Baile

Chun brú a chur ar Chonradh na Gaeilge An tOireachtas a bhogadh amach as an nGalltacht cuireadh Oireachtas Na nGael ar bun i Ros Muc i 1970, i dTír An Fhia i 1971, i gCorca Dhuibhne i 1972 agus i gCill Chiarán i 1973. D'éirigh leis an bhfeachtas agus reáchtáladh Oireachtas Na Gaeilge 1974 i gCois Fharraige (Conamara). Ó shin ar aghaidh bíonn an tOireachtas ag bogadh suímh ó bhliain go bliain agus é ag dul ó neart go neart.


Oireachtas Chois Fharraige 1974 - 2014 ar Facebook

Más ag tuíteáil faoin ocáid seo bain úsáid as an haisclib #OnaG74


Níl anseo ach dréacht-chlár.
Tá an Comóradh Féin le bheith ann ón 24 go dtí an 28ú Lá Meán Fomhair 2014

Nuacht

# Tá beirt is fiche (22) de na h-amhránaithe a ghnóthaigh an príomh-chomóras amhránaíocht ar an Sean Nós, Corn Uí Riada ag Oireachtas na Gaeilge ó 1974 i leith, ag glacadh páirt i gcoirmcheol mhór sean nóis a bhéas ar bun in Óstán na Páirce, An Spidéal, ar an Satharn, 27 Meán Fómhair.
Ina measc beidh beirt atá ag tíocht ó Mheiriceá, Nan Chamuis (ar chlé) a ghnóthaigh an duais mhór i 1974 agus Máirín Uí Chéidigh a thug leí an Corn i 1986.
Chomh maith le sin beidh Cór Chúil Aodha ann le críoch spleodrach a chur leis an gcoirmcheol.
Tar éis an choirmcheoil, tá se i gceist leanacht leis an amhránaíocht is an spraoi i mBeár an Óstáin.

Tá líon teoranta seomraí san Óstán agus ráta an réasúnta acu do dhaoine atá ag freastal ar Chomóradh an Dá Scór. Deirtear go bhfuil leath acu bookáilte cheana féin! Má theipeann ort seomra a fháil ann, is gearr go mbeidh liosta lóistín ar fáil.