Rua Telecom



Iml 01: Eag 01



Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
Éire

Ríomh poist

anghaeltacht.net/ce/

An Cúléisteoir!
Luasanna nua don Ghalltacht amháin!

15/1/05: Is cosúil nach mbeidh na treoireacha nua luais i bhfeidhm sa Gaeltacht mar níor cuireadh ach leaganacha Béarla de billeoga ar fúd Chonamara trén bpost. In eagrán bhFoinse na seachtaine seo bhí cóip den billeoga aríst - sa tSacs Bhéarla! Bhí tuairis faoi seop I Lá I rith na seachtaine leis agus dúradh go raibh cinn Gaeilge le fail ach iad a iarraidh! Dúradh freisin go raibh leagan Gaeilge le fail ar an suíomg idirlíon www.gometric.ie. Tá sé seo fíor ach bheadh air neart Béarla a bheith ag an té atá á lorg ar suíomh nach bhuil fiú is focal Gaeilge air ach ainm na Roinne Iompair féin agus an treoir féin íoslódáilithe.

Iarrthóirí Ghradam Sheosamh Uí Ógartaigh 2004 istigh

14/1/05: Tá iarrthóirí istigh anois do Ghradam Sheosamh Uí Ógartaigh 2004-an Gradam a thugann aitheantas do ghnólachtaí agus eagraíochtaí a bhfuil an Ghaeilge in úsáid go laethúil ina ngnó, agus atá mar sin, rannpháirteach i nGaillimh a chur chun cinn mar phríomhchathair dhátheangach na hÉireann. Is é Gaillimh le Gaeilge, a bunaíodh faoi choimirce Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, a eagraíonn agus a bhronnann an Gradam tábhachtach seo.
Seo h-iad iarrthóirí na bliana: Café Bananaphoblacht, Colette Kelly Optometrist, Habitat Ireland, Harrmack Developments, Hemmingways Wine Bar, Hewlett-Packard (Galway) Ltd., Iarnród Éireann, JSL (Stewart) Group Ltd., Kashmir Indian Restaurant, Pobal Shíomóin na Gaillimhe, Óstlann an Ard Oileáin, Tigh Chóilí, Tacsaithe na Gaillimhe


Séamus Breathnach ag dul thar n-ais go Fianna Fáil S. Walsh
Iarrthóir don Údarás?

13/1/05: Tá Séamus Breathnach tar éis iarraidh ar Fhianna Fáil é a thógaint thar nais sa pháirtí. Mar ball den páirtí sin d'fhéadfaidh sé bheith mar iarrathór dóibh i dtoghchán do Údarás na Gaeltachta i mí Aibreán seo chugainn. Duirt sé go raibh sé teoranta an meid gur féidir a dhéanamh mar duine neamhspleach agus go mbeadh níos mó seans aige rudaí a athrú mar bhall den bpáirtí. Le breis is míle vóta aige i ndeisceart Chonamara san toghchán do Comhairle Chontae, cheapann sé go bhfuil seans maith aige i dtoghachán an Údaráis agus i dtoghachán don Dáil.


Bóthar nua ar an gclár

7/1/05: Beidh moladh go mbeadh bóthar nua as Iarthar Chonamara go cathair na Gaillimhe ar clár den gcéad cruinniú den Coiste Polasaí Boithre Chomhairle Contae na Gaillimhe i 2005. Tá an cruinniú seo le teacht le chéile i gcion cupla seachtaine agus duirt Cathaoirleach an Choiste Boithre agus Iompair, an Comhairleoir Seosamh Ó Cuaig, gur ceart an moladh seo a bheith go seasta sochar ar an gclár.
"Níl amhras ar bith ach go bhfuil géar gá le forbairt an mbóthar seo," aduirt an Comhleoir Ó Cuaig. "Teastaíonn bealach easca tapaidh ó Iarthar Chonamara go Gaillimh ar láimh amháin, agus ar an láimh eile tá faoiseamh ón trácht trom in sna aiteachh atá níos comhgairí don gcathair mar an Spidéal, na Forbacha agus Muigh Cuileann. Freagróidh an bóthar seo an dá riachtannais seo."
Is cosúil go bhfuil Chomhairleoirí Conamara taobh thiar den bpleán seo.

Trevor ag seasamh don Údarás i mbliana

16/1/05: Dúirt Trevor Ó Clochartaigh ar Raidio na Gaeltachta inniú go raibh sé le seasamh don gceantair don toghchán Údarás na Gaeltachta i mí Aibreáin thar ceann Páirtí an Lucht Oibre. Bhí sé caint ar chlár SBB agus a aoí!


Míol mór ar an dtrá! Miol Mór Marbh
13/1/05: Tháinig coirp míol mór i dtír ar thrá an Spidéil i rith stoirm na seachtaine. Tuariscíodh go raibh luas suas le 78msu i gCarna ag na gála gaoithe i rith na seachtaine ach tá seo i bhfad níos lú ná an gála a bhí ann i mí Feabhra 1990 nuair a bhí gaoth 109msu ann.(14/1/05)
Cuireadh don Phobal

6/1/05: Tá athbhreithniú cuimsitheach ar chumhachtaí agus fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta ar siúl faoi láthair ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Mar thoradh ar an athbhreithniú seo, túthar ag súil moltaí a chur faoi bhráid an Rialtais i lúr 2005 chun an reachtaíocht faoina fheidhmíonn an tÚdarús faoi láthair a leasú mar is cuí.
Is mian leis an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, T.D., cuireadh a thabhairt don phobal aighneachtaí a chur faoina bhráid mar chuid den phróiséas athbhreithnithe seo.
Cuirfear fáilte roimh aighneachtaí roimh 5 i.n. Dé hAoine 25 Feabhra 2005 tríd an bpost [faoi chúram Helena O'Brien, An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Na Forbacha, Co. na Gaillimhe] nó ar an ríomhphost: hobrien@pobail.ie.
Chun breis eolais a fháil, téigh ar na suímh seo a leanas:
www.pobail.ie - Straitéis na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta 2003-2005, Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta, 7rl.
www.udaras.ie - Straitéis Údarás na Gaeltachta 2004-2009, eolas maidir le ról agus gníomhaí na heagraíochta, &rl.

Feile Choilin Sheain Dharach