An Ghaeilge - Bás nó Beatha

Teitheadh na nóg - gortú na teaanga.
Tarlaíonn athrú meoin ó thaobh úsáid na Gaeilge i measc deagóirí agus iad ar an meánscoil. Is ar seo a chathfear aghaidh a thabhairt, má táthar le deireadh a chur leis an gcreimeadh teanga, a deir Donnchaa Ó hÉallaithe

 

Bhí fís ag bunaitheoirí an tSaorstáit, 85 bliain ó shoin, go ndéanfaí an tír a Ghaelú ó Cheann Málainne ó thuaidh go Carn Uí Néid ó dheas; ó Mhuir Éireann go Cósta an Atlantaigh. Ní mar sin a tharla, ach a mhalairt. Thar am chúlaigh an Ghaeilge óna ceantracha ina raibh sí á labhairt go traidisiúnta, mar a léiríonn Tábla 1 thíos. Bhí 150,000 cainteoir Ghaeilge sna ceantracha a áiríodh mar cheantracha Fíorghaeltachta sa bhliain 1926. Ceithre scór bliain níos deireannaí tá 64,265 cainteoirí Gaeilge sna ceantracha éagsúla, atá taobh istigh dena limistéir oifigiúla Gaeltachta.

 

Tábla 1: Cainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht

Bliain

Cainteoirí Gaeilge

% le Gaeilge sa Ghaeltacht

1926

146,821

89

1946

104,941

76

1961

64,275

81

1981

58,026

73

2002

62,157

69

2006

64,265

67

 

Tá an cuma ar an scéal ón dtábla thuas go bhfuil líon na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht ag méadú aríst.  Nach ábhar dóchais é seo?  Tá líon na gcainteoirí Gaeilge ag méadú mar go bhfuil fás as cuimse tagaithe ar na daonra sa chuid sin de Chathair na Gaillimhe, atá fágtha taobh istigh de theorann oifigiúil na Gaeltachta, de bharr tógáil eastáit tithíochta ar imeall na Gaillimhe ar thailte atá taobh istigh de theorann na Gaeltachta.

 

Tá an scéal i bhfad níos measa ná mar a thugann an tábla thuas le fios. Ach sé fírinne an scéil, go bhfuil thart ar 22,000 duine ina gcónaí i gceantracha, ina bhféadfaí a rá fúthu go bhfuil an Ghaeilge á úsáid go forleathan iontu i measc an phobail.

  • Anailís ar Scéim Labhairt na Gaeilge 2006/07 (Samhain 2007)
  • Ardú Suntasach Tagaithe ar Dhaonra na Gaeltachta (Lúnasa 2006)
  • Anailís ar Thorthaí Dhaonáirimh 2006 maidir le Labhairt na Gaeilge (Samhain 2007)
  • Anailís ar Thorthaí Dhaonáirimh 2006 maidir le Labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht (Samhain 2007)
  •  

    Sna staidéir éagsúla atá déanta agam thar na blianta ar torthaí Daonáireamh agus ar torthaí Scéim Labhairt na Gaeilge agus a foilsíodh i bhFoinse, bhíos den barúil go raibh thart ar 20,000 duine ina gcónaí i gceantracha ina bhféadfaí a rá fúthu go mba ceantracha Fíorghaeltachta iad.

     

    Sa tuarascáil a foilsíodh le gairid mar thoradh ar an 'Staidéar Teangeolaíochta ar Staid na Gaeilge sa Ghaeltacht', glacadh leis go bhfuil trí chatagóir Ghaeltachta ann : A, B agus C. Sa staidéar deirtear faoi na limistéir Chatagóir A go bhfuil úsáid na Gaeilge "in uachtar i nósmhaireachtaí sóisialta agus institiúideacha an limistéir". An slat tomhas a úsáideadh sa staidéar le ceantar a rangú i gCatagóir A: 67% ar a laghad den daonra a bheith ina gcainteoirí laethúla Gaeilge de réir an Daonáirimh.   Dá mbeadh idir 44% agus 66% den daonra ina gcainteoirí laethúla, glacadh leis go mba cheart é a rangú i gCatagóir B agus aon limistéir faoi bhun 44% a chur i gCatagóir C.  Léiríonn Tábla 2 thíos an briseadh síos ar dhaonra an trí chatagóir, bunaithe ar na figiúirí don Daonáireamh a tógadh sa bhliain 2006.  Tugtar na figiúirí go dtí an 500 is goire.  

     

    Tábla 2

    Catagóir

    Daonra (2006)

    % de Dhaonra na Gaeltachta

    A

    22,000

    23.0%

    B

    8,000

    8.4%

    C

    65,500

    68.6%

    An tIomlán

    95,500

    100%

     

    Tá daonra de 22,000 i gceantracha láidir Gaeltachta ina bhfuil an Ghaeilge fós láidir mar theanga pobail agus tá 8,000 eile i gceantracha ina bhfuil an Ghaeilge idir dhá cheann na meá.  I dTábla 3 thíos tugtar briseadh síos ar an 22,000 a bhfuil cónaí orthu i limistéir

    Tábla 3: Briseadh Síos ar Dhaonra Chatagóir A

    Ceantar Gaeltachta

    Daonra (2006)

    Conamara Theas

    12,219

    Oileáin Árann

    1,225

    Ceathrú Thaidhg

    356

    Iarthuaisceart Dhún na nGall

    6271

    Corcha Dhuibhne

    1860

    An tIomlán

    21,931

     

    Im thuairimse tá corráit i gCatagóir A, ar cheart a bheith curtha i gCatagóir B : An Spidéal agus Ceathrú Thaidhg. Ar an dtaobh eile den scéal tá corr áit i gCatagóir  C ar cheart a bheith i gCatagóir B: Na Forbacha, Corr na Móna, Eachléim. Ní ghlacaim leis an argóint nach bhféadfaí Rann na Feirste a chur isteach i gCatagóir A, mar gheall ar nach bhféadfaí toghroinncheantar a dheighilt. Tríd is tríd tá thart ar 22,000 duine ina gcónaí i gceantracha ina ndeireann an Staidéar Teangeolaíochta fúthu go bhfuil "seasmhacht áirithe le sonrú ar an bpatrún úsáide sna rannóga aoise ar fad, cé is moite d'iompar teanga na n-óg".

     

    Céard faoi Iompar Teanga na n-Óg?

    Sé an gné is scanrúla faoin anailís atá déanta sa Staidéar Teanga ná an fhianaise a thugtar sa tuarascáil, féach Tábla 4 thíos, go bhfuil déagóirí ag tréigin na Gaeilge mar theanga labhartha eatarthu féin. Tá Gaeilge líofa nó Gaeilge mhaith ag 91% de dhaltaí na ranganna Ardteiste sna limistéir is láidre Gaeltachta, limistéir Catagóir A ach in ainneoin sin ní úsáideann ach 24% acu an Ghaeilge lena gcairde.  Ní hea nach bhfuil siad báúil leis an teanga. Más fíor dóibh féin tá 94 % den aoisghrúpa Ardteiste i limistéir Catagóir A fabhrach don Ghaeilge. Tá líofacht acu agus tá siad fábharach ach is cosúil nach ionann san is a rá gur féidir an teanga a labhraítear sa mbaile agus leis na comharsana a úsáid le do chairde.

     

    Tábla 4: An Ghaeilge i measc daoine óga sna Gaeltachtaí Catagóir A

    Fabhrach don Ghaeilge

    94%

    A d'fhreagair an cheistneoir i nGaeilge

    74%

    Gaeilge Líofa nó Gaeilge mhaith acu

    91%

    A tógadh le Gaeilge amháin nó le Gaeilge den chuid is mó

    53%

    A labhraíonn Gaeilge den chuid is mó sa teaghlach agus le comharsana

    60%

    Níos ábalta comhrá a bheith acu i mBéarla ná i nGaeilge

    29%

    A úsáideann Gaeilge don chuid is mó lena gcairde

    24%

     

    Faoi láthair tarlaíonn athrú meoin ó thaobh úsáid na Gaeilge i measc déagóirí. Seo é an áit a bhfuil an píopa pollta. Is ar seo a chaithfear aghaidh a thabhairt, má táthar leis an bhfadhb a réiteach. Níl a fhios againn cén fáth a dtarlaíonn an t-athrú meoin seo, a chuireann iachall orthu nósmhaireacht teanga a athrú, ach tá tuairim agam. Níl aon óg-chultúr trí Ghaeilge ar fáil dona daoine óga seo. Seachnaíodh é. Caithfidh a spreagadh agus a chothú a bheith mar chuid de aon réiteach ar an bhfadhb teanga, ní hamháin sa Ghaeltacht ach ar fud na tíre.

     

     

    Na Coláistí Tríú Leibhéal:

    Is cosúil go ndearna 1,200 dalta na hábhair ar fad san Ardteist tré mheán na Gaeilge anuraidh, idir micléinn óna Gaelcholáistí agus micléinn óna scoileanna iarbhunoideachais sa Ghaeltacht, a bhíonn ag múineadh tré Ghaeilge. Mar is eol dúinn faoin am seo, ní ionann scoil iarbhunoideachais a bheith lonnaithe sa Ghaeltacht agus na múinteoirí ag fail liúntas speisialta de O2,000 in aghaidh na bliana agus a rá gur tré Ghaeilge a mhúintear na hábhair sa scoil sin.

     

    Tá 60% dena micléinn a dhéanann an Ardteist ag dul ar aghaidh ag an tríú leibhéal na laethanta. Seans go bhfuil 75% den dream atá ag tíocht óna Gaelcholáistí ag dul ar aghaidh ag an tríú leibhéal. Ar an mbealach sin bheadh thart ar 900 dalta a rinne an Ardteist tré Ghaeilge ag dul isteach gach bliain sna coláistí tríú leibhéal. Is cinnte go bhfuil na céadta eile le Gaeilge den scoth nach raibh ag freastal ar Gaelcholáiste, ach ag a bhfuil togha na Gaeilge. Is cinnte ar an gcaoi sin go bhfuil 1,000 macléinn ar a laghad  gach bliain  ag dul ar aghaidh ag an tríú leibhéal. Caitheann an cuid is mó dena micléinn  ar a laghad 3 bhliain sa gcoláiste. Ar an gcaoi sin  tá 3,000 macléinn sa tríú leibhéal ag a bhfuil togha na Gaeilge, de bharr a gcúlra oideachais. Ach an bhfuil aon cheo ar bun sna coláisti leis n micléinn gaelacha a chur in aithne dá chéile, a thabhairt le cheile go sóisialta? Ní chloisim go bhfuil.

     

    Ach ní bheadh tú ag súil go mbeadh mura mbeadh eagrú á dhéanamh ar ocáidí sóisialta tré Ghaeilge. Ní bheadh na cluichí gaelacha á imirt chomh forleathan sna coláistí mura mbeadh daoine fostaithe sna coláistí leis na ocáidí sóisialta a eagrú. B'shin an chúis a mholas go ndéanfaí timirí nó eagraithe a fhostú sna coláistí  le tabhairt faoi lucht na Gaeilge sna coláistí a thabhairt le chéile.

     

    Níor éirigh linn sa tír seo fós, an Ghaeilge atá foghlamtha ag daoine ar scoil a chur á usáid taobh amuigh den seomra ranga. Cén fáth? Mar nach bhfuil aon fhorbairt déanta ar óg-chultúr tré Ghaeilge. Tá an oiread céanna cainteoirí Gaeilge ann is atá de chainteoirí Breatnaise ann ach tá óg-chultúr á fhorbairt le fada ag na Breatnaiseoirí agus tá sé fíor láidir anois. Bíonn rac-cheol den scoth ar fail i mBreatnais, bíonn féilte rialta á reachtáil tre Bhreatnais, bíonn irisí I mBreatnaise ar fail do dhaoine  óga ach tada den cineál sin sa tír seo go fóill. Agus ní tharlóidh sé as féin an é a spreagadh is é  chothú.

     

    Scéimeanna Tithíochta sa Ghaeltacht:

    Aithnítear gurb é ceann dena fadhbanna a bhaineann leis an nGaeilge go bhfuil lucht labhartha  na Gaeilge scaipithe óna chéile, ach amháin sa Ghaeltacht. Fiú amháin sa Ghaeltacht bíonn sé deachair do dhaoine le togha na Gaeilge lonnú ann. Tá an iomarca constaicí ann: suíomh feiliúnach a aimsiú, margadh a dhéanamh lena cheannacht agus ansin cead pleanála a fháil.
  • Mar a socraíodh ar 80% de na tithe a choinneal do chainteoirí Ghaeilge (Nollaig 2007)
  • Tá Plean Forbartha Dhún na nGall ag Cliseadh ar an nGaeilge (Márta 2006)
  • An tAcht Pleanála 2000 agus an Ghaeltacht: An bhfuil sé á fheidhmiú? (Eanáir 2005)

  • Cúrsaí Pleanála i nGaeltacht na Gaillimhe (Nascanna Éagsúla)
  • Go minic diúltaítear cainteoirí duchais agus cainteoirí líofa mar nach féidir leo a chruthú go bhfuil said áitiúil nó go bhfuil riachtanas tithíochta acu agus imíonn said ón nGaeltach le socrú i gCathair na Gaillimhe in eastáit mhór tithíochta ina mbeidh na daoine le Gaeilge ina mionlach, scaipithe amach agus gan aon aithne acu ar a chéile. Sin mar atá an Ghaeilge á chailliúnt. Sin é an fáth nach bhfuil an leibhéal usáide a bhí I measc na aoisghrúpaí scoile, le feiceal I measc na aoisghrúpaí tar éis fágáil na scoile.

     

    Ceard is féidir a dhéanamh? Céard faoi scéimeanna tithíochta a thógáil in áiteacha ar nós An Spidéal, áit ina bhfuil an teanga go mór faoi bhrú ag daoine gan Ghaeilge ag bogadh isteach agus na tithe a bheith tógtha do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu agus atá ag iarraidh a bheith ina gcónaí ar eastáit le daoine eile le Gaeilge. Ar ndóigh theastódh go mbeadh srianta docht daingean curtha I bhfeidhm ar dhíol na dtithe, rud a laghdódh luach na dtithe. Le seo a chúiteamh leo agus leis na scéimeanna a dhéanamh tarraingteach ba mhór an cúnamh dá bhféadfaí tíocht aníos le scéim faoiseamh cánach mar atá in áiteacha eile sa tír, faoina bhféadfadh duine a bheadh sásta teach ina leithéad de scéim a cheannach agus 50% de chostas an tí a chur in aghaidh an bille cánach. 

     

     

     

     


    An Staidéar Teangeolaíoch

    Tá an t-alt seo bunaithe ar chaint a thug Donncha Ó hÉallaithe i mBaile Átha Cliath i mí Eanáir 2008, tráth ar bunaíodh Fondúireacht na Gaeilge, ciste nua neamhspleach ar an Stát, chun tionscnaimh a chur sa tsúil leis an nGaeilge a chur chun cinn sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre.

    Foilsíodh i bhFoinse é 3 Feabhra 2008


    'Fondúireacht na Gaeilge' le seoladh

    Tá eagraíocht nuabhunaithe Ghaeilge, 'Fondúireacht na Gaeilge', ag súil le borradh mór a chur faoi ghluaiseacht na Gaeilge trí chuidiú i bhfoirm tabhartas a fháil ón bpobal agus ó eagraíochtaí san earnáil phríobháideach.

    Ag cruinniú poiblí dar teideal, 'An Ghaeilge, Bás nó Beatha', atá le tionól in Óstán Mont Clare i mBaile Átha Cliath ag 6.45in inniu, tabharfaidh bunaitheoirí na heagraíochta cur síos ar straitéis le déileáil leis an ngéarchéim atá i ndán don teanga.

    Beidh Fondúireacht na Gaeilge ag lorg tabhartas leis an straitéis seo a mhaoiniú, ach tá súil acu maoiniú rialtais a lorg chomh maith 'ach ag leibhéal a chinntíonn neamhspleáchas na heagraíochta,' arsa Breandán Mac Cormaic, Cathaoirleach na heagraíochta.

    Tá roinnt Gaeilgeoirí aitheanta eile mar stiúrthóirí ar an bhfondúireacht, ina measc, Dónall Ó Baoill, Deirbhile Nic Craith, Cathal Ó Donnghaile, An Dr. Conchúr Ó Giollagáin, Muireann Ní Mhóráin, Réamaí Mathers agus Mícheál Ó Riabhaigh.

    Measann an tUasal Mac Cormaic go mbeidh gá le €150,000 in aghaidh na bliana, 'ar an íosmhéid,' chun go mbeidh rath ar an obair fhadtéarmach atá beartaithe ag an bhFondúireacht.

    Tá súil acu tograí a bhunú de réir a chéile ag díriú ar scéimeanna tithíochta Gaeilge, taobh istigh agus lasmuigh den Ghaeltacht, oideachas tríú leibhéal, straitéis le tacú le cainteoirí Gaeilge sa bhunoideachas agus sa mheánoideachas, gréasán náisiúnta naíolanna Gaeilge agus ionaid chultúrtha i mBaile Átha Cliath agus/nó i gcathracha eile.

    'Is cuid riachtanach de chur chuige na Fondúireachta ná an stádas neamhspleách a bheidh ag an eagraíocht a chinnteoidh nach mbeidh a cuid oibre ag brath ar pholasaí nó ar mhaoiniú an rialtais. Go dtí seo, bhí bealach amháin ann chun tacaíocht a fháil don Ghaeilge, é a lorg ón rialtas, ach nuair a theip air sin, ní raibh an dara straitéis ann,' arsa Mac Cormaic.

    Cé go n-admhaíonn an grúpa gur riachtanas é maoiniú Stáit a bheith curtha ar fáil d'eagraíochtaí na Gaeilge, ceapann siad 'go bhfágann an easpa shoiléir straitéise leis an teanga a chothú rogha amháin ag pobal na Gaeilge. . .dul ar aghaidh leo féin leis an mbeart a chur i gcrích.'

    Lá Nua 24 Eanáir 2008

    Tuilleadh eolais ar fáil ó:

    An Cathaoirleach
    Fondúireacht na Gaeilge Teo/MSTT Teo
    43 Páirc Theampall Ruain,
    BÁC 16
    Rphost: anmheitheal@gmail.com



    Lá Nua 9/2/2008