Lá - NUACHTÁN LAETHÚIL NA GAEILGE
'Cha féidir cúis gan namhaid'

A Eagarthóir, a chara,

Déanaim tagairt d'alt Choilm Uí Bhroin, 'An Ghaeilge ionsaithe ag dalta scoile'.

Ar ndóigh, tá mionlach amuigh ansin a bhfuil fuath acu don Ghaeilge agus do Ghaeil sa tír seo. Tá ardán ard acu fosta agus is glórmhar iad thuas air. Is léir go bhfuil feachtas eagraithe ar bun in éadan na Gaeilge.

Tá dreamanna áirithe agus a gcomrádaithe sna meáin ag feachtasaíocht leo go tréan in éadan chultúr dúchais na tíre seo.

Tuigeann siadsan chomh maith is a thuigeann Gael ar bith má shaothraíonn an Ghaeilge a bás go mbeidh an t-oileán seo ar fad ar ais arís faoi chos Shasana taobh istigh de ghlúin nó dhó.

Lena chois sin, tá Fine Gall i ndiaidh theacht amach in éadan na Gaeilge, ach bígí cinnte de go bhfuil naimhde ag na Gaeil i ngach aon pháirtí in Éirinn.

Ar ndóigh, cha chreideann gach aon duine in Athbheochan na Gaeilge agus chan ionann sin is a rá go bhfuil gráin acu ar an teanga ach níl in argóintí ina n-úsáidtear abairtí ar nos 'damhsa ar uaigh na Gaeilge' ach orla an fhuatha.

Shíl daoine gallda na tíre seo - agus tá gach ceart acu a bheith gallda, dar liomsa sa dóigh cheannann chéanna is atá an ceart againn a bheith Gaelach - gur éirigh leo an cultúr dúchais a scriosadh. Theip orthu agus níl siad leathshásta - seo 2006 agus tá na Gaeil anseo go fóill; níl muid ag leanúint na scripte ar chor ar bith.

Ba mhaith liom barúil a thabhairt maidir leis an fheachtas seo, agus ní aontóidh mórán daoine liom.

Creidim gur rud maith é seo - cha féidir cúis gan namhaid. Tá mé cinnte go dtiocfaidh dul chun cinn as an teannas seo agus gur ábhar dóchais atá sna hionsaithe seo. De réir mar a éireoidh an Ghaeilge níos láidre, éireoidh na hionsaithe ar an Ghaeilge níos láidre fosta ach tá an dialachtaic seo de dhíth orainn. Spreagfaidh sé aos óg na tíre seo ar dhóigh nár éirigh linn a dhéanamh go dtí seo. Cinnteoidh sé go mbeidh ar lucht labhartha na Gaeilge teacht amach agus ár gcearta a chosaint - rud a neartóidh sinn mar phobal.

Is neartmhar na naimhde seo, gan aon amhras, ach chomh neartmhar is atá siad, is láidre argóintí atá bunaithe ar an tírghrá dearfach, ar phrionsabail cheart daonna, ar an éagsúlacht agus ar an áilleacht ná cinn ar bith atá bunaithe ar an ghráin, go háirithe gráin ar chultúr do thíre féin. Tá sé de bhuntáiste againn nach féidir leo cúis na Gaeilge a phlé go réasúnach.

Is é an bac is mó ar fhorbairt na Gaeilge, dar liom féin, ná go bhfuil carachtar cúlaitheach ag an Ghaeilge anois ó thaobh na sochtheanglaíochta de. Ní féidir an Ghaeilge a chur chun cinn (nó a shlánú, fiú) gan an meon seo a scriosadh. Ar ndóigh, má ligeann daoine orthu go bhfuil siad ar son na Gaeilge agus srl, bíonn Gaeil iontach deas agus iontach cúramach gan cur isteach orthu. Ar an lámh eile, má tá daoine sásta naimhdeas s'acu a léiriú go poiblí, cha gá dúinn a bheith buartha.

An té nach bhfuil láidir caithfidh sé a bheith glic. Caithfidh muid úsáid a bhaint as na daoine seo a bhfuil fuath acu don Ghaeilge chun daoine eile a spreagadh agus chun feachtais ar son na Gaeilge a chur chun cinn.

Déanaimis cinnte nach mbeidh an ceart nó an bua acusan.

Is mise,

Séamas Mhac Mhurfaidh