Léirsiú tacaíochta do Ros Dumhach

Bhí léirsiú in éadan Shell agus ar son Phobal Ros Dumhach ar siúl i gConamara, Dé Domhnaigh.
Bhailigh thart ar 70 duine ag Crosbhóthar Dhoire Né lena gcuid tacaíochta a chur in iúl do mhuintir Iorrais atá go fóill ag troid i gcoinne phleananna an mhórchomhlachta breosla críochfort gáis a thógáil sa cheantar.
Cáineadh an rialtas ag an léirsiú as an socrú a dhéanamh le Shell sa chéad dul síos agus moladh go ndéanfaí an gás a phróiseálú amuigh ar an fharraige in ionad faoin tír.
Chuir na léirsitheoirí in iúl chomh maith go raibh díomá orthu faoi sheasamh na nAirí Éamon Ó Cuív agus Frank Fahey, beirt a bhí an-chiúin ar fad ar an cheist, dar leo.

Lá 24/10/2006

Na Pictiúirí i Lá



Pictiúirí eile den ocáid

Íoslódáil Lá
Lá 24/4/2006

Leath: 3


Pictiúirí ar shuíomh "Shell to Sea" (Béarla)