Daonra
na Gaeltachta faoi Bhun a Leath do réir Anailís Nua.
Foilsíodh tuairisc ar an
'Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht' mí Dheire Fómhair seo caite, a bhí déanta ag Ollscoil
na hÉireann, Gaillimh i
gcomhar le Ollscoil na hÉireann, Ma Nuad. Sa tuairisc bhí rangú
déanta ar an 152 togha roinn
(TR) nó páirt togha roinn a bhfuil aitheantas oifigiúil Gaeltachta acu i
láthair na huaire. Úsáideadh 3 chatagóir éagsúla leis an rangú a dhéanamh: A, B agus C. In Alt 6.5 den 'Staidéar Teangeolaíoch' moladh go mba chóir don Roinn Gnóthaí
Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta
na "critéir mheasúnaithe" atá sa tábla thíos, a fheidhmiú inter alia sa phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht: Na Critéir Teanga atá Molta in Alt 6.5 den
Staidéar Teangeolaíoch ar an nGaeltacht
Nuair a cuireadh an
tuairisc faoin staidéar le chéile ní raibh briseadh síos ar fáil ón Daonáireamh
2006 maidir le úsáid na
Gaeilge sna togha roinn éagsúla atá sa nGaeltacht oifigiúil ach tá anois. San anailís seo tá
scagadh nua déanta ar 152
ceantair Ghaeltachta, ag úsáid na figiúirí ón Daonáireamh a tógadh mí Aibreán
2006 agus ag úsáid na figiúirí
atá curtha ar fáil ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta maidir le Scéim Labhairt na Gaeilge (SLG) don bhliain scoile 2006/07. Do
réir na gcritéar sa tábla thuas, bheadh daonra na Gaeltachta, roinnte isteach
sna catagóir A,B agus C do réir an tábla seo thíos: Daonra na Gaeltachta do réir na gCatagóirí
Éagsúla Tá na táblaí A, B agus C le fáil i bhfoirm PDF má bhrútar ar a litir cuí sa tábla ginearálta thíos!)
Ní bheadh fágtha sa Ghaeltacht ach beagán faoi bhun 44,000 duine, níos lú ná leath den daonra atá ina gcónaí taobh istigh de theorann oifigiúil na Gaeltachta mar atá sé faoi láthair. Bheadh 17,000 sna ceantair is láidre (Catagóir A), thart ar 10,000 eile sna ceantair measartha (Catagóir B) agus 17,000 eile sna ceantair Ghaeltachta is laige ó thaobh úsáid na Gaeilge (Catagóir C). Bheadh daonra de 51,500 duine sna ceantair oifigiúil Ghaeltachta nach shásódh na bun critéir atá leagaithe síos sa Staidéar mar nach mbeadh ar a laghad 30% den daonra os cionn 3 bhliain d'aois ina gcainteoirí laethiúla Gaeilge do réir an Daonáirimh nó nach mbeadh 10% ar a laghad dena teaghlaigh le gasúir scoile i dteideal deontas faoi Scéim Labhairt na Gaeilge. An cuid is mó dena ceantair a bheadh fágtha amach, ní shásóidís ceachtar den dá chritéir atá molta. Léiríonn an tábla thuas an briseadh síos sna catagóírí éagsúla i ngach ceann dena contaethe Gaeltachta, dá bhfeidhmeofaí na gcritéir atá molta sa Staidéar Teangeolaíoch. Tábla : An Daonra de réir
na gCatagóirí do gach Contae Ghaeltachta
Contae na Gaillimhe: Faoi láthair tá 45,000 duine ina gcónaí ann i gceantair le aitheantas Ghaeltachta. Dá ndéanfaí teorannacha na Gaeltachta a shocrú do réir na gcritéar nua atá molta, bheadh Gaeltacht na Gaillimhe ag cailliúnt 29,000 duine.
1. Cathair na Gaillimhe: Tá cónaí ar 14,000 duine i nGaeltacht na cathrach - Cnoc na Cathrach, Tír Oileáin agus eastáit eile mar iad. Chaillfeadh na eastáit seo aitheantas Gaeltachta. 2. Achréidh na
Gaillimhe: Seo é an ceantar
Gaeltachta atá taobh thoir den Coirib ina bhfuil 7,000
duine ina gcónaí. Tá sé an lag ó thaobh úsáid na Gaeilge. I mBaile an Chláir níl ach 1% de na teaghlaigh le páistí ag fáil an deontas
iomlán faoi SLG. Ní bheadh
aitheantas Ghaeltachta ag aon chuid den cheantar seo faoina critéir atá molta. 3. Maigh Chuilinn
agus Bearna: Chaillfeadh Maigh
Chuilinn agus Bearna a stádas Ghaeltachta - tá an dá áit gar don
tairseach le 29% den daonra
iontu ina gcainteoirí laethúla Ghaeilge, ach le 5% de na
teaghlaigh le páistí scoile ag fáil an deontas iomlán faoi Scéim Labhairt na
Gaeilge, tá sé seo ró íseal le stádas Ghaeltachta a fháil. 4. An Spidéal: Bheadh stádas Catagóir B ag An Spidéal agus ag an leath thoir de Pharóiste an
Chnoic idir Abhann an
Spidéil agus Siopa an
Phobail. Is é seo an pobal as
a fáisceadh na scríbhneoirí cáiliúla Ghaeilge Máirtín Ó Cadhain agus Joe Steve Ó Neachtain. 5. Na Forbacha: Bheadh sé i C le 45% den pobal ina gcainteoirí laethúla agus 15% de na teaghlaigh le gasúir iontu ag fáil an
deontas iomlán faoi SLG. 6. Conamara Theas: Bheadh stádas A ag an gceantar go léir ó Shiopa an Phobail siar le cósta chomh fada le Carna agus Oileáin Árainn san áireamh, le daonra 11,000 ann. 7. Dúiche Sheoighe: Stádas B a bheadh ag Corr na Móna. Stádas C a bheadh ag
an an gceantar thart ar an Mám agus ag Bun an Chnoic.
Chaillfeadh An Fháirche a
stádas Ghaeltachta mar nach bhfuil ach 5% de na teaghlaigh sa gceantar ag fáil an deontas iomlán faoi SLG. Mar a chéile leis an gceantar a shíneann ó Seana
Fearachán siar i dtreo An
Líonán. 8. Tuaisceart
Chonamara: Chaillfeadh Inis
Né agus na pócaí eile thart ar
Cloch na Rón an stádas
Ghaeltachta chomh maith leis an gCaiseal. Contae Mhaigheo: Dá gcuirfí na critéir i bhfeidhm i Maigheo laghdófaí daonra na |