Réamhrá:
In alt 8.1 d'Acht um Údarás na Gaeltachta 1979 tá sé leagaithe
síos gurb é seo a leanas an chéad fheidhm atá ag Údarás na Gaeltachta:
"Déanfaidh an tÚdarás caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar
phríomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht a spreagadh agus cinnteoidh sé gurb í an
Ghaeilge a úsáidfear a mhéid is féidir nuair a bheidh a fheidhmeanna á
gcomhlíonadh aige agus thar a cheann."
Do réir na fianaise atá ar fáil tá teipithe ar Údarás na
Gaeltachta an fheidhm sin a chomhlíonadh. Ó bunaíodh an tÚdarás is ag cúlú atá
an Ghaeilge 'mar phríomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht' agus tá obair
an Údaráis ag cuidiú leis an gcúlú sin, tré deontais fostaíochta a chur ar fáil
gan chúinsí teanga a chur san áireamh.
Tá sé mar nós ag an Údarás gan Ghaeilge a usáid i go leor réimsí
oibre de chuid na heagraíochta, ar a áirítear déileál le eagraíochtaí eile
stáit, cúrsaí oiliúna a chuirtear ar bun agus cumarsáid inmhéanach san
eagraíocht. Is nósmhaireacht é seo
atá ag tíocht salach ar Mír 8.1 de Acht an Údaráis 1979.
Tá sé ráite ag taighdeoirí go bhfuil droch thionchar ar staid na
Gaeilge mar phríomhtheanga cumarsáide ag cuid dena tionscail a mheallann an
tÚdarás le lonnú sa Ghaeltacht. Ní léir go dtugann Ardbhainistíocht nó Bord an
Údaráis aon aird ar an dtaighde seo .
Tá maoin an Údaráis dhá dhíol thar na mblianta gan cúinsí teanga
curtha san áireamh.
Ní léir go bhfuil aon mhonatóireacht ná taighde ar bun ag Údarás
na Gaeltachta ar an dtionchar a bhíonn ag na tionsnaimh tionscailíochta ar
staid agus úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Ní léir ach oiread go ndéantar
meastóireacht seachtrach ar scéimeanna éagsúla an Údaráis.
Níl aon saineolas sochtheangeolaíochta ar Bhord an Údaráis ná
fostaithe ag an Údarás agus ní léir go n-iarrtar ar sochtheangeolaithe
seachtracha comhairle a thabhairt don Údarás maidir le cur chuige agus stáitéis
caomhnaithe teanga a cheapadh is a chur i bhfeidhm.
Ní léir go bhfuil Bord an Udaráis ag feidhmiú mar ar chóir do
Bhord Stáit feidhmiú: ag leagan síos polasaí ginearálta na heagraíochta agus ag
féachaint chuige go bhfuil na feidhmeanna reachtúla á gcomhlíonadh.
Ní léir go dtuigeann cuid mhaith de ardbhainistíocht an Údaráis,
go bhfuil dualgas reachtáil ar an eagraíocht maidir le Gaeilge a usáid san
eagraíocht féin, le eagraíochtaí stáit eile agus le pobail na Gaeltachta, chomh
fada agus is féidir.
Ní léir go bhfuil aon mhonatóireacht á dhéanamh ag Údarás na
Gaeltachta ar chomhlíonadh na
gcoinníollacha teanga, a ghabhann le conradh faoina íoctar deontais agus
ní léir go gcuirtear aon phionós ar chomhlachtaí a theipeann orthu na
coinníollacha teanga a chur i bhfeidhm.
Mar gheall ar an airgead substaintiúl stáit atá infheistithe sa
Ghaeltacht, tá cuid dena ceantracha Gaeltachta an tarraingteach mar áiteacha
cónaí do dhaoine nach bhfuil aon Ghaeilge acu ná bá acu don Ghaeltacht. Tá na
daoine gan Ghaeilge a bhogann isteach sa Ghaeltacht de bharr infheistíocht an
Údaráis ag cur brú ar an nGaeilge mar gnáth theanga labhartha sa phobal.
Níor caitheadh ach sciar an bheag de bhuiséad an Udaráis ar
tionscnaimh teanga.