|
ANAILÍS AR AIGHNEACHTAÍ ÓN bPOBAL
MAIDIR LE hATHBHREITHNIÚ AR CHUMHACHTAÍ AGUS FHEIDHMEANNA ÚDARÁS NA GAELTACHTA
Réamhrá
Tá athbhreithniú cuimsitheach ar
chumhachtaí agus fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta ar siúl faoi láthair ag an
Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Mar thoradh ar an athbhreithniú seo táthar ag súil moltaí a
chur faoi bhráid an Rialtais chun an reachtaíocht faoina fheidhmíonn an tÚdarás
faoi láthair a leasú mar is cuí.
Mar chuid den phróiseas athbhreithnithe seo, thug an tAire Gnóthaí
Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, T.D., cuireadh don phobal
aighneachtaí a chur faoina bhráid. Fuarthas 67 aighneacht mar thoradh ar an
gcuireadh. Déantar anailís neamhspleách ar na
haighneachtaí sin sa doiciméad seo.
Tá moltaí ábhartha a bhí sna haighneachtaí a bhfuarthas i ndáil le
hobair Choimisiún na Gaeltachta curtha san áireamh. Ar dtús tugtar osradharc ginearálta ar na haighneachtaí mar
aon leis na príomhtheachtaireachtaí atá léirithe iontu. Déantar na príomhmholtaí a aimsiú agus
a rangú de réir aicmí. Ar
deireadh, tugtar léargas ar an gcreatlach cuí faoina bhféadfaí déileáil leo.
Osradharc Ginearálta
Cuireadh líon mór aighneachtaí ar
fáil ar chuireadh an Aire. Baill
aonaracha den phobal i gcoitinne agus de phobal na Gaeltachta ach go háirithe,
ag scríobh thar a gceann féin nó thar cheann a gcomhlachtaí príobháideacha, a
d'ullmhaigh thart ar leath díobh.
Is cosúil gur suim phearsanta sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht a spreag a
bhformhór le haighneacht a ullmhú.
Lucht gnó is ea cuid bheag díobh atá i mbun gnó sa Ghaeltacht nó ag a
mbíonn ceangal gnó acu ó am go chéile le hÚdarás na Gaeltachta. Níor chuir ach fíor-bheagán de na
comhlachtaí atá bunaithe sa Ghaeltacht le tacaíocht an Údaráis aighneacht ar
fáil. Sholáthair eagrais phobail
suas le leath de na haighneachtaí.
Tháinig mórchuid díobh seo ó eagrais phobail Ghaeltachta ar a n-áirítear
comharchumainn agus coistí pobail.
Sholáthair eagrais náisiúnta reachtúla agus saorálacha, atá bainteach le
saol na Gaeilge, sciar beag eile díobh.
Údarás áitiúil amháin agus bord forbartha contae amháin a chuir
aighneacht ar fáil. Chuir ceardchumann
in Údarás na Gaeltachta agus bord na heagraíochta féin aighneacht ar fáil,
araon. Staid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus
ról criticiúil Údarás na Gaeltachta i dtaca leis sin, an téama is treise a
ritheann trí na haighneachtaí.
Tuigtear don phobal go bhfuil an Ghaeilge ag cúlú go mór mar
ghnáthurlabhra sa Ghaeltacht, gurb í seo uair na cinniúna chomh fada agus a
bhaineann sé le slánú na Gaeilge mar theanga phobail, agus go bhfuil lámh ag an
Údarás sa chúram seo. Cuirtear i
leith Údarás na Gaeltachta in aighneachtaí áirithe go bhfuil sé ag cur le meath
na Gaeilge sa Ghaeltacht, de bhrí nach bhféachtar chuige go gcomhlíonann na
comhlachtaí a dtacaíonn sé leo a gcuid dualgas i leith na Gaeilge. Deirtear in aighneachtaí eile go
bhfuil drochthionchar díreach ag na cleachtais teanga atá ag cuid d'fhoireann
an Údaráis féin ar staid na Gaeilge sa phobal. Teachtaireacht an-láidir sna haighneachtaí maidir leis an
ábhar seo ná nach bhfuil Údarás na Gaeltachta dírithe go leor ar chúrsaí teanga
d'ainneoin go dtuigtear d'údair na n-aighneachtaí seo gur chuige sin a bunaíodh
é an chéad lá riamh. Luaitear an
sciar beag de bhuiséad iomlán an Údaráis a chaitear ar chur chun cinn na teanga
mar fhianaise ar an bhfaillí atá á déanamh ar an gcúram seo. Mínítear in aighneachtaí áirithe go
bhfuil lámha an Údaráis ceangailte go mór chomh fada is a bhaineann sé le
caiteachas a dhéanamh sa réimse seo. Tugtar creidiúint mhór don Údarás as
an bhfeabhas atá tagtha ar chúrsaí eacnamaíochta sa Ghaeltacht le roinnt
blianta. Luaitear an fhostaíocht
atá ar fáil i gcuideachtaí a mealladh chun na Gaeltachta ón taobh amuigh agus i
gcomhlachtaí dúchasacha freisin.
Tá tuiscint léirithe ar an mbaint atá ag an bhfostaíocht sin le srian a choimeád
ar eisimirce ar thóir oibre agus le pobail inmharthana a bheith anois ina lán
ceantair Ghaeltachta. Tríd is tríd
tá sé soiléir go bhfuiltear an-sásta leis an Údarás maidir leis an ngné seo dá
chúram ach fós féin tá go leor ábhar gearáin sna haighneachtaí ina measc §
go
bhfuiltear ag tacú le tionscnaimh beag beann ar an mbaol gur aimhleas na teanga
a bheadh mar thoradh orthu, §
nach
bhfuil béim go leor ar thacú le fiontraíocht dhúchasach seachas a bheith ag
brath ar infheistíocht eachtrannach, §
nach
bhfuil cuid mhór den fhostaíocht atá á cruthú ag teacht le mianta fostaíochta
ná le hardcháilíochtaí oideachais agus ardscileanna aos óg na Gaeltachta, §
nach
gcuidítear go leor le hearnálacha dúchasacha ar nós na feirmeoireachta agus na
hiascaireachta, §
nach
bhfuil an turasóireacht, mar atá sí á forbairt, fréamhaithe go leor i ndúchas
na Gaeltachta, §
nach
bhfuil go leor béime go fóill ar earnálacha nuálacha ar nós tionscal na teanga
nó an eacnamaíocht shóisialta, agus §
nach
bhfuil cothrom na féinne á fháil ag na ceantair Ghaeltachta thearc-fhorbartha ar
a n-áirítear na hoileáin.
Pleanáil agus Bonneagar Fisiciúil
Is léir ó na haighneachtaí go bhfuil
pleanáil fhisiciúil na Gaeltachta mar chnámh spairne mhór sa Ghaeltacht. Ar lámh amháin, braitheann siad go
bhfuil an córas pleanála ag cur cosc ar dhaoine de bhunú na Gaeltachta cur
fúthu ina gceantair dhúchasacha mar gur minic nach mbíonn ar a gcumas cead
pleanála a fháil ar bhonn timpeallachta nó ar chúis éigin eile. Ar an lámh eile, ní léir go bhfuil na
húdaráis phleanála uile ag tabhairt na cosanta reachtúla is dual di don
Ghaeilge sa chaoi is go bhfuil ceantair áirithe Gaeltachta á mbá ag forbairtí
nach mbaineann le pobal na Gaeltachta in aon chor. Cé go ndéantar tagairtí in aighneachtaí áirithe don ról
comhairleach atá ag Údarás na Gaeltachta i gcúrsaí pleanála agus don riachtanas
leis an ról sin a fheidhmiú go díograiseach, is í an teachtaireacht is treise
atá iontu maidir leis an ábhar seo, ná go bhfuil géarghá le cumhachtaí pleanála
an Údaráis a neartú go mór, ionas go mbeadh ar a chumas déileáil mar ba chóir
le pleanáil na Gaeltachta. Déantar trácht go minic ar staid
fofhorbartha bonneagar fisiciúil na Gaeltachta agus moltar iarrachtaí an
Údaráis le leathanbhanda a chur ar fáil.
Ach is léir gur beag ná sásta atáthar leis an mbonneagar mar atá sé agus
go gceaptar gur gá don Údarás dul i ngleic leis an earnáil seo ar bhonn níos
cuimsithí ná mar atá déanta aige go dtí seo.
Bonneagar Sóisialta
Léirítear easnaimh mhóra i
mbonneagar sóisialta na Gaeltachta i gcuid mhaith aighneachtaí. Tá áiseanna spóirt agus chaitheamh
aimsire mar aon le hionaid shóisialta don aos óg i measc na n-easnamh is
coitianta a luaitear. Tráchtar
freisin ar na laigí a bhaineann le seirbhísí teaghlaigh, seirbhísí do dhaoine
aosta agus seirbhísí cúram leanaí.
Fiú nuair atá fáil ar sheirbhísí sóisialta is léir gur minic nach mbíonn
fáil gan cheist orthu trí mheán na Gaeilge. Samhlaítear ról lárnach i bhforbairt an bhonneagair
shóisialta le hÚdarás na Gaeltachta féin.
Tugtar moladh don Údarás as ucht a ndéanann sé faoi láthair sa réimse
seo agus go háirithe as an lámh atá aige i soláthar naíonraí agus naíolanna ar
fud na Gaeltachta. Moltar go gcuirfeadh an tÚdarás
breis tacaíochta ar fáil d'eagraíochtaí pobail agus go rachadh sé i
gcomhpháirtíocht leo le háiseanna sóisialta agus siamsaíochta a fhorbairt agus
a riaradh. Moltar freisin go ndéanfadh
an tÚdarás monatóireacht ar sholáthar seirbhísí sóisialta tríd an státchóras
agus go ndéanfadh sé idirghabháil le haon eagraíocht nach raibh ag freastal go
sásúil ar an nGaeltacht.
Oideachas
Tá béim mhór ar oideachas ina lán
aighneachtaí agus is léir uathu go bhféachtar ar an gcóras oideachais mar
fheithicil an-tábhachtach i seachadadh na Gaeilge ó ghlúin go glúin sa
Ghaeltacht. Níltear sásta in aon
chor leis an gcóras atá i réim. Is
cosúil gur beag aitheantas a thugtar sa chóras do riachtanais oideachais ar
leith na Gaeltachta. Múintear an
curaclam céanna, a bheag nó a mhór, sa Ghaeltacht agus a múintear ar fud na
tíre. Toisc gan aon idirdhealú a
bheith á dhéanamh idir daltaí Gaeltachta le Gaeilge ón gcliabhán, agus daltaí a
thógtar le Béarla ar fud na tíre, is beag saibhriú atá an t-oideachas ag
déanamh ar Ghaeilge na leanaí a thógtar le Gaeilge sa chéad áit. Tá fadhbanna breise ag baint le leanaí
áirithe nach í an Ghaeilge an teanga teaghlaigh, a bheith ag freastal ar
scoileanna Gaeltachta agus ag súil le hoideachas dátheangach nó trí Bhéarla fiú
amháin. I measc na bhfadhbanna eile a
luaitear, áirítear easpa líofachta sa teanga i measc múinteoirí nuacháilithe,
easnaimh mhóra maidir le hábhair fhoghlama as Gaeilge, agus bearnaí sa soláthar
oideachais trí Ghaeilge ag leibhéil éagsúla agus go mór mór ag an tríú
leibhéal. Tugtar aitheantas don infheistíocht
atá á déanamh ag Údarás na Gaeltachta sa luathoideachas. Is léir go bhfuiltear an-bháúil le
forbairtí oideachais tríú leibhéal atá idir lámha sa Ghaeltacht agus moltar ról
an Údaráis sa chúram sin. An
teachtaireacht is treise atá sna haighneachtaí, áfach, ná go bhfuil an córas
oideachais an-lochtach sa mhéid is nach bhfuil sé curtha in oiriúint don
Ghaeltacht agus an-easnamhach maidir le feidhmiú an chórais trí Ghaeilge. Dá bhrí sin, áitítear gur gá ról
lárnach a thabhairt do Údarás na Gaeltachta san earnáil seo i dtreo is gur
féidir leis a bheith dlúthpháirteach i bhforbairt oideachais Ghaeltachta.
Bord agus Foireann
Díol suntais an líon mór
aighneachtaí a dhéanann trácht ar an mbord agus ar an bhfoireann, go háirithe
ós rud é gur ar chumhachtaí agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta amháin a hiarradh iad i dtús
báire. Is cosúil gur beag duine
atá sásta le bord Údarás na Gaeltachta mar atá sé curtha i dtoll a chéile i
láthair na huaire. Toisc baill a bheith
tofa ó thoghlaigh gheografacha áitiúla, cuirtear ina leith go bhfuil
paróisteachas ag baint leo.
Deirtear freisin go bhfágtar ceantair áirithe mar na ceantair bheaga
Ghaeltachta agus na hoileáin gan ionadaí tofa. Gearán gaolmhar eile ná gur ar bhonn daonra atá na toghlaigh
bunaithe agus gur cuma an bhfuil an Ghaeilge á labhairt ag an daonra sin nó
nach bhfuil. Lochtaíonn daoine
áirithe an bord toisc é a bheith i ngreim ag na páirtithe polaitiúla. B'fhearr leo gur ionadaithe ó
eagraíochtaí pobail seachas polaiteoirí a bheadh le toghadh ar an mbord. Áitítear go bhfuil daonlathas na rannpháirtíochta
ar a laghad chomh tábhachtach leis an daonlathas tofa. Laige eile a chuirtear i leith an
bhoird mar atá sé comhdhéanta faoi láthair ná easpa saineolais
sochtheangeolaíoch agus gnó, dhá réimse eolais criticiúla d'obair an
Údaráis. Áitítear gur daoine leis
na scileanna céanna agus leis an gcúlra agus taithí chéanna a thoghtar go
hiondúil. Deirtear chomh maith gur
nós anois ionadaithe fostóirí agus ceardchumann a bheith ar bhord mar é agus
éilítear ionadaíocht ar leith thar cheann fhoireann an Údaráis féin ar an
mbord. Moltar an t-iliomad leasú a
dhéanamh ar an mbord. Níl siad go
léir ag teacht lena chéile ach tá sé le brath uathu go bhfuil éileamh láidir ar
bhord níos ionadaíoch ar an bhfíor-Ghaeltacht agus ar na páirtithe sóisialta,
mar aon le saineolaithe sna réimsí is lárnaí do chúram an Údaráis. Déantar go leor tagairtí d'fhoireann
Údarás na Gaeltachta agus don bhealach ina bhfeidhmíonn sí a dualgais sa
Ghaeltacht. Ní léir an ar na
feidhmeannaigh nó ar an mbord atá an locht ach is cosúil go bhfuil go leor
daoine sa Ghaeltacht gan eolas ar imeachtaí na heagraíochta fiú ina gceantair
féin. Is deacair a rá go bhfuil
seilbh glactha ag an bpobal ar straitéis fhorbartha na heagraíochta agus é le
brath gurbh amhlaidh atá an tÚdarás ag feidhmiú thar cheann an phobail seachas
i gcomhghuaillíocht leis. É sin
ráite, moltar baill ar leith den fhoireann as a ndíograis agus as a
bproifisiúntacht i mbun oibre i measc an phobail. Moladh coitianta sna haighneachtaí
ná go ndéanfaí atheagrú bunúsach ar fhoireann an Údaráis ar bhealach
comhthreomhar leis na hathruithe móra a shamhlaítear le clár oibre na
heagraíochta sa todhchaí. Dírítear
aird ar mholadh Choimisiún na Gaeltachta 2002 sa chomhthéacs seo. Tagraítear go sonrach don riachtanas
atá ann le baill foirne le cáilíochtaí proifisiúnta cuí i réimsí ar nós na
sochtheangeolaíochta agus na pleanála fisiciúla a earcú, ionas go mbeadh an
tÚdarás in ann a dhualgais a chomhlíonadh go héifeachtach. Moltar chomh maith go gcothófaí
díograis i measc na foirne ar bhealaí éagsúla ar nós buaine agus ardú céime a
cheangal níos dlúithe le dúthracht agus torthaí oibre. Is beag béime a leagtar sna
haighneachtaí ar bhuiséad iomlán an Údaráis ach moltar é a roinnt go cothrom ar
na rannóga a chruthófaí mar chuid den athstruchtúrú atá luaite thuas.
Ginearálta
Go ginearálta, is dearcadh dearfach
a léirítear sna haighneachtaí faoi Údarás na Gaeltachta. Tá corr cheann atá fíor-dhiúltach faoi,
ach thairis sin, is ar mhaithe le barr feabhais a chur ar an eagraíocht is mó a
déantar cibé cáineadh atá iontu.
Feictear Údarás na Gaeltachta mar an eagraíocht is lárnaí do shaol na
Gaeltachta i láthair na huaire.
Tugtar creidiúint don Údarás as an lámh a bhí aige i bhforbairt
eacnamaíoch na Gaeltachta agus as feabhas mór a chur ar chaighdeán maireachtála
agus ar shaol sóisialta na Gaeltachta le cúig bliana is fiche anuas. Níl an pobal sásta lena bhfuil déanta ag
an Údarás leis an nGaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn mar theanga phobail
sa Ghaeltacht. Is léir go bhfuil
laincisí reachtúla áirithe ar an Údarás maidir le feidhmiú go héifeachtach sa
réimse seo. Is beag tionchair atá ag Údarás na
Gaeltachta ar réimsí éagsúla, ar nós an oideachais, atá lárnach do sheachadadh
teanga ó ghlúin go glúin. Is léir
go mbraitheann an pobal gur próiseas ilghnéitheach atá i bhforbairt na
Gaeltachta, leis an saol eacnamaíoch, sóisialta, cultúrtha agus teanga fite
fuaite lena chéile agus dá bhrí sin, gur gá tabhairt faoi ar bhonn
comhtháite. Tuigtear dóibh go
bhfuil a lán eagraíochtaí le feidhm sa Ghaeltacht nach bhfuil ag comhlíonadh a
ndualgas reachtúil i leith na Gaeltachta.
Táthar ag cur muiníne in Údarás na Gaeltachta agus ag súil go dtabharfar
na cumhachtaí agus na hacmhainní dó le cur ar a chumas tabhairt faoi fhorbairt
na Gaeltachta ar bhealach chuimsitheach agus comhordaithe. |