![]() An scéal is deireanaí: Pictiúirí aimsithe tár éis 130 bl sa leabharlann Náisiúnta. An Scéal! Cearta teanga sna cúirteanna- pictiúr nua seolta (15/1/2013) |
Ar an 4ú lá Aibreáin 2018, shínigh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. ó hUigínn barántas a thug pardún iarbháis do Mhaolra Seoighe a crochadh san éagóir ar an 15 Nollaig 1882. (pic: Tuairisc.ie) |
![]() Maolra Seoighe (Liníocht ón Leabhar "Maamtrasna, the murders and the mystery") ![]()
Nuachtáin
Comóradh 2012 (Nóta Buíochas, Pictiúirí & tuairiscí/Acknowledements, Reports & Pictures) |
An scéal![]() Machnamh ar Mhaolra Seoighe agus ar dhúnmharuithe Mhám Trasna (Clár PDF) 15 Nol 2012 - Gaillimh ![]() ![]() Bé Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn i láthair ag i nGaillimh ar an Satharn (15 Nollaig 2012) ag an ócáid chomórtha do Mhaolra Seoighe, a cuireadh chun báis go héagórach de bharr Dúnmharuithe Mhám Trasna sa bhliain 1882.
Deichniúr cúisithe ![]() Ós cómhair na cúirte i gConga Ciontaíodh an chéad triúr a cuireadh ar a dtriail - Pat Seoighe, Pat ("Pádraig Shéamuis") Casey agus Maolra Seoighe -agus gearradh pionóis an bháis orthu. Bheartaigh an cúigear eile a bhí le cur ar a dtriail ar chomhairle ón sagart, an tAth. Micheál Mac Aoidh ón bhFairche, gur cheart dóibh pléadáil go raibh siad ciontach leis an gcrochadóir a sheachaint. Daoradh chun báis iad ach shocraigh Fear Ionaid na Banríona in Eirinn, an tIarla Spenser, go malartófaí sin ar phríosún saoil. Tuairiscíodh gur theastaigh ón mBanríon Victoria féin go gcrochfaí an t-ochtar. Tugadh an triúr a bhí le crochadh ar ais go Gaillimh chuig an bpríosún a bhí ansin ag an am - san áit a bhfuil Ardeaglais na Gaillimhe anois. Go gairid sular crochadh iad d'admháil beirt acu, ina nduine agus ina nduine, i ráitis scríofa go raibh siad ciontach as na dúnmharuithe ach go raibh Maolra Seoighe neamhchiontach. Níor leor seo don Iarla Spenser leis an gcrochadh a chur ar athló nó a stopadh. Dhearbhaigh sé i dtelegram chuig gobharnóir an phríosúin; "The law must take its course".
Crochadh Ar a bhealach chun a chrochta an mhaidin sin tuairiscíodh go ndúirt Maolra Seoighe: "Feicfidh mé Iosa Críost ar ball beag - crochadh eisean san éagóir chomh maith. ...Ara, tá mé ag imeacht...Go bhfóire Dia ar mo bhean agus a cúigear dílleachtaí." Tuairiscíodh nach ndearna an crochadóir, William Marwood, a chuid oibre go críochnúil, gur tachtadh Maolra Seoighe agus gur shaothraigh sé an bás go mall agus go pianmhar.
Aistharraingt agus feachtasaíocht Dhiúltaigh údaráis na Breataine don fhiosrúchán iomlán faoin gcás a bhí éilithe ag Ardeaspag Thuama, ag iriseoirí agus ag polaiteoirí go leor, Charles Stewart Parnell ina measc. Tháinig tuilleadh eolais chun cinn faoin gcás in imeacht na mblianta. Ba chosúil gur coinníodh siar ón gcúirt agus ó dhlíodóirí cosanta na bhfear fianaise a chabhródh le neamhchiontacht cuid acu a chruthú. Tháinig líomhaintí chun cinn go ndearna na húdaráis gach iarracht líon na gCaitliceach a theorannú a bheadh ar na giúiréithe a rinne breithiúnais sna cásanna. Tuigeadh go ndearna neamhaird den fhianaise i nGaeilge agus gur beag di a aistríodh go Béarla sa chúirt. Póilín a bhí i mbun an chúraim le caint na bhfear a aistriú go Béarla. Mhéadaigh an fhianaise go raibh iomrall ceartais i gceist ach níor géilleadh d'fhiosrúchán iomlán. Glacadh go forleathan leis go raibh duine amháin den chúigear a bhí i bpríosún ciontach as a bheith páirteach sna dúnmharuithe (i dteannta na beirte a crochadh) ach glacadh leis go raibh an ceathrar eile chomh neamhchiontach céanna le Maolra Seoighe. Creideadh freisin go raibh triúr eile a bhí páirteach sna dúnmharuithe nár cúisíodh riamh, ina measc an duine a phleanáil agus a threoraigh iad.
Maamtrasna Alliance Cailleadh sa phríosún beirt den chúigear a ciontaíodh sa choir agus chaith an triúr eile, beirt deartháireacha agus nia Mhaolra Seoighe, scór bliain i ngéibheann. Rinne a gcuid mná céile impí ar Fhear Ionaid na Banríona, an Tiarna Dudley, agus a bhean chéile le linn cuairte ar Chonamara iad a shaoradh. Nuair a scaoileadh amach sna laethanta ina dhiaidh sin iad, ar an 24 Deireadh Fómhair 1902, cuireadh ar thraein as Baile Atha Cliath go Baile an Róba iad agus shiúil siad na 18 míle as sin i ndorchadas na hoíche agus sa bháisteach abhaile go Ceapach an Creiche faoi scáth Mhám Trasna. |