Mar a socraíodh ar 80% de na tithe a choinneal do chainteoirí
Ghaeilge
Bhí
Donncha Ó hÉallaithe i láthair ag an gcruinniú de Chomhairle Chontae na
Gaillimhe ar an Luan seo caite, 26 Samhain ag a leasaíodh an Dréachtphlean do Ghaeltacht na Gaillimhe. Faoin leasú
a deineadh ar an bplean beidh 80% ar a laghad dena tithe in aon scéim
tithíochta a thógfar sa cheantar Ghaeltachta ó Na Forbacha chomh fada siar leis
An Cheathrú Rua. Ní hamháin sin ach tá sé molta srianta a chur ar thithe singil
chomh maith sa gceantar Ghaeltachta taobh thiar den Coirib. Iontas agus
áthas, a bhí orm a chloisteáil go raibh faoin gComhairle Chontae a shocrú go
mbeadh 80% de na tithe in aon fhorbairt tithíochta óna Forbacha siar chomh fada
leis an gCeathrú Rua coinnithe do Ghaeilgeoirí líofa. 75% a bhí molta agam féin
don Spidéal. Mhol Roinn na
Gaeltachta 80% agus b'shin an coibhneas ar ghlac na Comhairleoirí leis ar an
Luan seo caite, gan éinne ag cur ina aghaidh. Ní hamháin sin ach socraíodh
chomh maith go mbeadh srian ar an 20% eile sna scéimeanna, i bhfábhar daoine
áitiúla nó daoine atá ag obair i bpost seasmhach san áit nó do dhaoine le
Gaeilge a bheadh ag iarraidh tíocht chun cónaithe sa Ghaeltacht.
Bhí mé i
láthair tráthnóna Luain seo caite nuair a ghlac an Chomhairle Chontae leis an
coibhneas 80%. Mhínigh Seán Ó
Tuairisg (FF) go
raibh go leor ama caite ag Comhairleoirí Chonamara ag plé na ceiste agus go
raibh siad aontaithe ar gach rud ach an tréimhse ama ar cheart srian a bheith
ar thithe aonair sa nGaeltacht taobh thiar den Chorrib faoin clásal "Neartú
Gaeltachta". Mhol an forbróir ó Bhaile Uí Chonghaile, Josie Conneely (FF) go mba cheart an 15 bhliain a laghdú go 7 mbliana.
Seo é an poinnte a bhí aige: cén fáth a mbeadh an srian 15 bhliain á chur i bhfeidhm ar theach aonair
in áiteacha i nGaeltacht Chonamara ar "English speaking areas" iad, ar nós An Caiseal agus Inis Ní, nuair nach raibh a leithéid de
shrian ar cheantracha laga Ghaeltachta taobh thoir de Ghaillimh, ina bhfuil an
Béarla in uachtar, ar nós Baile an Chláir. Chuidigh a chomhleacaí Séamas Walshe (FF) ó Uachtar Ard leis ach chinn sé
orthu aon tacaíocht eile a fháil ó chomhairleoirí Chonamara. Chuaigh Séamas Breathnach síos ar a ghlún ag impí ar Chonnie
Ní Fhatharta (FF)
tacaíocht a thabhairt don leasú. Bhí píosa breá cainte déanta ag Connie inar thug sí le fios go raibh sí
glan in aghaidh "coinníoll teanga" a bheidh leagaithe ar theach aonair ar aon
chaoi, cuma cén tréimhse ama a bheadh an srian i bhfeidhm. Ar ndóigh ní coinníoll teanga a bhí anseo
ach coinníoll a thabharfadh tús áite do dhaoine áitiúla, nó daoine ag obair go
háitiúl, nó daoine ag filleadh ón imirce nó daoine le Gaeilge ag iarraidh
bogadh isteach san áit. Mhínigh Seosamh
Ó Cuaig go
bhféadfaí teach a dhíol taobh istigh den tréimhse 15 bhliain le duine as na
aicmí a bhí luaite sa pholasaí "Neartú Gaeltachta". Ar ndóigh ní bheadh an coibhneas 80% á chur i bhfeidhm ar scéimeanna sna
ceantair siar ina bhfuil brú ar an
bpobal de bharr titim sa daonra. Dá dtógfadh duine "scéim cúig theach
thiar againne, seans go n-eagrófaí féile lena cheiliúradh", dúirt sé. Is i
nGaeilge amháin a bhí bundoiciméad an Dréachtphlean curtha ar fáil ag an Rannóg
Pleanála. Seachas aighneachtaí i mBéarla ón Fóram Pobail Iorras Aithneach agus
ó Chomharchumann Forbartha Árann Teo. is i nGaeilge a bhí na haighneachtaí a
chuir na heagraíochtaí Gaeltachta isteach agus is i nGaeilge a reachtáileadh an
díospóireacht faoi na moltaí a d'eascair as na haighneachtaí: na cluasáin á
gcaitheamh ag na daoine ar theastaigh aistriúchán comhuaineach uatha agus iad
ag éisteacht le Séamas Breathnach, Seosamh Ó Cuaig, Seán Ó Tuairisg, Connie
Ní Fhatharta agus
fear Orán Mór Jim Cuddy (P.D) ag usáid na Gaeilge lena bpoinntí a dhéanamh. Bhí nithe
spéisiúla le rá ag an gComhairleoir Seán Kyne (FG) ó Mhaigh Chuilinn le linn na díospóireachta.
D'admhaigh sé nach raibh Gaeilge líofa aige, cé gur as an nGaeltacht dhó. "I
come from an English speaking family and went to an English speaking school and
I am not proficient in Irish." Mhol sé go mba cheart go mbeadh Gaelscoil i
sráidbhaile Maigh Chuilinn, sa gcaoi is go mbeadh oideachas trí Ghaeilge ar fáil sa gceantar "and
people should be encouraged to send their children to it." Bhí moladh fiúntach eile aige le
tacú leis an nGaeilge i nGaeltachtaí laga: ceantracha a zónáil i Maigh
Chuilinn agus i mBearna le haghaidh scéimeanna tithíochta,
a bheadh teoranta do theaghlaigh ina mbeadh duine amháin ar a laghad de na
tuismitheoirí ina chainteoir líofa Ghaeilge. Maidir leis
fad an tréimhse ama, a mbeadh tithe faoi shrian ag an gclásal "Neartú
Gaeltachta" dúirt sé an méid seo go neamhbhalbh: "the only people who have
concerns about enurement clauses are people who are speculating." Ba léir go
raibh go leor ama caite ag na comhairleoirí ag plé ceist na Gaeilge ó mhaidin
le oifigigh an Chomhairle Chontae agus sa deire ba é an ceathrú dréacht den
polasaí nua lonnaíochta don Ghaeltacht a cuireadh os comhair an Chomhairle
Chontae tráthnóna Dé Luain. Cuirfear an
Dréachtphlean don Ghaeltacht, mar atá sé leasaithe ag na Comhairleoirí Chontae,
os comhair an phobail arís roimh an Nollaig agus tabharfar tréimhse roinnt
seachtainí do dhaoine nó do eagraíochtaí a ndearcadh a léiriú i leith na
leasaithe atá déanta. Mí na Márta
seo chugainn tiocfaidh sé os comhair na gComhairleoirí aríst. Má glactar leis an uair sin, ba chóir go mbeadh sé níos éasca cead
pleanála a fháil le teach aonair a dhéanamh i gceantar ar bith sa Ghaeltacht má
bhaineann tú le aon cheann dena aicmí daoine seo a leanas: daoine dúchasacha ó
Ghaeltacht Chonamara, daoine atá ag obair nó ag cur fostaíocht ar fáil san áit,
daoine le Gaeilge atá ag iarraidh bogadh isteach sa Ghaeltacht, daoine nó a
gclann atá ag iarraidh filleadh ón imirce. Ní iontas ar bith gur tugadh Neartú
Ghaeltachta ar an bpolasaí nua lonnaíochta seo. Críoch Foinse 2/12/2007 Foinse 2/12/2007 |
Tuairisc sa meáin Bhéarla
Cúrsaí pleanála i nGaeltacht na Gaillimhe (acmhainní éagsúla)
Seán Ó Tuairisc Josie Conneely Séamus Walsh Connie Ní Fhatharta Seosamh Ó Cuaig Jim Cuddy Seán Kyne |