
Smaoineamh don lá!
An Aimsir
 Clár RnaG Inniú
Ait go leor is cuid de seirbhís Bhéarla RTÉ an leathanach seo!
|
|

An Eagrán Deireannach
|
Athrú Focail
sa gCoinníoll Teanga
7/7/2008: Athrú i bhfocal amháin sa choinníoll teanga, a úsáideann Comhairle
Chontae na Gaillimhe is cúis le dhá achomharc a bheith curtha ag Airdeall os comhair an Bhord
Pleanála agus an conspóid faoi chosaint na Gaeilge tríd an córas pleanála dúisithe in athuair. Bhí
neart cainte sna meáin Ghaeilge faoi na achomhairc céanna, le coicíos anuas: an Chomhairleoir Séamas
Breathnach ó Uachtar Ard (ar dheis) ag cur i leith Airdeall go bhfuil siad ag iarraidh forbairt a stopadh sa
Ghaeltacht. (Donncha Ó hÉallaithe - Foinse)
|
Stádas saor ó cháin á lorg ag Údarás na Gaeltachta d'Oileáin
7/7/2008: Tá aighneacht seolta ag Údarás na Gaeltachta chuig an gCoimisiún Cánachais ag moladh stádas saor ó cháin do na hoileáin amach ó chósta na hÉireann.
De réir an mholta, ní bheadh cáin ioncaim ar bith ar thuarastal faoi bhun E100,00 in aghaidh na bliana le híoc ag daoine atá ina gcónaí?ar oileán ar feadh sé mhí sa bhliain.
Moltar stádas speisialta cánach do chomhlachtaí atá lonnaithe ar na hoileáin chomh maith. (Lá Nua)
TG4 ar lorg scripteanna nua drámaíochta
7/7/2002: TÁ TG4 le síol úr a chur agus barr nua scríbhneoirí agus
stiúrthóirí a thabhairt. "Síol" is ainm do scéim a bhfuil sé mar chuspóir aici deis a thabhairt do
scríbhneoirí agus stiúrthóirí na Gaeilge agus na Gaeltachta a gcuid oibre a fheiceáil ar scáileán
beag na teilifíse. (Pól Ó Muirí - Irish Times)
Go dTaga do Ríocht!
6/7/2008: Cuirfear tús le Féile Ealaíon na Gaillimhe 2008 ar an 14ú Iúil agus is mór
an onóir do Thaibhdhearc na Gaillimhe go mbeidh dráma nua-scríofa le Micheál Ó Conghaile - Go dTaga
do Ríocht - á léiriú ag Taibhdhearc na Gaillimhe agus á stiúradh ag Brendan Murray i gcomhair
na féile. Cé go bhfuil an Taibhdhearc féin fós dúnta de bharr na tine a bhí ansin faoi Shamhain na
bliana seo caite, tá Taibhdhearc na Gaillimhe fós i mbun léirithe. (Galway Independent)
Seo é an tríú ceann den triológ drámaí - suite i gConamara - a chum Micheál Ó Conghaile. Léirigh
Taibhdhearc na Gaillimhe an péire eile cheana: Cúigear Chonamara sa mbliain 2003 agus Jude in 2007.
Beidh sé á theaspaint in Áras na Gaeilge, san Ollscoil, 14/19 Iúil 2008 .
|
|
Eagrán 3 Le fáil anois
 Seirbhís Gaeilge
|