Ó: Eoin Ó Riain [mailto:readout@iol.ie Chuig: An Coimisinéar Teanga
Dáta: 27 Marta 2006 16:48

Seans go bhfuil fhios agaibh go bhfuilim ag lorg seirbhís leathan bhanda amach anseo ar an gCaorán agus tugaim faoi deara ní hamháin nach bhfuil oiread agus focal amháin Gaeilge ar an suíomh ag an Roinn Cumarsáide (seachas ainm na roinne féin!) www.broadband.gov.ie/bbinfo/home.aspx ach nuair a théitear chuig an "Search for Broadband in your area " níl ainm na háite i gceart, Ballynahown, Spiddal, Furbough (!) Kilronan 7rl.


Ag 12:58 +0100 28/03/2006, scríobh Damhnait Uí Mhaoldúin:
A Eoin, a chara
Go raibh maith agat.
litir curtha ar aghaidh chuig an Roinn Cumarsáide agam.
Eoin Ó Riain 1/4/2006
Go raibh maith agat as do ríomhphost faoin chóras leathanbhanda. D'fhéach mé ar suíomh na Roinne Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha agus aontaím leat nach bhfuil mórán Ghaeilge le feiceáil air. Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla mar atá sé i bhfeidhm faoi láthair níl de dhualgas orthu suíomh idirlín dhátheangach a chur ar fáil. Is faoi scéim a aontófar faoi Alt 11 den Acht leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a dhíreofar ar a leithead de sheirbhís a chur ar fáil go dhátheangach. Tuigim go bhfuil dréacht scéim ullmhaithe ag an Roinn Cumarsáide anois ach go bhfuil sé fós le daingniú ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Maidir le ceist na logainmneacha seo mar atá an dlí faoin láthair. Faoin Ordú Logainmneacha (Ceantar Gaeltachta) 2004 agus Alt 33 de Acht na dTeangacha Oifigiúla tá sé de dhualgas ar údarás áitiúil a chinntiú gurb iad na leaganacha oifigiúla Gaeilge amháin de logainmneacha Gaeltachta a úsáidtear ar chomharthaí bóthair agus sráide, chomh maith le sin tá dualgas ar an Suirbhéireacht Ordanáis an leagan Gaeilge a úsáid ar léarscáileanna agus is iad na leaganacha Gaeilge a chaithfear a úsáid in aon reachtaíocht.
Taobh amuigh de na trí chás sin is féidir le chomhlacht nó duine aonarach an leagan Gaeilge nó an leagan Béarla a úsáid. Tá an rogha acu féin agus níl údarás ag an oifig seo brú a chur orthu an leagan Gaeilge a roghnú.
Nuair a bíonn scéim á aontú ag chomhlacht poiblí is minic a dhéanann siad cinneadh úsáid níos leithne a bhaint as leaganacha Gaeilge. Dar ndóigh is féidir leatsa do mhíshástacht féin faoin cheist a chur in iúl dóibh.
Go raibh maith agat as do chomhfhreagras
Le gach dea-ghuí
Damhnait Uí Mhaoldúin, Bainisteoir Oifige
Oifig an Choimisinéara Teanga, An Spidéal, Co. na Gaillimhe
Fón : 091-504006 Facs: 091-504036 Idirlíon : www.coimisineir.ie
R-phost: eolas@coimisineir.ie