseoir, Deasún Breatnach - litir atá i seilbh Lá anois - a rinne sé an admháil seo, admháil a thógann ceist shun-tasach faoi rún an Lucht Oibre agus Fhine Gael bheith ina gcomh-pháirtithe i malairt rialtais a bheidh ag dul os comhair an toghlaigh ar an bhliain seo chugainn.
Nuair a labhair Lá le hurlabhraí Fhine Gael inné, dúradh linn nach raibh tús curtha fós leis na cainteanna idir an dá pháirtí faoi na polasaithe a chuirfí i láthair an toghlaigh, tráth
olltoghcháin.
"Seasann polasaí Fhine Gael mar atá sé," duirt an urlabhraí. "Tá Enda Kenny tar éis polasaí Fhine Gael a chur i láthair agus seo polasaí an Lucht Oibre.
"Is dá phairtí éagsúil Fine Gael agus an Lucht Oibre ach, cinnte, trath toghcháin an bhlian seo chughainn tiocfaimíd le chéile le comhpholasaithe a phlé agus a shocrú.
"Tá sé ró luath go fóill le rá cé acu an mbeidh an Ghaeilge ar an gclár a chuirfidh an dá phairtí i lathair an toghlaigh i dteannta a cheile.
"Sa chás nach amhlaidh a tharlaíonn, beidh sé i gclár toghcháin Fhine Gael gan amhras agus beidh a thuilleadh plé le déanamh faoi in aon idirbheartaíocht a bheidh ar bun ag an dá phairtí chun
rialtas nua a bhunú tar éis an toghcháin."
Rinne Lá iarracht raiteas a fháil ón Lucht Oibre faoi stadas na litreach seo faoi pholasaí an Lucht Oibre i leith na Gaeilge nó tugadh le fios do Lá go raibh urlabhraí oideachais an phairtí,
Jan O'Sullivan, agus urlabhraí Gaeltachta an phairtí, Brian O'Shea, ag réiteach pholasaí an Lucht Oibre ar an gceist seo le gairid.
Duirt urlabhraí an phairtí gurb é a bhí sa litir ach ath-rá ar bhun pholasaí an phairtí i leith na Gaeilge cé gur thug sé le fios go raibh sé deacair a dhearbhú gur ón Lucht Oibre a thainig an
litir gan an litir a bheith feicthe aige.
Duirt sé go raibh súil aige go mbeadh polasaí an Lucht Oibre i leith na Gaeilge, agus stadas na Gaeilge ag libhéal na hArd Teiste san áireamh, á fhoilsiú le linn an tsamhraidh.
Ag labhairt do le Lá inné, duirt an tAire Ghnóthaí Tuaithe, Pobail is Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, go bhfailtíonn sé roimh an mhéid a bhí le rá ag Pat Rabbitte ina litir.
|
Teip i ndán do
pholasaí Fhine Gael
Le Deasún Breathnach Ón méid a bhí le léamh agus le cloisteáil ar na mallaibh faoi Fhine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre, acu a bheas an chumhacht pholatiúil i ndiaidh an toghcháin, an bhliain seo chugainn. Nach as lámh a chéile atáid ag obair le tamall? Nach bhfuil sé ráite acu gur mar chéilí oibre a bheas siad ag seasamh, an bhliain seo chugainn? Ní mar a shíltear bítear! Más rud é go leanfaidh ceannasaí Fhine Gael lena pholasaí i dtaobh na teanga go bhfuil sé i gceist aige an dlí a athrú agus é ina Thaoiseach, sa chaoi nach mbeidh riachtanach a thuilleadh staidéar ar an teanga náisiúnta i gcúrsa na hArdteiste, is cinnte anois nach bhfuil i ndán dó sa toghchán, an bhliain seo chugainn, ach an teip. Cén fáth sin? D'eile ach freagra a fuaireas i scríbhinn ó cheannasaí Pháirtí an Lucht Oibre, Pat Rabbitte, nuair a d'fhiafraigh mé de an mbeidís ag seasamh le polasaí nua Fhine Gael in éadan na Gaeilge san Ardteist. Seo a leanas dá bhfuil le rá ag an Uasal Rabbitte: "Ní hé polasaí an Lucht Oibre go gcuirfear deireadh le riachtanas na Gaeilge don Ard Teist. Inár dtuairim, dhéanfadh athrú mar sin an-dochar don nGaeilge. "Mar is eol duit, ba é an Lucht Oibre a mhol an rún sa Dáil ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach agus ba é Michael D. Higgins a bhunaigh TG4." Maith thú, a Phádraig! Ach caithfidh mé a admháil go raibh eagla orm i dtaobh na ceiste seo toisc gur sheas a pháirtí le Fine Gael san aois seo caite nuair a chuir an dá pháirtí deireadh le riachtanas na Gaeilge sa státseirbhís. Sa gcóras "náisiúnta" úd, níl ach teanga amháin riachtanach, mar atá an Béarla. Diultaíonn cuid mhaith de na státseirbhísigh Gaeilge a labhairt leat nuair a scairteann tú orthu. Vótáil Fianna Fáil in éadan an rúin sa Dáil ach faic ina dhiaidh sin, agus iad athuair i gcumhacht agus an deis acu leis an ndlí a athrú ar son stádas na teanga! Céard é a dhéanfadh cat ach luch a mharú! |