Anailís ar Scéim Labhairt na Gaeilge 2006/07
Le linn na seachtaine eisíodh torthaí Scéim Labhairt na Gaeilge (SLG) don scoilbhliain 2006/07, inar tugadh an líon iarratais ó teaghlaigh faoin scéim i ngach ceann dena 164 DEDs (Rannáin Áitiúil Toghchánaíochta) atá aitheanta a bheith taobh istigh de na limistéir Ghaeltachta, chom maith leis an líon teaghlaigh lenar íocadh an deontas iomlán, an líon a fuair an deontas laghdaithe agus an líon a diúltaíodh. San alt seo déanann an léachtóir Matamaitice sa GMIT, Donncha Ó hÉallaithe, anailís ar na figiúirí do Foinse. Fuair sé amach go bhfuil feabhas don tarna bhliain as a chéile tagaithe ar roinnt dena Gaeltachtaí beaga ach go bhfuil lagú le tabhairt faoi deara i roinnt de na ceantracha Gaeltachta is láidre.
Nuair a foilsíodh figiúirí ó Scéim Labhairt na Gaeilge don scoilbhliain 2006/07 ar an Máirt seo caite, eisíodh ráiteas oifigiúl ina tugadh le fios go ndúirt an tAire Gnothaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Éamonn Ó Cuív an méad seo a leasas:
"Is cinnte go bhfuil an-éileamh ar an scéim seo i gcónaí agus tá ríméad orm gur éirigh le formhór mór na dteaghlach a rinne iarratas - níos mó ná 92% - deontas a thuilleamh, rud a thaispeánann go bhfuil an Ghaeilge láidir go leor i measc óige na Gaeltachta i gcónaí."
Tá cuid den fhirinne á cheilt sa ráiteas gur thuill 92% de na teaghlaigh Ghaeltachta a rinne iarratas deontas faoin scéim anuraidh. Faoi láthair sa Ghaeltacht os cionn 10,000 teaghlach le páistí scoile, a bheadh i dteideal cur isteach ar an ndeontas faoi Scéim Labhairt na Gaeilge. Sa scoilbhliain 2006/07 ní dhearna ach 3,470 teaghlach iarratas ar an ndeontas. Diúltaíodh do 225 iarratas, tugadh an deontas iomlán do 2,216 teaghlach, tugadh deontas laghdaithe do 937 teaghlach agus tá scrúdú le déanamh fós ar 92 teaghlach faoin scéim.
Sa scoilbhliain 2005/06 rinne 3499 teaghlach iarratas agus diúltaíodh do 264 acu. Tugadh an deontas iomlán do 2,286 teaghlach, agus tugadh deontas laghdaithe do 936 teaghlach agus tá scrúdú le déanamh fós ar 13 teaghlach.
Nuair a bhéas an 92 teaghlach scrúdaithe agus na figiúirí curtha san áireamh tá seans láidir ann go mbeidh méadú beag sa líon teaghlach a thuilleann don deontas iomlán.
An t-Athrú sna ceantracha i gCatagóir A:
Sa Staidéar ar Staid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a foilsíodh le gairid, briseadh na ceantair éagsúla Gaeltachta isteach i dtrí Chatagóir. Is ionann Catagóir A agus na ceantracha is láidre ó thaobh úsáid na Gaeilge. Tugann Tábla 1, briseadh síos ar na figiúirí ó SLG dona ceantracha seo agus déantar comparáid sa tábla leis an líon teaghlach a bhí ag tuilleamh an deontas iomlán 5 bhliain ó shin. Seo iad na ceantracha atá fágtha den Ghaeltacht, ina gceaptar go bhfuil an teanga á úsáid fós go forleathan i measc an phobail. Insíonn na figiúirí dhúinn go bhfuil creimeadh teanga le tabhairt faoi deara iontu. Ag glacadh leis go mbeidh formhór na 44 teaghlach nach bhfuil srcúdaithe fós ag tuilleamh an deontas iomlán, fós féin tá laghdú suntasach tarlaithe sna ceantracha Fíorghaeltachta seo le bliain anuas, ar cheart a bheith ina chúis imní.
Sé Iarthar Dhuibhneach an t-aon cheantar Fíorghaeltachta atá fágtha i gCúige Mumhan agus tá an cuma ar an scéal go bhfuil laghdú mór ag tíocht ar an líon teaghlaigh atá ag úsáid na Gaeilge mar theanga baile sa gceantar. I mbliain amháin tháinig laghdú 10% ar an líon teaghlaigh sa gceantar atá i dteideal an deontas iomlán.
Le bliain anuas tá titim an mhór tarlaithe i gceantar Chois Fharraige i nDeisceart Chonamara. Seo é an ceantar a shíneann le cósta siar ón Spidéal chomh fada le Ros a' Mhíl. Tá 11 teaghlach fós le scrúdú sa gceantar seo agus fiú dá néireodh le gach teaghlach acu an deontas iomlán a fháil, fós bheadh laghdú 29 teaghlach in imeacht bliana sa líon teaghlach a fhaigheann an deontas iomlán.
Tá laghdú chomh maith le tabhairt faoi deara sa gCeathrú Rua agus i gCeantar na nOileán, an dá áit is láidre Ghaeilge sa tír. Ceantar eile a bhfuil lagú ag tíocht air le 5 bhliain anuas is ea Iorras Aithneach, ceantar Charna/Chill Chiaráin.
Ar an dtaobh eile den scéal tá feabhas beag le tabhairt faoi deara in Iarthuaisceart Dhún na nGall, sé sin an ceantar mór Gaeltacht a shíneann timpeall le cósta ó Ghaoth Dobhair chomh fada le Gort a Choirce, ceantar inar tharla titim mhór 10 mbliain ó shin.
Tá feabhas suntasach le tabhairt faoi deara i gceantar Ros Muc/Camus chomh maith ó anuraidh.
Tábla 1. Líon na dTeaghlach a fhaigheann an Deontas Iomlán faoi Scéim Labhairt na Gaeilge sna Ceantracha is láidre Ghaeltachta (Catagóir A).
Nóta: Sa tábla thuas tá na ceantracha Gaeltachta atá curtha i gCatagóir A, sa tuarascáil ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a rinne Acadamh na hOllscoilíochta don Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus a foilsíodh le gairid. Tá grúpáil déanta ar chuid dena togharoinncheantair (DED) isteach i gceantracha tíreolaíochta aitheanta. Mar shampla tá 3 DED sa gceantar Iorras Aithneach - Gabhla, An Cnoc Buí agus Scainneamh.
Na Breacgaeltachtaí i gCatagóir B:
Deineadh ceantracha Gaeltachta eile a rangú i gCatagóir B. Tugtar sa tábla thíos na hathraithe i líon na dteaghlach a fhaigheann an deontas iomlán sna ceantracha Breacghaeltachta seo. Tá na hiarratais ar fad scrúdaithe ag an bpointe seo sna ceantracha seo.
Seasann Gaeltacht na Rinne amach mar cheantar ina bhfuil méadú mór tarlaithe le 5 bhliain anuas i líon na dteaghlach a thuilleann an deontas iomlán. Le deich mbliain anuas tá an líon teaghlaigh a fhaigheann an deontas iomlán i nGaeltacht na Rinne méadaithe faoi thrí beagnach: ó 13 sa bhliain 1996/97 go 38 sa bhliain 2006/07.
Is deachair a thuiscint cén fáth ar cuireadh an DED ar a thugtar Ros, i gceantar Dhúiche Sheoighe, isteach i gCatagóir B. Seo é an ceantar thart ar Seana Faracháin. Is ceantar beag é agus níl ach thart ar 8 nó 9 teaghlaigh le gasúir scoile iontu ach is léir óna figiúirí seo nach bhfuil oiread is teaghlach amháin díobh ag fáil an deontas iomlán. I 2002 dúirt 65% de na daoine fásta sa gceantar seo go labhrann siad Gaeilge go laethúil ach is deachair a chreidiúint go mbeadh an Ghaeilge chomh láidir mar theanga laethúil agus nach mbeadh líofacht Ghaeilge ag roinnt dena gasúir sa gceantar.
Tábla 2. Líon na dTeaghlach a fhaigheann an Deontas Iomlán faoi Scéim Labhairt na Gaeilge sna Ceantracha Breacghaeltachta (Catagóir B).
(c) Donncha Ó hÉallaithe Nóta 1: Seo iad na ceantracha Gaeltachta ar fad atá curtha i gCatagóir B, sa Tuarascáil ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a chuir Acadamh na hOllsoilíochta ar fáil don Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Tá grúpáil déanta ar chuid de na togharoinncheantair isteach i gceantracha tíreolaíochta aitheanta ar nós An Ghaeltacht Lár. Nóta 2: Tá na hiarratais ar fad scrúdaithe sna ceantracha seo.
Ceantracha Eile Gaeltachta: I dTábla 3 tugtar roinnt dena ceantracha i gcatagóir C le léargas a thabhairt ar staid na Gaeilge iontu do réir torthaí SLG. Tá raon mór ann ó cheantracha ina bhfuil sciar mór dena teaghlaigh ag fáil an deontas iomlán ar nós An Falcharrach go ceantracha nach bhfuil oiread is teaghlach amháin ag fáil deontas ar nós Baile an Chláir in Achréidh na Gaillimhe.
Ardaíonn sin an cheist an bhfuil an slat tomhas a úsáideadh le ceantracha a chur i gCatagóir C fabhtach nuair atá Corr na Móna mar shampla sa gcatagóir céanna le Baile an Chláir; An Eacléim sa gcatagóir céanna le Acaill; Fanaid sa gcatagóir céanna leis an gClochán Liath agus Na Forbacha sa gcatagóir céanna le Cnoc na Cathrach i gCathair na Gaillimhe.
Tábla 3. Líon na dTeaghlach a fhaigheann an Deontas Iomlán faoi Scéim Labhairt na Gaeilge i roinnt dena Ceantracha i gCatagóir C.
(c) Donncha Ó hÉallaithe Nóta: Is ceantracha Gaeltachta iad seo atá curtha i gCatagóir C, sa Tuarascáil ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a chuir Acadamh na hOllsoilíochta ar fáil don Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Tá grúpáil déanta ar chuid dena togharoinncheantair isteach i gceantracha tíreolaíochta aitheanta ar nós Acaill, mar shampla, ina bhfuil 3 togharoinncheantar - Acaill, Corrán Acla agus Dumhach Éige. Ní thugtar sa tábla seo na ceantracha go léir i gCatagóir C. I roinnt dena togharoinncheantar ní thuairiscítear aon iarratas a bheith déanta ar SLG agus i roinnt eile ní fhaigheann aon teaghlach an deontas iomlán.
Ábhar Misnigh: Is ábhar misnigh agus dóchais an méadú atá tarlaithe le 5 bhliain anuas i líon na dteaghlach a fuair an deontas iomlán sa i nGaeltacht Phort Láirge agus i nGaeltacht Fanaide i dTuaisceart Dhún na nGall.
Ta méadú mór tagaithe ar an daonra sna bruachbhailte de Chathair na Gaillimhe atá aitheanta mar cheantar Ghaeltachta agus ardú dá réir tagaithe ar líon na dteaghlach a fhaigheann an deontas iomlán - ó 11 cúig bhliain ó shin go 18 i mbliana agus scrúdú le déanamh fós ar 2 iarratas. Ach is beag an céatadán é sin de na teaghlaigh ar fad a bhfuil cónaí orthu i gCathair na Gaeltachta a bheadh i dteideal cur isteach ar an scéim.
Tá trí oiread níos mó teaghlaigh ag fáil an deontas iomlán in Achréidh na Gaillimhe ná mar a bhí bliain ó shin ach ní údar ceiliúrtha é sin nuair a chuimhnítear gur méadú ó theaghlach amháin go trí theaghlach atá ann, i gceantar ina bhfuil na céadta teaghlach le gasúir scoile a bheadh i dteideal cur isteach ar an scéim.
Conclúid: Is gearr go mbeidh figiúr cruinn don bhliain á fhoilsiú ag an CSO den líon teaghlaigh i ngach DED Ghaeltachta le páistí scoile iontu. An uair sin beifear in ann a oibriú amach cén céatadán de na teaghlaigh, a bheadh in ann cur isteach ar Scéim Labhairt na Gaeilge i ngach ceantar, a fuair an deontas iomlán faoin scéim agus comparáid a dhéanamh leis na figiúirí is deireanaí ón Daonáireamh maidir le céatadán an phobail i ngach ceantar a deireann go labhrann siad Gaeilge taobh amuigh den córas scoilíochta go laethúil. Foinse 25 Samhain 2007 CTG - Baile! |