Anailís ar Thorthaí Dhaonáirimh 2006 maidir le Labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht
An tseachtain seo caite i bhFoinse foilsíodh anailís, a bhí déanta ag Donncha Ó hÉallaithe, léachtóir le Matamaitic in Institiúid Teicneolaíochta Gaillimh agus Maigheo, maidir le úsáid na Gaeilge ar fud na 26 contae do réir torthaí an Daonáirimh a tógadh sa bhliain 2006. San eagrán seo, tá an tarna chuid den anailís á fhoilsiú: úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, bunaithe ar na torthaí Daonáirimh ón Príomh Oifig Staidreamh (CSO), a foilsíodh an mhí seo caite in "Imleabhar 9 - An Ghaeilge".
In Imleabhar 9 ón CSO maidir leis an Daonáireamh a tógadh i 2006 agus a foilsíodh le gairid, tugadh torthaí dona ceantracha Gaeltachta éagsúla briste síos do réir an chontae. Níl fáil go fóill ar an mbriseadh síos iomlán do réir na dtogharoinncheantar Gaeltachta (DED) a ligfeadh dúinn An Spidéal a idirdhealú ó Bhearna, Rath Chairn ó Bhaile Ghib nó Baile an Fheirtéirigh ó Bhaile an Sceilg. Tá ceantracha láidir Ghaeltachta de Chatagóir A agus ceantracha an lag de Chatagóir C curtha le chéile sna figiúirí atá foilsithe do gach contae agus cuireann sé na figiúirí as riocht I gcás Dún na nGall, Ciarraí agus Contae na Gaillimhe. Óna figiúirí contae ní féidir aon bhreithiúnas a thabhairt faoin athrú atá tarlaithe ó 2002, in úsáid na Gaeilge i nGaoth Dobhair mar shampla nó i gCárna nó i nDún Chaoin.
Mar sin féin is féidir roinnt eolais a fháisceadh as an méad figiúirí atá foilsithe go dtí seo. Déantar briseadh síos do réir na n-aoisghrúpaí éagsúla sna contaetha éagsúla Gaeltachta, ar úsáid na Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den córas oideachais ar bhonn laethúil, a léiríonn sciorradh teanga sna contaetha sin do réir mar a bhogann daoine ó aois scoile isteach sna ficheadaí.
Tábla 1: Líon na Cainteoirí Gaeilge, do réir na nDaonáireamh a tógadh, ó bunaíodh an Stát.
*Na ceantracha, a aithníodh mar ceantracha Fíorghaeltachta nuair a socraíodh teorannacha na Gaeltachta sa bhliain 1926. Ó 1961 ar aghaidh, tar éis athshocrú teorannacha na Gaeltachta sa bhliain 1956, bhí aitheantas Ghaeltachta ag ceantar níos lú ná mar a bhí roimhe sin. # Sa colún seo is % den daonra atá 3bhl. d'aois nó níos mó atá tugtha. Foinse : Figiúirí óna Daonáirimh éágsúla atá foilsithe ag an CSO.
Níor mhiste a mheabhrú gur sa bhliain 1996 a tosaíodh ar cheist a chur sa Daonáireamh faoi cé chomh minic is a bhí an Ghaeilge á labhairt ag na daoine a thug le fios Gaeilge a bheith acu. Cuireadh an cheist céanna teanga sa bhliain 2002 ach sa Daonáireamh i 2006 iarradh ar na cainteoirí Gaeilge cé chomh minic is a úsáideann siad an Ghaeilge taobh amuigh den córas oideachais.
Foilsíodh réamh thorthaí teanga ón Daonáireamh mí na Márta seo caite agus ar an 1 Aibreán bhí scéal ar an gcéad leathanach de Foinse a thug le fios nach "labhraíonn ach 28% de mhuintir na Gaeltachta a bhfuil Gaeilge acu an teanga taobh amuigh den chóras oideachais". Mar a léiríonn Tábla 2, níl an scéal baileach chomh dona le sin. Tá 35% de na cainteoirí Gaeilge sna ceantracha Gaeltachta ag úsáid Gaeilge go laethúil taobh amuigh den scoil i gcomparáid le 13% de na cainteoirí Gaeilge sa Stát ina iomlán. Tharla an botún mar nár cuireadh san áireamh mar cainteoirí laethúla taobh amuigh den córas scoile na daoine a dúirt go n-úsáideann siad Gaeilge do laethúil taobh istigh agus taobh amuigh den córas oideachais.
Mar a bheifeá ag súil leis tá i bhfad níos mó deis ag cainteoir Ghaeilge an teanga a úsáid go laethúil taobh amuigh den scoil, má tá cónaí air/uirthi taobh istigh de limistéar láidir Gaeltachta. Tugann an figiúr sin le fios nach bhfuil ach duine as gach triúr dena cainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht, ag maireachtáil i gcomhthéacs sóisialta ina bhfuil deis acu an Ghaeilge a usáid taobh amuigh den córas scoilíochta.
Tábla 2: Cé chomh minic is a úsáideann cainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht an teanga go laethúil, taobh amuigh den córas oideachais
Nóta: Glactar leis nach cainteoirí Ghaeilge iad siúd nach dtugann freagra ar an gceist teanga ar an bhfoirm a úsáidtear don Daonáireamh. Ní chuireann an CSO na daoine sin san áireamh agus céatadán cainteoirí á ríomh. Sin an cúis go mbíonn na céatadán cainteoirí beagáinín níos ísle san anailís seo, ná mar a thuairiscíonn an CSO.
I dTábla 3 thíos, tugtar léargas ar na Gaeltachtaí sna contaetha éagsúla. Cé go bhfuil céatadán na gcainteoirí I nGaeltachtaí Dhún na nGall (74%) níos ísle ná céatadán na gcainteoirí I Múscaí (78%) tá céatadán níos mó den daonra á labhairt. Do réir na figiúirí ní labhrann ach 24% de dhaonra na Gaeltachta I Múscraí an Ghaeilge taobh amuigh den scoil I gcomparáid le 30% de dhaonra na Gaeltachta I nDún na nGall. Cé go bhfuil Gaeilge ag ochtar as gach naonúr i nGaeltacht Chorcaigh ní úsáideann ach duine as ceathrar í go laethúil taobh amuigh den seomra ranga.
Tábla 3: Na Ceantracha Gaeltachta do réir contaethe
Foinse: Tá an tábla seo curtha le chéile ag Donncha Ó hEallaithe (GMIT) ag úsáid na figiúirí atá foilsithe ag an CSO sna táblaí 7A,37A agus 38A ó Imleabhar 9, Daonáireamh 2006.
An figiúr eile ar fiú suntas a thabhairt dhó i dTábla 3 isea an daonra mór 'Gaeltachta' atá ina gcónaí i gCathair na Gaillimhe. Tá an daonra i nGaeltacht Cathair na Gaillimhe níos mó anois ná an daonra i nGaeltachtaí na Mumhan ar fad le chéile. Tá 13,737 duine (3 bhl. +) á áireamh sa Ghaeltacht i gCathair na Gaillimhe i gcomparáid le 13,675 idir Gaeltachtaí Phort Láirge, Ciarraí agus Corcaí le chéile. Tá an cuma ar an scéal go mbeidh níos mó daoine i gCathair na Gaillimhe i dteideal vótaí a chaitheamh i dtoghchán Údarás na Gaeltachta sa bhliain 2010 ná mar atá i nGaeltacht Chonamara Theas, an ceantar Gaeltachta is mó agus is láidre sa tír.
Bheadh sé sin go breá dá mbeadh aon chuma ar an scéal go mbíonn Gaeilge á úsáid i gCnoc na Cathrach agus i dTír Oileáin níos forleithne ná mar a bhíonn i gceantar ar bith eile sa gcathair. Is léir nár cheart go mbeadh sé á áirithint mar cheantar Gaeltachta, gan ach 4.2% in ann a rá go núsáideann siad an Ghaeilge ar bhonn laethúil taobh amuigh den scoil. Níl ach 3% de na gasúir san aoisghrúpa réamhscoilíochta i nGaeltacht na cathrach ag úsáid na Gaeilge go laethúil taobh amuigh den córas scoilíochta, in ainneoin deontais tithíochta a bheith ar fáil do theaghlaigh a bhfuil Gaeilge acu sa gcuid sin den cathair. Agus sin ráite, dá dhonacht an scéal i nGaeltacht Chathair na Gaillimhe, tá a fhios againn ón anailís a deineadh ar Daonáireamh 2002, go bhfuil an scéal níos measa i go leor ceantracha Gaeltachta eile: an ceantar thart ar Bhaile an Chláir i gContae na Gaillimhe, Béal a' Mhuirthid i Maigheo, Ailt an Chorráin i nDún na nGall agus cuid mhaith de Ghaeltacht Uíbh Ráthach i gCiarraí.
Aoisghrúpaí Éagsúla: Le sciorradh teanga a aithint breathnaítear go hiondúil ar na difríochtaí idir na aoisghrúpaí éagsúla ó thaobh úsáid teanga. Nuair a bhíonn teanga ag dul i léig i measc an phobail, bíonn sciar níos airde ag úsáid na teanga sna aoisghrúpaí is sine. I gcás na Gaeltachta tá sé le tabhairt faoi deara gur ar fágáil na scoile a tharlaíonn an titim mhór sa % a maíonn Gaeilge a bheith acu: bhí Gaeilge ag 88% den aoisghrúpa idir 10 -14 bhl.; ag 82% den aoisghrúpa idir 15-19 bhl. agus ag 64% den aoisghrúpa 20-24 bhl. d'aois. Tarlaíonn an titim céanna ar fud na tíre, mar a léiríodh san anailís an tseachtain seo caite. Tosnaíonn an céatadán ag ardú aríst dona aoisghrúpaí ó lár na dtríochaidí ar aghaidh. Is fianaise doshéanta é seo go bhfuil sciorradh teanga ag tarlú sna Gaeltachtaí ag an sean dream ná ag an dream meánaosta agus ag na aoisghrúpaí meánaosta ná mar atá ag daoine sna ficheadaí.
Níl an titim chomh suntasach sa gcéatadán a deireann go n-úsáideann siad Gaeilge go laethúil taobh amuigh den córas scoile: bhí Gaeilge á úsáid go laethúil taobh amuigh den scoil ag 22% den aoisghrúpa idir 10 -14 bhl.; ag 21% den aoisghrúpa idir 15-19 bhl. agus ag 17.5% san aoisghrúpa idir 20-24 bhl. i gcomparáid le 32.5% dona daoine atá 65 bhliain d'aois nó os a cinn. Tá an cuma ar an scéal, sa gcuid is mó dena ceantracha Gaeltachta, go bhfuil níos mó déagóirí ag Gaeilgeoireacht taobh amuigh den córas scoile ná mar atá daoine fásta sna ficheadaí, nó b'fhéidir gur brionglóidíocht a dtuismitheoirí atá ann agus na foirmeacha á líonadh isteach.
Tábla 4: An Líon agus Céatadán atá in ann Gaeilge a Labhairt sna hAoisghrúpaí éagsúla agus Líon agus Céatadán a labhrann Gaeilge go laethúil sa Ghaeltacht.
Foinse: Tá an tábla seo curtha le chéile ag Donncha Ó hEallaithe (GMIT) ag úsáid na figiúirí atá foilsithe ag an CSO sna táblaí 7A,37A agus 38A ó Imleabhar 9, Daonáireamh 2006.
Borradh faoi Ghaeltacht Phort Láirge: Is eisceacht é Gaeltacht Phort Láirge. Ón eolas atá tugtha I dtábla 5 tá 34.5% den aoisghrúpa idir 20-24 bhl. i nGaeltacht Phort Láirge ag maíomh go labhraíonn siad Gaeilge go laethúil taobh amuigh den córas scolaíochta. Tá an figiúr seo níos airde ná an céatadán dona aoisghrúpaí atá níos sine. Léiríonn an figiúr seo go bhfuil borradh de chineál ag tarlú in úsáid na Gaeilge i nGaeltacht Phort Láirge i measc daoine sna luath ficheadaí.
Tábla 5: An Céatadán a labhrann Gaeilge go laethúil taobh amuigh den córas oideachais, briste síos do réir aoisghrúpaí agus do réir na gcontaetha Gaeltachta.
Foinse: Tá an tábla seo curtha le chéile ag Donncha Ó hEallaithe (GMIT) ag úsáid na figiúirí atá foilsithe ag an CSO sna táblaí 7A,37A agus 38A ó Imleabhar 9, Daonáireamh 2006.
Conclúd: Tá 72,148 duine sna 26 Contae, ag maíomh go labhraíonn siad Gaeilge go laethúil taobh amuigh den córas scolaíochta. Tá 22,515 díobh san ina gcónaí taobh istigh dena limistéir a aithnítear mar cheantar Gaeltachta. Ach nuair a dhéantar anailís ar na figiúirí Gaeltachta tugann sé le fios nach bhfuil ach duine as gach triúr le Gaeilge sa Ghaeltacht á úsáid go laethúil taobh amuigh den córas scolaíochta. Tá an cuma ar an scéal go bhfuil cónaí ar dhá thrian de na cainteoirí Gaeilge sa nGaeltacht i gceantracha nach n-úsáidtear an Ghaeilge mar theanga pobail ar bhonn laethúil. I bhfochla eile má tá teorannacha na Gaeltachta ceapaithe limistéir a rianú ina bhfuil an Ghaeilge á úsáid mar theanga pobail iontu, tá siad bréagach agus tá sé thar am iad a athshocrú le go mbeidh siad bunaithe ar an bhfírinne. Go dtí go ndéantar é sin, is deachair aon phlean tarrthála a chur I bhfeidhm, a bhéas in ann dul i ngleic leis an gcreimeadh teanga leanúnach atá ag tarlú sna ceantracha ina bhfuil an teanga fós in úsáid. Foinse 11 Samhain 2007
Críoch |
Ardú Suntasach Tagaithe ar Dhaonra na Gaeltachta (Lúnasa 2006) Imleabhar 9- An Ghaeilge (Príomh Oifig Staidreamh 4/10/2007).
|