Conspóid maidir le liosta iarrthóiri phobalbhreith RTÉ RnaG

Thug an Comhairleoir Contae as Conamara Seosamh Ó Cuaig le fios an tseachtain seo go bhfuil sé mishásta go raibh a ainm luaite e pobalbhreith RTÉ RnaG ar an Olltoghchán i nGail!imh Thiar. Bhí ainm an comhairleora neamhspleách Seosamh O Cuaig, atá ag obair do RTÉ RnaG, i mease na n-iarrthóiri don phobalbhreith in ainneoin nach bhfuil fogra tugtha aige go mbeadh sé ag seasamh. Tharraing sé seo aird nuair nach raibh ainmineacha Dhónal Lyons ná Thomas Welby - beirt iarrthóir a chreidtear go forleathan a bheas ag seasamh don Pháirti Daonlathach san olltoghachán ach nach bhfuil fógra oifigiúil déanta acu - san áireamh.

Ni raibh aon chaint go mbeadh an bheirt eile ag seasamh nuair a cuireadh an bhréagballóid le chéile i mí Feabhra, a deir leascheannaire RTÉ RnaG Dónal Ó Braonáin agus bhi caint ar Ó Cuaig. "Bhi scéal nuachta againn ar RnaG i mí na Nollag ina raibh sé ráite go raibh teagmháil déanta ag roinnt páirtithe polaitíochta leis an gComhairleoir Ó Cuaig maidir le seasamh dóibh san Olltoghchán. Bhí muid ag dul siar is aniar leis agus ar deireadh thóg muid cinneadh eagarthóireaehta a ainm a chur san áireamh mar gur chreid muid go mbeadh spéis ag an lucht éisteachta ann," a mhinigh Ó Braonain.

Tuille faoin bPoballbhreith seo
De réir thorthai na pobalbhreithe a rinne MRBI thar ceann RTÉ RnaG ta Éamon Ó Cuív (FF) go mór chun tosaigh agus 27% den chéad rogha aige. Tá 13% den vóta ón sampla 500 duine a ceistíodh ag a chomhghleacaí Frank Fahey. Ceaptar gur aige a bheas an dara suiochán sa dáileheantar nuair a bheas aistriúcháin Uí Chuív curtha san áireamh.

Is ag Niail Ó Brolcháin ón Chomhaontas Glas a bheas suiochán eile de réir na pobalbhreithe. Tá an chuma air go dtiochaidh Michael O. Higgins ón Lucht Oibre slán leis, iad beirt ar 11% den chéad rogha. Ón bpobalbhreith tá coimhlint ghéar i ndán don chúigiú suíochán agus is idir Noel Grealish (PD), 8%, Pádráig McCormack (FG) le 7% agus Michael Crowe (FF), 7%, a bheas an cath.

Cuireadh roinnt ceisteanna eile mar chuid den phobalbhreith i dtaobh mhorcheisteanna an phobail ag tarraingt ar an olltoghehán. Léiríodh gurb iad seirbhisi sláinte agus ospidéil (42%) agus cúrsai coiriúlachta/dli is cirt (26%) na saincheisteanna is suntasai do vótálaithe Ghaillimh Thiar agus tá imni mhór á déanamh faoi cheist na mbóithre freisin (25%).

Bhi ceisteanna forbartha áitiúla san áireamh ehomh maith, bhi 59% acu siúd a ceistiodh i bhfábhar bóthar náisiúnta a fhorbairt idir cathair na Gaillimhe agus Ros a'Mhil. Bhi 49% de na daoine a ceistiodh i bhfábhar calafort domhain-mhara a fhorbairt i Ros a' Mhil mar atá pléite le tamall anuas.

Michelle Ni Chasarlaigh & Bridget Bhreathnach Foinse 1/4/2007

Baile