Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
Éire

culeisteoir@read-out.net
anghaeltacht.net/ce/

Chuireann muid fáilte roimh preas ráitaisí
(Gaeilge led thoil) ar an idirlíon
mar aon le griangrafanna i bhfoirm jpeg.
Chuig:

readout@iol.ie

Nó is féidir iad a chuir trén poist chuig:

Foilseacháin Read-out.
An Caorán
Baile na hAbhann
Conamara.

Nó ar faics chuig

091 506872

    Buaiteoir i gComórtas Chóilín Sheáin Dharach

      6/2/2005: Ba bhean óg as Barr Róisín, Ros a' Mhíl, a bhuaigh an ceathrú Comórtas Chóilín Sheáin Dharach i mbliana. Ba í Patricia Ní Fhatharta an buaiteoir, bean óg a chuir roimpi damhsaíocht sean-nóis Chonamara a fhoghlaim, a chleachtadh agus a mháistriú roinnt blianta ó shin. Gnóthaigh sí duais ó Oireachtas na Gaeilge fiú as aiste a scríobh faoin damhsaíocht sean-nóis. Ach ba í an damhsaíocht a rinne an damhsóir óg oilte seo oíche Dé Sathairn a bhí mar bhuaic a cuid damhsaíochta go dtí seo.

      Ar feadh roinnt blianta, ba í Patricia "cailín coimhdeachta" an an bhuaiteora i gcomórtais damhsaíochta agus í go dlúth sna sála ag buaiteoirí eile le rithim agus cruinneas a cuid céimeanna. B'fhéidir go raibh sí faoi mhíbhuntáistí ag na damhsóirí oilte eile as Conamara a raibh sí ag iomaíocht leo, mar ba uathu sin a d'fhoghlaim sí a cuid céimeanna féin. I mbliana, ámh, ag Féile Chóilín Sheáin Dharach i Ros Muc, ba léir go raibh a ceird foghlamtha aici go paiteanta. Is damhsóir sciliúil anois í le stíl leithleach dá cuid féin, agus is cinnte go dtabharfaidh sí dúshlán aon damhsóir eile i gcomórtais damhsaíochta uaidh seo amach..

      Fuair Patricia a trófaí ón damhsóir áitiúil Róisín Ní Mháinín, damhsóir nach bhfuil cead aici dul san iomaíocht níos mó de réir rialacha an choiste, ó tá Comórtas Chóilín Sheáin Dharach buaite aici cheana trí bliana as a chéile. Bhí bean óg as Boston, Kieran Jordan ón World Irish Music Centre, sa dara háit sa chomórtas.

      Róisín Ní Mhainín, buaiteoir 3 uaire agus buaiteoir 2005, Patricia Ní Fhatharta
      Tá taithí shaibhir sa damhsaíocht faighte aici thar 15 bliana, agus í ag foghlaim seantraidisiúin ilghnéitheacha damhsaíochta ar nós dhamhsaíocht Cheap Breatainn, dhamhsaíocht na Sléibhte Apaláiseacha, agus damhsaíocht "clog". Bhí a stíl damhsaíochta - í gar-don-talamh agus déanta i spás cúng - an-chosúil leis an damhsaíocht sean-nóis áitiúil, ach níorbh fhéidir gan gluaiseacht sciobtha a rúitíní "rubair" a shonrú. Bhí Mary Kelly, bean as Tuaim ach atá ina cónaí anois i gConamara, ina moltóir sa chomórtas. Ba mhúinteoir leis an gCoimisiún le Rincí Gaelacha tráth í agus bhí Connie Ryan, nach maireann, mar mhúinteoir damhsaíochta sean-nóis aici le roinnt blianta. Ba é Johnny Connolly, "rí" bhoscadóirí Chonamara, a sheinn an ceol do na damhsóirí.

    Tuilleadh Eolais: (087) 2729290