|
Tús mí Dheire Fómhair d'fhoilsigh an Príomh Oifig Staidreamh (CSO) "Imleabhar 9- An Ghaeilge". San imleabhar seo cuirtear i láthair torthaí an Daonáirimh, a tógadh in Aibreán na bliana 2006, maidir le staid na Gaeilge i measc an phobail: tugtar figiúirí maidir le líon na ndaoine ag maíomh Gaeilge a bheith acu agus minicíocht a labhartha. Ar an gcéad amharc tá an cuma ar an scéal go bhfuil an Ghaeilge ag dul ó neart go neart le ardú suntasach sa líon daoine atá ábalta Gaeilge a labhairt. Ach céard faoin líon daoine a úsáideann an Ghaeilge go laethúil?. Is léachtóir le Matamaitic é Donncha Ó hÉallaithe in Institiúd Teicneolaíochta Gaillimh agus Maigheo. D'iarr Foinse air a shúil a chaitheamh ar torthaí an Daonáirimh maidir le usáid na Gaeilge ar fud na tíre.
Chuir 1,656,780 duine sna 26 contae in iúl go bhfuil Gaeilge acu, sa Daonáireamh a tógadh in Aibreán 2006. Ardú suntasach é sin ón 1,430,205 cainteoirí Ghaeilge a tuairiscíodh a bheith ann sa bhliain 1996. Le linn an tréimhse 10 mbliana céanna tháinig ardú 16.6% i ndaonra na tíre agus ba eachtrannaigh cuid suntasach dena daoine nua. Mar sin féin ní raibh ach titim an bheag sa céatadán den daonra [i] a bhí ag maíomh Gaeilge a bheith acu: ó 41.1% i 1996 go 40.8%.
Tábla 1: Líon na Cainteoirí Gaeilge, do réir na nDaonáireamh a tógadh, ó bunaíodh an Stát.
Foinse : Figiúirí óna Daonáirimh éágsúla atá foilsithe ag an CSO.
Nóta : Glactar leis agus na céatadán á ríomh nach cainteoirí Gaeilge iad siúd nár thug freagra ar an gceist teanga agus a liostáiltear faoi 'Gan a bheith Ráite'.
Cuimhnítear nach raibh sa bhliain 1926 ach 540,802 sa 26 Contae a raibh Gaeilge acu. Tá trí oiread níos mó daoine le Gaeilge sa Stát anois, seachas mar a bhí nuair a bunaíodh é. Duine as cúigear a bhí ina gcainteoirí Gaeilge a i 1926 i gcomparáid le beirt as gach cúigear i 2006..
Ach cé mhéad de na cainteoirí Ghaeilge a bhaineann úsáid aisti? An bhfuil níos mó Gaeilge á labhairt anois ná mar a bhí i 1926?
Níl aon eolas againn ón Daonáireamh a tógadh i 1926 faoi cé chomh minic is a bhí an Ghaeilge á labhairt ag na daoine a raibh sí acu. Tá a fhios againn go raibh cónaí ar thart ar 150,000 cainteoirí Ghaeilge i gceantracha Fíorghaeltachta i 1926. Chuile sheans gur cainteoirí gníomhacha laethúla a bhí ina mhór fhormhór.
Is sa bhliain 1996 a tosaíodh ar cheist a chur sa Daonáireamh faoi chomh minic is a bhí an Ghaeilge á labhairt ag na daoine a dúirt go raibh Gaeilge acu agus leanadh leis an gceist céanna sa bhliain 2002. Ach mar go raibh formhór na ndaltaí scoile in ann a rá go fírinneach go raibh Gaeilge á úsáid chuile lá ar scoil, cuireadh na figiúirí dona cainteoirí laethúla as riocht sa dá Daonáireamh sin. Tuairiscíodh i 2002 go raibh 9% de dhaonra na tíre ina gcainteoirí laethúla Gaeilge ach ní raibh ach 2.6% de na aoisghrúpaí iar scoile (20 bhliain d'aois nó níos mó) ag maíomh gur úsáid siad an Ghaeilge go laethúil.
Aithníodh an fhadhb agus athraíodh an cheist faoi úsáid na Gaeilge don Daonáireamh a tógadh i 2006. Lena fháil amach cé mhéad den cainteoirí Gaeilge a úsáideann í taobh amuigh den córas oideachais, don chéad uair bhí idirdhealú á dhéanamh idir na cainteoirí Ghaeilge a labhrann Gaeilge taobh istigh den córas oideachais amháin agus iad san a labhrann í sa ghnáth shaol taobh amuigh den scoil. Bhí an cheist féin débhríoch agus níor cuireadh na torthaí ar fáil i mbealach a bhí sothuigthe ach an oiread agus baineadh míthuiscintí as na figiúirí nuair a foilsíodh iad i dtosach sa réamhthuarascáil níos túisce i mbliana.[ii]
Is Beag Gaeilge a Labhartar Taobh amuigh den Scoil:
Nuair a dhéantar briseadh síos, mar atá déanta i dTábla 2, ar an eolas a thugtar faoi chomh minic is a úsáidtear an teanga, feictear gur taobh istigh den córas oideachais amháin atá 27% dena cainteoirí á úsáid, go bhfuil 25% eile acu nach labhrann ar cor ar bith í agus go bhfuil 35% a labhrann í ach go hannamh. Ní fhágann sin ach 13% de na cainteoirí Ghaeilge á úsáid ar bhonn rialta taobh amuigh den córas oideachais.
Níl ach 1.78% den daonra os cionn 3 bhliain d'aois ag úsáid Ghaeilge go laethúil taobh amuigh den scoil agus 2.53% eile á úsáid go seachtainiúil. Sé sin an tomhais atá le fáil ón Daonáireamh faoi staid na Gaeilge mar ghnáth theanga cumarsáide i measc an phobail sa bhliain 2006.
Tábla 2: Cé chomh minic is a úsáideann cainteoirí Gaeilge sa Stát an teanga, taobh amuigh den córas oideachais
Nóta: Glactar leis nach cainteoirí Ghaeilge iad siúd nach dtugann freagra ar an gceist teanga. Ní chuireann an CSO na daoine sin san áireamh agus céatadán cainteoirí á ríomh. Sin an cúis go mbíonn na céatadán cainteoirí beagáinín níos ísle san anailís seo, ná mar a thuairiscíonn an CSO.
Mar gur athraíodh an cheist ní féidir comparáid a dhéanamh idir na figiúirí seo agus toradh an Daonáireamh a tógadh i 2002. An uair sin tuairiscíodh go raibh 9.1% den daonra á úsáid go laethúil agus 4.1% á úsáid go seachtainiúil. Sa bhliain 2006 má chuirtear san áireamh na daoine a úsáideann í sa gcóras oideachais go laethúil amháin, chomh maith leis na daoine a úsáideann í go laethúil taobh amuigh den córas oideachais faightear céatadán de 12.5% - méadú suntasach. Ach ní bheadh sé ceart an dá fhigiúr a chur i gcomparáid mar is léir go raibh go leor daoine á úsáid taobh istigh den córas oideachais amháin go laethúil, nár rith sé leo i 2002 go mba cheart iad féin a áireamh mar chainteoirí laethúla.
An Chontae is mó ina labhartar Gaeilge taobh amuigh den Scoil:
Taobh amuigh de na contaetha Gaeltachta, sé Cill Dara an contae fearr ó thaobh úsáid na Gaeilge taobh amuigh den córas scoile. I gCill Dara tá Gaeilge á úsáid go laethúil taobh amuigh den córas oideachais ag 1.81% de na daoine: níos airde ná Contae Chorcaí ná Contae na Mí, dhá chontae ina bhfuil ceantair Gaeltachta. Go deimhin taispeánann an anailís atá á thuairisciú i dTábla 3 gurb é Cill Dara an t-aon chontae gan ceantar Ghaeltachta, ina bhfuil an céatadán de chainteoirí laethúla taobh amuigh den córas oideachais níos airde ná an céatadán don Stát, atá ag 1.78%.
Ar an dtaobh eile den scála tá Uíbh Fháilí (0.77%) ar an gcontae is ísle ó thaobh úsáid na Gaeilge ar bhonn laethúil taobh amuigh den córas oideachais agus níl Ros Comáin ( 0.80%) i bhfad chun chinn air. I gcás na gcathracha tá Cathair na Gaillimhe (3.31%) go hard ar an liosta, ní nach ionadh ach tá Cathair Phort Láirge (0.81%) ar an gcathair is laige.
Contae na Gaillimhe an t-aon chontae ina bhfuil Gaeilge ag os cionn leath den daonra. Ní iontas ar bith é sin mar is ann atá an Ghaeltacht is mó sa tír. Cúis iontais é nach bhfuil ach 39% de dhaonra Dhún na nGall ag maíomh go bhfuil Gaeilge acu, cé gur ann atá an dara Ghaeltacht is mó sa tír. Ach tá Dún na nGall ar an dara chontae is airde ó thaobh céatadán an daonra a deireann go labhrann siad Gaeilge go laethúil, taobh amuigh den córas oideachais. Sé Cathair Bhleá Cliath an ceantar is lú ina bhfuil cainteoirí Ghaeilge le fáil ag 32.4% i gcomparáid le 40.8% sa Stát. Ach in ainneoin sin tá sé i lár an tábla ar 1.32%, ó thaobh úsáid na Gaeilge go laethúil taobh amuigh den córas oideachais
Tábla 3: Contaetha in ord do réir an % cainteoirí laethúla Gaeilge sa Daonra.
|