Ceistneoir



Iml 01: Eag 02

Cartlann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
Éire

Ríomh poist

anghaeltacht.net/ce/

An Cúléisteoir!

Aighneas faoi treallamh fón phóca ag RnaG
Droch lá i gCasla

19/1/05: Fuarthas amach inné go bhuil Vodafone ag cuir suas treallamh craoladh fón phóca ar aeróg Raidio na Gaeltachta i gCasla. Is cosúil nach bhfuil gá le cead pleanála fháil toisc an aeróg féin a bheith ann cheanna.
Tionóladh muintir Chasla agus Cladhnach cruinniú I mBéal a'Daingin agus socraíodh ar picéad a chuir ar an stáisiún chun an oibair a stopadh.
Bhailigh roint mhaith daoine taobh amuigh den stáisiún ar maidin chun na h-oibrí Vodafon a stopadh. Tá an-imní acu do pháistí an chomharsanacht agus an éifeacht a d'fhéadfadh gathanna radaíochta fháuil ón dtreallamh nua. Tá cruinniú le bheith ann ar an nDéardaoin le Vodafone agus RTE Networks agus muintir na háite.

20 poist caillte i gCasla

19/1/05: Ligadh scór oibrithe chun siúl nuair a dhún monarca TransNova i gCasla ar an Máirt. Níl aon obair ann a thuile a dúradh. Tá Transnova i gCasla ó 1987. Dúirt Connie Ní Fhatharta, ball tofa an Údaráis, agus Comhleoir Chontae, go raibh gear gá le obair eile a fháil don scór difhostaithe agus tá sí dóchasach go mbeifear in ndán é sin a dhéanamh.


Tuille faoin mbóthar

18/1/05: Dúirt an Feisire Eorpach Seán Ó Neachtain nár thuig sé cén fáth a mbeadh aon mhoill leis an bóthar nua go Conamara. Tá sé ráite, leis, ag an Aire Éamon Ó Cuív go bhfeiceann sé féin an tábhacht a bheadh le bóthar nua comhthreormhar leis an mbóthar atá ag teacht amach ó dheas as Gaillimh.


Tubaist bóithre ar an Cnoc

17/1/05: Bhásaigh Nan Mhic Dhiarmada, baintreach Thom Pheadaí Mhic Dhiarmada, an seanchaí, nuair a bhuail carr í tráthnóna Aoine. Ba Nan Sheáin Seoighe as Leitir Móir ó dhúchas í.. Cuireadh í tar éis Aifreann ag Séipéal an Chnoic i gCois Fharraige ar an luan.


Seán Ó Curraoin ag rith don Údarás

17/1/05: D'fhógair Seán Ó Curraoin as Bearna (Sinn Féin Poblachtach) go raibh sé ag chuir a ainm ar aghaidh mar iarrathóir do thoghchán don Údarás i mí Aibreán. Teastaíonn breis chumhachta don Údarás go mór mhó i gcúrsaí pleanála. Mhol sé leis gan mhaoilliú a dhéanamh ar theoranacha na Gaeltachta cé go raibh laghdú ar chéadadán an daonra a a bhfuil Gaeilge mar teanga taighleaigh acu mar is de bharr daoine atá ag teacht isteach sa ceantair a bhfuil sin amhlaidh agus ní toisc muintir na háite á thréigint.
Tá suíomh idirlíon aige ar www.tomasocurraoin.ie


Caithin a rugadh Máirtín Ó Cadhain?

18/1/05: Bhí díospóireacht ar Raidio na Gaeltachta inniú ar chén bhliain inar rugadh mór scríobhnóir na hÉirinn agus na Gaeilge, Máirtín Ó Cadhain. Tá tuairim ag daoine áirithe gur i 1905 a rugadh é agus ag daoine eile gur 1906 an bhliain. Pé dá atá ceart tá Coiste Comhairleachta Bailithe Stampaí do Chlár Stampaí 2006 ag scrúdú na ceiste le stámpa a éisiúnt san bhliain sin.


An t-Earrach tagtha?
cúpla
17/1/05: Rugadh an cúpla seo i gceantair Bhaile na hAbhann ag deire na seachtaine seo caite. Tá na laoithe agus a máthair ag déanamh go maith.
Feile Choilin Sheain Dharach