Lá - NUACHTÁN LAETHÚIL NA GAEILGE
Mata is Gaeilge

Rud amháin atá fíor agus sinn ag trácht ar an gconspóid faoi mholadh Fhine Gael, ní bhíonn lá ann nach mbíonn casadh éigin ar an scéal.

Tá léargas eile á thabhairt dúinn ar an scéal seo ag an mbealach atá á chaitheamh leis an matamaitic le cúpla lá anuas.

B¹fhéidir gur comhtharlúint amach is amach atá i gceist ach baineadh siar as mic is iníonacha léinn ar fud na tíre Dé Luain mar gheall ar chomh deacair is a bhí an dara phaipéar sa scrúdú matamaitice ard leibhéal Ard Teiste.

Ar an lá céanna, bhí tuairisc ar na nuachtáin Bhéarla faoi imní a bheith ar shaineolaithe oideachais, lucht Acadamh Ríoga na hÉireann ach go háirithe, faoin mbealach a raibh líon na ndaltaí a bhí ag tabhairt faoi mhatamaitic ard leibhéal tite go dtí thart ar 20% - nó 11,000 - den iomlán.

Mar a tharlaíonn sé, tá níos mó iarrthóirí, 14,000+, ag tabhairt faoin chúrsa Gaeilge ag an ard leibhéal, fíric a bhréagnaíonn an mhaíomh atá ag roinnt tráchtairí nach bhfuil éileamh uirthi.

Dá mba rud é go leanfaí leis an loighic atá in úsáid ag Fine Gael agus acusan a dtacaíonn lena moladh, bheadh orthu fáil réidh le stádas riachtanach na matamaitice freisin ag an Ard Teist.

Ach tá a fhios ag an saol go mbeadh sé amaideach fáil réidh leis an matamaitic ar an mbonn nach bhfuil go leor daoine ag tabhairt faoin ard leibhéal nó go bhfuil sciar áirithe de na daltaí nach dtaitníonn sí leo mar ábhar.

Ar an mbonn céanna ar cheart an Ghaeilge a áireamh. Tá sí tábhachtach dúinn, fiú nuair nach dtuigimíd é sin go díreach de bharr shaontacht is bhaois na hóige.

Córas fónta oideachais seachas córas cruálach scrúduithe atá uainn mar phobal. An toradh is fearr ar an saothar sa deireadh thiar, ní pointí atá i gceist ach daoine le hoideachas maith ar réimse leathan ábhar, Gaeilge agus Matamaitic ina measc.


GLUAIS: casadh - twist; comhtharlúint ­ coincidence; éileamh - demand;