Teannas idir O hAoláin agus Comhairleoirí maidir leis na coinníollacha Gaeilge

Tuigtear go bhfuil roinnt Comhairleoirí Contae i gConamara mishásta go maith faoi ghniomaíocht Príomh Fheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Pádraig Ó hAoláin faoi cheist na geoinníollacha teanga sa gcóras pleanála.

Chuir Pádraig Ó hAoláin roinnt moltaí faoi bhráid cruinnithe sa Spidéal os cionn seachtaine ó shin faoi cheist na gcoinníollacha Gaeilge agus mhol sé gur cheart do Chomhairleoirí ContaeChonamara fanacht scaitheamh eile sul a ndéanfadh siad aon athrú ar an gcóras i nGaeltacht na Gaillimhe.

Creideann cuid de na Comhairleoirí - atá ina mbaill freisin do Bhord Údarás na Gaeltachta - gur tháinig na moltaí seo aniar aduaidh orthu féin. Dúirt cuid de na Comhairleoirí go mbíonn orthusan aird a thabhairt ar thuairimi ar fud an phobaul uilig chomh maith le tuairimí a tugtar ag cruinnithe, seimineáir agus ócáidi eile.

Mar shampla, dúradh go raibh ionadaithe as roinnt ceantair ag cruunnú an Spidéil ach nár tháinig duine ar bith mórán ann as cuid mhaith de Chonamara agus Árainn.

Dúirt Pádraig Ó hAoláin go raibh diomú air féin nár ghlac na Comhairleoirí leis an iarratas go bhfanfadh siad scaitheamh eule ionas go bhféachfaí a theacht ar mhúnla aontaithe faoi cheist na gcoinníollacha Gaeilge.

Mar a tharla sé, is beag cainte ar chor ar bith a tharraing ceist na gcoinniollacha Gaeulge ag an gcruinniú fada a bhí ag Comhairleoirí Contae Chonamara faoi leasú Phlean Forbartha na Gaillimhe. Mhair an cruinniú sin 14 uair an chloig agus rinneadh réiteach faoi na coinníollacha Gaeilge in imeacht 20 noiméad.

Mhínigh an bainisteoir pleanála go raibh na moltaí seo a leanas faighte aige ó Chomhairleoirí Chonamara:

  • Nach mbeadh aon chéatadáin tithe dá gcur go leataobh le haghaidh Gaeilgeoiri i bpobail nach raibh nios mó ná 20% ag rá sa Daonáireamh go raibh siad siad ag labhairt Ghaeilge
  • Go bhfágfai cúrsaí coinníollacha mar atá siad idir Bearna agus an Cheathrú Rua;
  • Go mbeadh cead ag daoine tithe a cheannacht in eastáiteanna i sráidbhailte sa gceantar CLÁR sna cásanna seo: duine as an áit; duine a bheadh ag obair go buan san áit, ná ag cruthú fostaiochta sa gceantar; imircigh a bheadh ag filleadh ar a gceantar dúchais; clanna imircigh as an gceantar; Gaeilgeoirí as áit ar bith sa domhan.

    Mhol an Comhairleoir Seán Ó Tuairisg go nglacfaí leis seo agus chuidigh an Comhairleoir Séamus Breathnach leis. Glacadh leis d'aonghuth.

    Dúirt Sean Ó Tuairisg go mba facthas dóibh gur socrú ciallmhar agus féaráilte a bhi ann a chuideodh leí s an nGaeilge agus leis an bpobal. Dúirt Seosamh Ó Cuaig nach raibh siad ag cur deireadh le coinniollacha Gaeilge ach dá n-athrú. "Tá muid ag iarraidh rud casta go maith a dhéanamh, sin an pobal a choinneáil beo agus an Ghaeilge a choinneáil láidir. Silim go bhfuil iara mhaith tugtha againn faoi."

    Mairtin O Cathain Foinse 30/7/2006