TORTHAÍ PHOBALBHREITH TNS mrbi i nDÁILCHEANTAR GHAILLIMH THIAR

TNS mrbi a thug faoin bpobalbhreith seo i ndáilcheantar Ghaillimh Thiar ar choimisiún ó RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tugadh faoin bpobalbhreith ar an mbonn seo: Labhair TNS mrbi le 500 faisnéiseoir, a bhí ionadaíoch ar thoghlach Ghaillimh Thiar trí chéile, go díreach agus ina dtithe féin, ar 50 láthair shamplaithe ar fud an dáilcheantair.

Rinneadh an dáilcheantar a rangú ina trí mhórthoghroinn agus rinneadh dealú de réir aoise is inscne. Tugadh faoin obair pháirce idir 5 agus 16 Márta, 2007. Cuireadh an suirbhé i gcrích de réir chaighdeáin ghairmiúla agus chleachtais eitice AIMRO, An Cumann Margaíochta agus ESOMAR (Cumann Eorpach).

Gaillimh Thiar

Dáilcheantar chúig shuíochán Gaillimh Thiar. Níor athraíodh teorainneacha an dáilcheantair ó bhí olltoghchán na bliana 2002 ann. Is iad na Teachtaí Dála reatha Éamon Ó Cuív (FF), Frank Fahey (FF), Noel Grealish (PD), Michael D Higgins (Lab) agus Pádraic McCormack (FG).

Torthaí na pobalbhreithe

I bhfianaise thorthaí na pobalbhreithe seo is cinnte go dtoghfaí Éamon Ó Cuív (FF). Tá sé ionann is cinnte go mbainfidh Frank Fahey (FF) an dara suíochán, a bhuíochas d'aistriúcháin Uí Chuív, má bhíonn farasbarr suntasach aige de réir na pobalbhreithe seo. Beidh coimhlint ghéar ann maidir leis na trí shuíochán eile. Léiríonn an phobalbhreith seo go mbainfidh Niall Ó Brolcháin (Comhaontas Glas) agus Michael D Higgins (Lucht Oibre) an tríú agus an ceathrú suíochán. Is rí-dheacair a thuar cé a bhainfidh an suíochán deiridh: tá an chuma ar an scéal go mbeidh dianchoimhlint ann idir Noel Grealish (PD), Pádraic McCormack (FG) agus Michael Crowe (FF)

VÓTAÍ CÉADROGHA (NÍL 'GAN CHINNEADH' SAN ÁIREAMH)

DARA ROGHA

Ceisteanna mórshuntais

Is í ceist na seirbhísí sláinte agus ospidéil (42%) an cheist mhórshuntais is mó ar aire vótóirí Ghaillimh Thiar i láthair na huaire.

Ceisteanna a bhaineann le cúrsaí coiriúlachta/dlí is cirt an dara ceist is mó ar aire an phobail i nGaillimh Thiar (26%) agus tá imní mhór á déanamh faoi cheist na mbóithre freisin (25%).


Saincheist - Calafort Ros a'Mhíl

Cuireadh ceist shonrach maidir le forbairt an chalafoirt i Ros a' Mhíl, Contae na Gaillimhe. Is í an fhoclaíocht a úsáideadh: De réir an Phlean Fhorbartha Náisiúnta, tá rún ag an rialtas calafort domhain-mhara a fhorbairt i Ros a' Mhíl. Cén cineál tacaíochta a dtabharfá/nach dtabharfá don phlean seo? An mbeifeá:

  • Go láidir ina fhábhar?
  • Fonn ort tacú leis?
  • Fonn ort cur ina aghaidh?
  • Ag cur ina aghaidh go láidir?
  • Níl a fhios/gan tuairim?
Toradh na Pobalbhreithe

Dúirt beagnach leath de na daoine a ceistíodh (49%) go dtabharfaidís tacaíocht láidir do phlean an rialtais calafort domhain-mhara a fhorbairt i Ros a' Mhíl.

Tá líon na ndaoine a chuirfeadh in aghaidh an phlean an-íseal (8%).

  • Go láidir ina fhábhar? 49%
  • Fonn ort tacú leis? 22%
  • Fonn ort cur ina aghaidh? 4%
  • Ag cur ina aghaidh go láidir? 4%
  • Níl a fhios/gan tuairim? 21%
Radío na Gaeltachta

TNS mrbi
(Béarla)