Léiriú eile ar chur i gcéill na dteorainneacha

Má bhí tuilleadh fianaise ó éinne a raibh amhras orthu faoi chiall na dteorainneacha Gaeltachta mar atá, tá san anois acu.

De réir anailis nua Dhonnacha Ui hÉallaithe ar Foinse na seachtaine seo, tá daonra nios mó anois i 'nGaeltacht' chathair na Gaillimhe ná mar atá sa Ghaeltacht is láidre sa tir, Gaeltacht Chonamara Theas (ó na Forbacha go Carna).

Cruthúnas eule é seo ar a dhichéillí is atá na teorainneacha oifigiúla Gaeltachta agus ar an gcur i gcéill leanúnach atá ag cur bac roimh chosaint agus chaomhnú na Gaeilge mar theanga phobail san fhíorGhaeltacht.

Conas is féidir plean teangeolaíochta a chur i bhfeidhm do chosaint na Gaeilge sa Ghaeltacht nuair atá formhór de dhaonra Ghaeltacht na Gaillimhe ag cur fúthu gceantar nach bhfuil an Ghaeilge aon phioc nios láidre ann ná ceantair éagsúia eule ar fud na tire? Ni féidir.

Beidh sé dodhéanta fis nó straitéis don Ghaeitacht a fhorbairt agus a chur i bhfeidhim a fhad is gur ann do na bréagtheorainneacha Gaeltachta seo.

Chonacamar le déanai an chonspóid a bhain leis an gcoinníol teanga sa chóras pleanála sa Ghaillimh agus an tslí gur féidir na teoranneacha Gaeltachta a úsáid chun an bonn a bhaint d'iarrachtaí stuama cosaint chuí a lorg don teanga sa chóras pleanála.

Tá go leor impleachtai eule ag baint leis an status quo do chás na Gaeilge sa Ghaeltacht, gan trácht ar an amhras a chaitheann na teorainneacha ar inchreidteacht thoghcháin Údarás na Gaeltachta.

Tá geallta ag an Aire Ó Cuív go ndéanfar athbhreithniú ar na teoramnneacha oifigiúla Gaeltachta ach an mórstaidéar teangeolaíochta atá ar bun faoi láthaur a bheith foilsithe san Fhómhair. Is minic pobal na Gaeilge ag cáiseamh ciniciúlacht thráchtairi áirithe faoin nGaeilge agus faoin meoin gur cur i gcéill atá in iarrachtaí an Ghaeilge a thabhairt slán. Argóint iontach ag na daoine seo iad teorainneacha oifigiúla na Gaeltachta. Nios measa ná sin, tá siad ina gconstaic roimh iarrachtaí stuama tabhairt faoi fhadhbanna na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Ni féidir ceist pholaitiúil a dhéanamh de seo. Táimid ag súil go dtabharfaidh an tAire Ó Cuív faoin gceist seo le teann misnigh agus macántachta. Táthar róthada ag tarraingt na gcos agus tá sé lán-am teorainneacha na Gaeltachta a atarraingt.

Eagarfhocal Foinse 6/8/2006

Comhairleoirí ag iarraidh pleanálaithe sinsearacha

Tuigtear go bhfuil roinnt de Chomhairleoirí Contae Chonamara ag iarraidh go gcinnteodh bainisteoir Chomhairle Chontae na Gaillimhe gur pleanálaithe a mbeadh neart taithi acu a chuirfí ag plé le iarratais ar chead pleanála i gConamara.

Is cosúil go bhfuil go leor mishástachta i measc roinnt de na Comhairleoirí faoi láthair faoi chúrsai pleanála i gceantar Chonamara agus go bhfuil sin curtha in iúl do bhainisteoir na Contae, Pádraig Ó Gallchobhair. Creideann Comhairleoirí nár cheart go gcuirfí pleanálaithe nach bhfuil taithí mhaith acu ag obair in áit ar nós Chonamara agus Árainn de bharr a bhfuil de cheisteanna casta le réiteach i gceantair mar sin.

Máirtín Ó Cathain Foinse 6/8/2006