Éamon Ó Cuív, ID. Aire Gnóthai Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Dún Aimhirgín, 43/49 Bóthar Mespil, Baile Átha Cliath 4.

4 Aibreán 2006,
A Aire,

Déanaim tagairt do do litir chuig Seán Mac Glionn faoi aighneacht a fuair tú ó Eoin Ó Riain maidir le cúrsai leathanbhanda i gConamara. Cuireadh an litir chugainn sa Rannóg Rúnaiocht le freagairt ach de bharr dearmad comhadaíochta a bhain le ceist dála ar an ábhar cóanna ag an arn céanna nior seoladh freagra roimhe seo.

Freagraíodh Ceisteanna Dála ar an ábhar seo agus tá cóip leis seo freisin den fhreagra a chuir Priomhfheidhmineach an Údaráis chuig Teachtaí Dála áitiúla ar cheisteanna mar a chéile a bhain leis an duine céanna.

Tá ceisteanna an Uasail Uí Riain bainteach go direach le haon chúnamh a chuir an tÚdarás ar fáil do COMi chun seirbhís leathanbhanda bunaithe ar cheangal raidió le haeróg atá á chraoladh ó Chinn Mhara. Is é an freagra simplí ar sin nár thug an tÚdarás aon chúnamh don cheangal sin.

Maidir leis an gceist shonrach i do litir faoi sheirbhis leathanbhanda i ndeisceart Chonamara, chuir Seán Mac Gloinn an t-eolas suas chun dáta seo ar fáil:

  • Tá an córas ag feidhmiú i malartáin seo leanas Eircom;
      An Cheathrú Rua,
      Bearna,
      Carna,
      Casla,
      Indreabhán,
      Maigh Cuilinn,
      Tir an Fhia

  • Tá an t-axnchlár seo leanas ag Eircom d'fheidhmiú na seirbhise sna gceantar eile seo;
      An Spidéal 19 Aibreán
      Cill Chiaráin Roimh dheireadh mhí Bealtaine
  • Tá soláthar na seirbhíse fiú sna ceantair sin atá beo san arn i láthair ag braith ar chúinsi áirithe ar a n-áiritear fad an líne ón malartán agus cioca tá an custaiméir ar líne iomlán nó líne roinnte le comharsa. Má ta an líne roinnte nó tú fad áirithe ón malartán níl seirbhís ar fáil agus tá cásanna i gCois Fharraige faoi láthair ina blifuil seirbhis ar fáil ag teach amháin agus gan é ar fáil ag comharsa, fiú agus an comharsa sin nios giorra don mhalartán.

  • Tá comhlacht faoin ainm MAGNET ag soláthar na seirbhíse trí cheangal raidió a bhunaigh COM1 agus ó sin ar fáil trí cheangal ó Chinn Mhara sa cheantar idir Bearna agus Baile an tSagairt an Spidéil. Is é gur cheannaigh MAGNET an gnó ó COM1.

  • Cé nach bhfuil aon rud deimhnioch faoi ag an am seo tá comhlacht eule, SMART Telecom, ag plé na bhféidearthachtai ceaugal raidió a sholáthar do ghnóthai ar an Tulach i gceantar nach bhfuil aon chosúlacht go mbeidh Seirbhís ó mhalartán ar fáil ann sa ghearthéarma. Má dhéantar forbairt ar sin tá seans go mbeadh dóchas éigin do na daoine sin nach bhfuil fáil acu ar an tSeirbhís san am i láthair, ar cibé cúinse. Samhlaítear, Sa chás go dtarlódh sin, go mbeidh seirbhís mar atá á sholáthar ag Magnet taobh thoir den Spidéal san ann i láthair ar fáil i gceantar an Tulaigh agus b'fhéídir i réimse tíreolaíoch nias leithne. Ni fios áfach cé chomh scioptha agus a dhéanfar dul chun cinn ar seo nó na coinníollacha a bhainfldh leis.

    Tugann an méid thuas léargas ar an gcaoi a bhfuil ceist an leathanbhanda i nDeisceart Chonamara san am i láthair agus an sáin ina bhfuul daoine atá taobh amuigh de ráinse seirbhíse mhalartán amháin nó eile. Má tá an tUasal Ó Ruain gan seirbhis san am i láthair is dócha go bhfuil sé lasmuigh de ráinse seirbhíse mhalartáin Indreabháin agus Chasla agus go mbeidh air a bheith ag braith ar chornhlachtai mar Magnet né SMART chun ceangal raidió a sholáthar ina cheantar tri ghrúpscéim nó a leithéid.

    Tá an tÚdarás ag feidhmiú mar áisitheoir chun suim chomhlachtaí teileachumarsálde a spreagadh chun sierbhís a sholáthar sna ceantair Ghaeltachta. Nil sé éasca na comhlachtaí a spreagadh san am i láthair chun seirbís a sholáthar de bhri nach bhfuil Grúpscéim Leathanbhanda na Roinne Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha oscailte ag an am seo.

    Le dea ghui,

    Dónall Mac Golla Bhríde Rúnaí Cúnta